Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?

Ná tugaimis aon aird ar an dream a bhíonn maoithneach i ndiaidh ‘na seanlaethanta’ - tá stair ansin nár insíodh i gceart fós

Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?

Tá mé ag smaoineamh ar Nansaí Hughie Den ó scríobh mé fúithi an tseachtain seo caite. An rud a thug chun cuimhne arís í ná an obair atá ar siúl ar an taobh eile den teach seo. Tá mo leathbhádóir ag obair ar chlár teilifíse faoi scéal na mban ‘Maigdiléanacha’ agus chuir sé suim i gcás Nansaí.

An tseachtain seo caite, agus mise ag spaisteoireacht thar ar Dhumhaigh i gcontae Dhún na nGall, bhí seisean ag caint le roinnt de na mná a bheas i gclár teilifíse amach anseo.

Tá sé deacair a chreidiúint anois, ach bhí cailíní agus mná á gcur isteach in ionaid Mhaigdiléana suas go dtí tús na seachtóidí. Go deimhin, cuireadh an líon ba mhó ban isteach iontu sna seascaidí – ar ordú cúirte – ná in aon tréimhse deich mbliana eile. Ar chúiseanna éagsúla a rinneadh coirpigh astu, ach bhí ceangal ann i gcónaí le cúrsaí gnéis.

Cén sort saoil a bhí ag cailíní sa mbaile sa chéad leath den bhfichiú aois agus céard a bhí rompu nuair a d’fhágadar an scoil? Suas go dtí lár na seascaidí, d’fhág seisiúr as gach deichniúir an scoil nuair a schroicheadar 15 bliana d’aois.

Nuair a deir daoine sa lá inniu ‘Níl aon deiseanna fostaíochta’ ag daoine óga, ní bhíonn siad ag smaoineamh ar ‘dul ar fhostú’ i dteach teaghlaigh eile, mar a rinne Nansaí.

Bhíodar ró-óg le dul ar imirce fós, agus ní raibh aon traenáil acu d’aon chineál eile oibre.

Agus ní miste a mheabhrú dúinn féin cén sórt oibre a bhí ag Nansaí- na ba a bhlí, iad a ‘bhuachailleacht corruair’, an teach a ghlanadh, an chócaireacht a dhéanamh don teaghlach, chomh maith leis an níochán agus gach rud eile thart faoin teach.

Agus mé ag smaoineamh arís ar scéal Nansaí agus an t-ionsaí a rinneadh uirthi i dteach a raibh sí ar ‘fhostú’ ann, cuimhním ar an iliomad ‘coimisiún’ agus ‘iniúchadh’ a rinneadh ar mhí-úsáid ghnéis agus mí-úsáid fhisiciúil sna hinstitiúidí anseo in Éirinn le blianta beaga anuas.

Mar shampla bhí Tuarascáil Ryan againn (mí-úsáid ar pháistí sna hInstitiúidí Tionsclaíocha), Tuarascáil Murphy (Tithe na Máithreacha agus na Leanaí), Tuarascáil Fhearna (mí-úsáid ar pháistí in Ard-Deoise Fhearna), Tuarascáil Murphy (mí-úsáid in Ard-Deoise Átha Cliath), Tuarascáil McAleese (na Neachtlanna Maigdiléanacha) agus go leor eile thar na blianta.

Ach cuimhním ar scéal Nansaí agus cuirim an cheist orm féin: cé mhéad cailín ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú? Go deimhin, ní dhearna Nansaí é a thuairisciú ar chor ar bith ach amháin gur inis sí an scéal, mar chuid de scéal a beatha,  d’Aodh Mac Laifeartaigh nuair a chuir sé agallamh uirthi agus na ceithre scór bliain slánaithe aici.

Cuimhnigh, bhí sí ag fanacht sa teach ina ndearnadh iarracht í a ionsaí ina leaba féin agus níor dhúirt sí faic leis na daoine eile a bhí sa teach. Níor inis sí an scéal dá hathair nuair a bhí a tréimhse oibre istigh.

Ag smaoineamh siar ar an eachtra agus ar an gcaoi ar chaith bean a’ tí léi ina dhiaidh sin – ba léir nár chuir sé aon iontas uirthi siúd. Bhí sí ‘ní ba tuisceanaí’ leis an chailín óg. Bhí an seanfhear ag dul thart ag rá gur gortaíodh san éadan é nuair a bhuail sé in aghaidh rud éigin sa teach. (Nansaí a rinne an beart nuair a bhuail sí san éadan é le trealamh feirme a bhí crochta os a cionn sa lafta.)

D’fhiafraigh mé díom féin – cé mhéad cailín eile ar tharla sé sin dóibh sa teach céanna? Ar ghlac na fir leis, gur ceann de ‘coinníollacha na hoibre’ é an t-ionsaí gnéis? B’fhéidir go bhfaca bean a’ tí ag tarlú cheana é agus nach raibh cead aici a clab a oscailt faoi?

Le blianta beaga anuas, ní fhaca muid aon choimisiún ag féachaint isteach i nósanna maireachtála mhuintir na hÉireann ‘sa mbaile’, ná iniúchadh ar choinníollacha ‘oibre’ na gcailíní aimsire a chuaigh ar fhostú i dtithe feirme agus a leithéid ag aois an-óg. Níl aon fhianaise scríofa, ná níl aon staitisticí ar fáil faoi céard a tharla.

Bímid an-tógtha leis na staitisticí a bhaineann leis na hinstitiúidí – na dílleachtlanna, na scoileanna ‘tionsclaíocha’, na hinstitiúidí eaglasta, na Tithe Máithreacha agus Leanaí, na Maigdiléinigh. Níl aon dabht nach raibh drochréimeas i bhfeidhm sna hinstitiúidí sin agus is maith is fiú go bhfuil súil ghéar á caitheamh orthu anois.

Ach céard a bhí ar siúl in Éirinn na Naomh agus na nOllúna i rith an chéad leath den fichiú aois? Céard a bhí ar siúl ag baile agus i dtithe a raibh cailíní óga ‘ar fhostú’ iontu?

An amhlaidh go raibh sé thar a bheith contúirteach a bheith i do chailín óg in Éirinn an uair úd?

Nuair a chuirtear agallamh ar mhná a mhair trí ré na ‘Maigdiléineach’ sin an scéal a bhíonn le hinsint ag cuid díobh.

Nochtar scéalta faoi mhí-úsáid sa mbaile agus an ruaigeadh amach as an teach, chomh luath agus a fuair an mhuintir amach go rabhadar torrach. Ní raibh gach éinne chomh mór agus chomh láidir le Nansaí, a bhí in ann i féin a chosaint.

Sna laethanta seo, bímis ag léamh faoi dhroch-ionsaithe thar lear, agus is minic go mbímid ag caitheamh anuas ar thíortha atá go mór faoi thionchar creidimh, a mbíonn drochmheas acu ar mhná agus ar chailíní.

Níl ann ach tamall ó rinneadh ionsaí marfach ar scata cailíní a bhí ag dul ar scoil san Afganastáin. Is in olcas a bheas an scéal sin ag dul de réir mar a thiocfas an Taliban i gcumhacht arís, agus Meiriceá agus fórsaí NATO ag tarraingt amach as an tír.

Tiocfaidh deireadh le gach dul chun cinn a rinneadh ó thaobh oideachas a chur ar chailíní, bí cinnte de. Samhlaím gur tháinig deireadh le ré na gcailíní ‘ar fhostú’ agus an drochíde a chuaigh leis, nuair a cuireadh oideachas níos fearr ar dhaltaí a chríochnaigh an bhunscoil.

Chuala mé scata sagart ag caint lena chéile uair amháin ag teacht-le-chéile 25 bliain. Dream iad seo a oirníodh i dtús na seascaidí.

Mhaígh siad gur tháinig laghdú suntasach ar líon na n-eachtraí ciorrú coil nó ‘incest’ a admhaíodh dóibh sa bhfaoistin nuair a tháinig feabhas ar chúrsaí tithíochta in Éirinn agus níos mó ná aon seomra amháin codlata ag an gclann.

Tá an saol níos fearr anois, tá cúrsaí tithíochta feabhsaithe agus tá oideachas i bhfad níos fearr ar dhaoine.

Ná tugaimis aon aird ar an dream a bhíonn maoithneach i ndiaidh ‘na seanlaethanta’. Tá stair ansin nár insíodh i gceart fós.

Fág freagra ar 'Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?'

  • Fionnbarra

    Píosa cumhachtach, tábhachtach. Tá an ceart agat, tá níos mó le foghlaim againn fós faoi na ‘seanlaethanta’.

  • Pilib Ó Duinn

    GRMA, a Mhairéad.