Scéal Nansaí Hughie Den, a fuair bás i 1999, a tharraing m’aird…

Tá an tseanchóip den iris áitiúil ‘Guth Ghoill’ chomh maith le Google féin…

Scéal Nansaí Hughie Den, a fuair bás i 1999, a tharraing m’aird…

Is é Dumhaigh, an baile is faide ó thuaidh i Ros Goill, Dún na nGall. Ba mhinic a bhí mé ann thar na blianta, ag dul timpeall an ‘Atlantic Drive’ i bhfad sula raibh caint ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin.

I lár an tsamhraidh, téann daoine go dtí an ‘láthair faire’ os cionn Dhumhaí toisc gur ansin atá an radharc is fearr den ghrian ag dul faoi, gan tada eile ag cur isteach ar an radharc. 

Bhí mé fiosrach i gcónaí faoin mhuintir a chónaigh ann, agus iad i bhfad ó bhaile mór, ó theach pobail agus seirbhísí eile. Níl cuma rómhaith ar an talamh –  portach den chuid is mó atá ann, seachas corrgharraí mín anseo is ansiúd. 

Agus cé go bhfuil trá bheag ann, tá an fharraige chomh garbh sin agus an cósta chomh fiáin, nach bhféadfaí brath ar an iascach amháin.

Ansin, agus mé ag caitheamh cúpla lá sna Dúnaibh, nár leag mé súil ar mo sheanchara, Guth Ghoill. (An chéad uair ar chuala mé trácht ar an iris áitiúil seo, cheap mé go rabhthas ag moladh dhom féachaint ar ‘Google.’)

Agus céard a bhí ann ach alt faoi mhuintir Dhumhaí – Muintir Mhic Laifeartaigh ach go háirithe (Muintir Hughie Den Tharlaigh). Ba é scéal Nansaí Hughie Den, a fuair bás i 1999, a tharraing m’aird.

Rugadh Nansaí i 1909, agus i 1985, rinne sí cur síos ar a saol eachtrúil d’eagarthóir na hirise Guth Ghoill, Aodh Mac Laifeartaigh.

Duine d’ochtar clainne a bhí inti a rugadh agus a tógadh i mbaile beag Dhumhaí. Tá pictiúr san iris den teach a bhí acu in aice na trá agus nuair a d’fhéach mé anuas ón láthair faire, thug mé faoi deara go bhfuil an teach ann i gcónaí.

Iascaire a bhí ina hathair, Hughie Den, san am go raibh cáil ar an iascaireacht scadán sna Dúnaibh. Ba í Nansaí an duine ba shine den chlann agus nuair a bhí sí 14 bliain d’aois d’éirigh sí bréan den scolaíocht agus d’iarr sí cead óna tuismitheoirí dul ar fostú. Ní raibh d’fhostaíocht ann do mhná óga an t-am sin ach a bheith ina gcailíní aimsire ag clann eile.

Tugadh an cead di agus i 1924, frítheadh ‘post’ di thall i bhFánaid, ar thaobh Loch Súilí den leithinis. De shiúl na gcos a chuaigh sí ann, in éindí lena hathair.

Agus mé ag déanamh mo bhealach go Dumhaigh aréir chun breathnú ar dhul faoi na gréine, smaoinigh mé ar Nansaí agus an t-aistear sin ar bhóithríní garbha, thar chnoic, thar phortaigh agus ar gach taobh di, clocha agus raithneach.

Chuala mé torann innill agus cheap mé go raibh gluaisrothar ag teacht im’ threo. Ach bhí an torann ró-ard. Go tobann, thug mé faoi deara go raibh héileacaptar ag tuirlingt ag teach a bhí gar dom. Shamhlaigh mé go rabhadar théis teacht ó Fhánaid, turas cúpla nóiméad b’fhéidir.

Ach, ar ais chuig Nansaí. Mar a dúirt sí féin ‘Bhí neart oibre le déanamh: ba le blí, a gcuid a thabhairt do na cearca, cuidiú leis an tseanbhean an teach a choinneáil glan, cuidiú leis an chócaireacht, na ba a chur amach agus iad a bhuachailleacht corruair.’

Ach chuir an chlann agus an obair buairt uirthi. Beirt deartháireacha agus bean chéile duine de na fir a bhí sa teach agus chuir an salachar déistin ar Nansaí. 

Dar léi, ‘ba ghnách le Micí a theacht aníos ’na cistine achan mhaidin, suit mór de na rudaí brocacha sin air go dtína thóin, agus dhéanfadh sé a chuid uisce a scaoileadh isteach i gcoirnéal na gríosaí.’ 

Agus a dheartháir ‘sna sála aige leis an rud céanna a dhéanamh.’

 

Ach choinnigh sí leis an obair, gur dhúisigh sí i lár na hoíche uair amháin agus duine de na fir ag iarraidh teacht isteach sa leaba léi.

Bhí leaba Nansaí sa lafta agus dréimire suas ann. Thuas ann freisin a bhí go leor den trealamh a bhainfeadh le beithígh agus a leithéid agus a bhíodh go síoraí á bualadh sa chloigeann.

Cailín a bhí ‘mór agus láidir do m’aois,’ a bhí inti agus ar an bpointe, tharraing sí anuas ceann de na píosaí trealaimh a raibh píosa práis ceangailte don leathar air, agus ‘thosaigh mé á lascadh thart orm sa dorchadas  chomh crua agus a thiocfadh liom’. Lig sé ‘cnead phianmhar as agus é ag éalú ar shiúl i dtreo an dréimire’.

Ach fós féin, ní dheachaigh sí abhaile go dtí go raibh a tréimhse istigh. £2 agus trí scilling a fuair sí mar íocaíocht ar an obair trí mhí.

Fuair sí obair arís mar chailín aimsire ag máistir scoile agus bhí an obair ‘i bhfad ní ba chrua’, mar a dúirt sí féin. Agus arís ina dhiaidh sin, d’oibrigh sí mar chailín aimsire i roinnt mhaith áiteacha eile, go dtí gur ‘bhuail síol na himirce’ í ag aois 19 mbliana.

Anonn le Nansaí go Meiriceá sa mbliain 1929. Níorbh é sin an bhliain ab fhearr le bheith ag cuimhneamh ar fhostaíocht sna Stáit Aontaithe – Bliain an Chúlú Mór Eacnamaíochta. Ach d’éirigh léi postanna fánacha a fháil anseo is ansiúd mar ‘shearbhónta’ le teaghlaigh éagsúla.

Ansin sa bhliain 1936, chomhlíon sí an gheallúint a bhí tugtha aici dá hathair agus tháinig sí abhaile ar cuairt. Ar fhilleadh go Philadelphia di, casadh Peter Coll as Gort na Brád (gar don Charraig Airt) uirthi agus phósadar i 1940.

Shilfeá go mbeadh saol deas aici ansin thall i Meiriceá. Tá cuma na maitheasa orthu beirt sa ghrianghraf pósta.

Ach buaileadh Peter tinn ceithre bliana ina dhiaidh sin agus fuair sé bás in Eanáir na bliana 1945, mí sular rugadh páiste leo, Suzanne.

Nuair a bhí Suzanne dhá bhliain d’aois, ‘thug Nansaí ruaig abhaile’ leis an gcailín beag.

Ach bhuail taom tinnis do Suzanne agus cuireadh fios ar an dochtúir. Ach ‘cha dtiocfadh leis a dhath a dhéanamh di’. Fuair Suzanne bás thart faoi mheán oíche.

Tamall ina dhiaidh sin nuair a casadh an dochtúir ar Nansaí, d’inis sé di gur  ‘meiningíteas’ a bhí ar an bpáiste.

Phós Nansaí arís cúpla bliain ina dhiaidh sin ach níor mhair an pósadh agus chuaigh sí ar ais go Meiriceá.

Idir sin agus deireadh a saoil, bhíodh sí ag caitheamh sealanna anseo agus i Meiriceá ach ar deireadh shocraigh sí síos ina baile dúchais féin Dumhaigh, an áit a d’fhág sí agus í ina girseach 14 bliain d’aois le dul ‘ar fostú’.

Dar le heagarthóir Guth Ghoill, ‘Bhí Nansaí mar a bhí mná eile na linne sin – bhí saol corrach acu, ach bhí siad ábalta an greann a mheascadh leis an ghruaim, ba seo a thug faoiseamh dóibh.’ 

Tá súil agam gur thug rud éigin faoiseamh di agus go raibh blianta maithe aici ar a suaimhneas i nDumhaigh, Ros Goill, sular bhásaigh sí i 1999 agus í 90 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Scéal Nansaí Hughie Den, a fuair bás i 1999, a tharraing m’aird…'

  • Colm Mac Fhionnghaile

    Tá an iris, Guth Ghoill, ar dóigh. Obair iontach á déanamh lena choinneáil sa tsiúl!

  • S. Mac Muirí

    Caithfidh sé gurb ea a Cholaim. Is mór an mhaith gur breacadh scéal corrach Nansaí síos lena fhoilsiú i nGuth Ghoill 7 i dTuairisc chomh maith (grm agaibh beirt). Is léir go mba chreathnach stuama 7 láidir an bhean í óna hóige.