Cé hiad na baill Oireachtais le Gaeilge is mó a bhfuil bá acu leis na meáin Ghaeilge?

Suirbhé samplála déanta ag Cormac ag a Cúig i measc iriseoirí féachaint cé hiad na polaiteoirí le Gaeilge is mó agus is lú a chabhraíonn leo ina gcuid oibre

Cormac-Ó-hEadhra-1

Is iad na baill Oireachtais le Gaeilge is mó a bhfuil bá acu leis na meáin Ghaeilge ná An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuiv, Aengus Ó Snodaigh, Dara Calleary agus Fergus O’ Dowd, de réir suirbhé samplála atá déanta ag an gclár Cormac ag a Cúig i measc timpeall scór iriseoirí agus eagarthóirí nuachta.

Scaip an clár cursaí reatha ar RTÉ RnaG ceistneoir ar roinnt daoine atá ag obair le Raidió na Gaeltachta, Nuacht TG4/RTÉ, Newstalk agus Raidió na Life féachaint cé hiad na polaiteoirí le Gaeilge is mó agus is lú a chabhraíonn leo ina gcuid oibre.

De réir an tsuirbhé, a raibh mír faoi ar eagrán an lae inniu de Cormac ag a Cúig, ba iad na polaiteoirí le Gaeilge is mó a mbíonn drogall orthu labhairt leis na meáin Ghaeilge ná na hAirí Stáit Aodhán Ó Riordáin agus Joe McHugh agus an Teachta Dála Jim Daly.

Thug rannpháirtithe an tsuirbhé le fios gurb iad Sinn Féin agus Fianna Fáil na páirtithe is túisce a ghlacfadh le cuireadh chun cainte ó na meáin Ghaeilge.

Is iad lucht Fhine Gael agus an Lucht Oibre is mó a mbíonn drogall orthu agallamh a dhéanamh i nGaeilge, de réir an tsuirbhé.

Bhí plé ar Cormac ag Cúig le déanaí faoi alt ó Eagraí Polaitíochta RnaG Mícheál Ó Leidhin ar an iris Comhar inár luaigh sé comhrá a bhí aige le polaiteoir ó Fhine Gael.

Dúirt an polaiteoir seo, nár tugadh a ainm san alt agus nárbh eol do mhórán go raibh Gaeilge aige fiú, nach ndéanfadh sé agallamh Gaeilge leis an Leidhneach toisc “nach raibh aon mhaitheas ann dó”.

Ní fios ar luadh an polaiteoir sin in aon cheann de na ceistneoirí ó Cormac ag Cúig ar tugadh freagra orthu.

Dúirt rannphairtí amháin a d’fhreagair ceistneoir an chláir:

“Sílim go bhfuil an rialtas reatha an-mhaith ó thaobh an dreama ag an mbarr. Tugann an Taoiseach, an Tánaiste agus Michael Noonan ‘soundbites’ as Gaeilge. Ach taobh amuigh den ‘inner sanctum’ tá siad uafásach. Aodhán Ó Riordáin ní bhíonn sé ar fáil riamh – ni fhreagraíonn sé do riomphostanna nó glaochanna agus sin sular ceapadh é mar Aire. Anois ní féidir ceist a chur ar Aire na Gaeltachta faoi cheisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar ní féidir leis iad a fhreagairt agus ní féidir leis agallamh beo a dhéanamh”.

Gan amhras, tagann rudaí éagsúla sa mheá nuair a fhaigheann polaiteoirí cuireadh agallamh a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge agus d’fhéadfadh go mbíonn baint chomh maith ag ceisteanna tíreolaíochta agus líofachta leis an bhfonn a bheadh ar pholaiteoir dul chun cainte ar chláir Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Cé hiad na baill Oireachtais le Gaeilge is mó a bhfuil bá acu leis na meáin Ghaeilge?'