Cé chomh fada eile a chuirfidh muintir na Gaeltachta suas leis?

Anois an t-am ag muintir Iorras Aithneach tús a chur leis an ngleo agus achrann a tharraingt ar nós mar a rinneadh aimsir Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Cé chomh fada eile a chuirfidh muintir na Gaeltachta suas leis?

Bíonn muintir Iorras Aithneach agus cuid mhór de Chonamara ag súil go mór le hirisleabhar Iorras Aithneach chuile bhliain. Bíonn mór-imeachtaí na háite inti, pictiúir, scéalta agus scéalta ón seansaol. Cuireann eagarthóirí obair chrua inti go bliantúil ag cinntiú go mbíonn blaiseadh de chuile réimse de shaol an phobail inti. Bíonn bís ar an bpobal a gcuid lámha a fháil ar chóip. Is amhlaidh a bhí mise arú inné nuair a fuair mé mo chóip agus mé ag súil go mór an oíche a chaitheamh ag léamh. Ardaíonn an iris croí daoine mar go dtugann sí le fios gur gearr uainn laethanta saoire na Nollag agus go mbeidh sé in am scíth a ligean.

Sin é an bealach a raibh mé go dtí go ndeachaigh mé chomh fada le leathanach a seacht. Bhain an méid a chonaic mé ansin siar asam. Is ann a leag mé súil ar fhianaise faoin titim thubaisteach atá tagtha ar líon na ndaltaí i scoileanna Iorras Aithneach le breis is scór bliain. Tá na huimhreacha scanrúil agus níl iontu ach an scéal duairc dorcha. 330 dalta a bhí ag freastal ar shé bhunscoil an cheantair i 1990. 136 dalta atá I gceist anois agus ceann de na scoileanna sin, Maíros, dúnta ar fad. Sin laghdú 59%.

217 dalta a bhí i Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna i 1990 agus 115 dalta a bhí ann i mbliana, laghdú 47%.

Is fianaise í seo ar an neamhaird atá déanta orainn mar phobal, mar dhaoine, agus muid caite sna fataí lofa bliain i ndiaidh bliana.

Anois agus muid ar thairseach na bliana nua agus an chosúlacht air go mbeidh scoil eile ag dúnadh a doirse den uair dheireanach, tá sé in am ceist mhór a chur orainn féin i dtosach agus ansin ar na daoine atá ceaptha a bheith ag troid ar ár son. Cé chomh fada a chuirfimid suas leis seo mar phobal? Níl muid mar dhaoine ag fáil aon tacaíocht chun beocht a chur sa bpobal – seachas an miondóchas atá ann go n-éireoidh le Páirc na Mara i gCill Chiaráin. Sin é an tuar dóchais is mó atá ag Údarás na Gaeltachta agus tá sé an-soiléir go bhfuil siad ag brath air sin chun todhchaí na háite thiar a thabhairt slán.

An bhfuil aon phlean eile i bhfeidhm acu chun an ceantar Gaeltachta s’againne a thabhairt amach as an tsáinn ina bhfuilimid ann? Faoi láthair, tá muid ag glacadh leis an lag trá – is cosúil go bhfuil muid den tuairim gurb é seo an bealach a bhfuil an saol agus go gcaithfear glacadh leis. Ar nós na haimsire, níl aon neart againn air. Ach ní shin mar atá, tá neart againn air agus is féidir linn rud éigin a dhéanamh faoi.

Anois an t-am againn tús a chur leis an ngleo agus achrann a tharraingt ar nós mar a rinneadh aimsir Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Níor ghlac siadsan leis an drochbhail a bhí orthu, bheartaigh siad seasamh suas dóibh féin chun a gceantar a shlánú. Is cosúil go bhfuil in iomarca faitís orainn a mhacasamhail a dhéanamh in Iorras Aithneach na laethanta seo.

Tá sé an-simplí i mo chuid súile féin agus mé ag breathnú ar na figiúirí seo – gur teip iomlán atá in lag-iarrachtaí an Stáit chun an ceantar ársa seo a thabhairt slán ó chrúba an bháis. Ní shamhlóinn go n-athróidh cúrsaí go dtosóidh na daoine atá ag déanamh ionadaíochta orainn ag rá an rud céanna agus an fhírinne a insint agus rud éigin a dhéanamh faoi. Ní fiú a bheith ag iarraidh an cath seo a throid agus amach anseo, muid ag féachaint ar na figiúirí in irisleabhar Iorras Aithneach i gceann deich mbliana – anois an t-am chun aghaidh a thabhairt ar an gceist.

Fág freagra ar 'Cé chomh fada eile a chuirfidh muintir na Gaeltachta suas leis?'

  • Peadar

    Feachtas cuí riachtanach ag leibhéal phobail áitiúla chun a dhul i ngleic leis seo. Ar cuma leis an Údarás & le Roinn na Gaeltachta faoin ngéarchéim? Teip ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta & ar an bPleanáil Teanga. Níor spreagadh an óige chun an Ghaeilge a labhairt. Ní raibh na cur chuigí cuí /cumas acu óige na gceantar Ghaeltachta a fháil ar bord agus leasa na teanga a roinnt leo. Go leor leor airgid stát curtha amú seachas é a infheistiú sna scoileanna & ionad phobail. Táimid fágtha le páipéarachas & cur i gcéill!