‘Cé as thú, anyways?’ – ceist ar deacair í a fhreagairt scaití

Tá cosúlachtaí áirithe idir cúlra Leo Varadkar, a bheas ina Thaoiseach go luath arís agus scéal Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine

‘Cé as thú, anyways?’ – ceist ar deacair í a fhreagairt scaití

Dúirt Leo Varadkar ina óráid an lá cheana go bhféadfadh sé tarlú go saolófaí é féin in aon cheann de thrí thír – Meiriceá, an India nó Éire. Ach chinn a thuismitheoirí – a athair arb as an India é agus a mháthair, Éireannach, socrú sa tír seo tar éis pósadh.

Tá cosúlachtaí áirithe idir cúlra Leo Varadkar, a bheas ina Thaoiseach go luath arís agus scéal Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine. Agus ní hé an cúlra Indiach an chosúlacht is láidre acu sin.

Deirtear go bhfuil baint freisin ag Sunak le trí thír éagsúla – is deacair a rá cárb as é go díreach. Is é an ceangal le hOirthear na hAfraice an rud is suimiúla faoi. Bheadh Rishi Sunak ina Afracach/Indiach murach gur tháinig Idi Amin i gcumhacht in Uganda i dtús na seachtóidí.

Tá stair fhada ag baint le hinimirce as an India go dtí tíortha éagsúla in oirthear na hAfraice. Thosaigh sé i bhfad siar le trádáil thar farraige. Ansin tugadh oibrithe as an India go dtí tíortha in oirthear na hAfraice a cuireadh ‘faoi dhintiúr’ ansin. Thug an Bhreatain saighdiúirí Indiacha chuig a cuid coilíneachtaí féin san Afraic freisin. De réir a chéile thosaigh siad ag socrú síos san Afraic agus ag bunú gnóthaí dá gcuid féin ann.

Is cuimhin liom féin nuair a tháinig sagart abhaile ón Afraic ar cuairt chuig an chlann s’againne agus d’inis sé dúinn gur cheannaigh sé na bronntanais ghleoite sna siopaí Indiacha. Bhíomar ag déanamh iontais ag an am go mbeadh a leithéid de shiopaí i gCéinia.

Roimhe sin ar fad, sula ndearnadh críochdheighilt ar an India sa mbliain 1947, níorbh ann don Phacastáin. Ach is as ceantar sa Phuinseáb, atá anois sa Phacastáin, a tháinig muintir Rishi Sunak. Chuaigh a sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthar ar imirce as an bPuinseáb go dtí Tanganyika (An Tansáin anois). Ba sa Tansáin a rugadh a mháthair. B’as Céinia dá athair.

Ar nós go leor de mhuintir na hIndia bhí tuismitheoirí Rishi Sunak ag déanamh go maith san Afraic. Ba cógaslanna ag a mháthair agus chuaigh a athair (dochtúir leighis) ag obair di.

Ach bhí na daoine de bhunadh na hIndia ag cothú éada agus míshásaimh in oirthear na hAfraice. Chomh maith leis sin, thacaigh lucht an rachmais de bhunadh na hIndia le Milton Obote a bhí i gceannas ar Uganda. A luaithe agus a tháinig an deachtóir Idi Amin i gcumhacht tar éis ‘coup’ in Uganda sa mbliain 1971, chuir sé díshealbhú na nIndiach ar bharr a chlár oibre.

Ag an am bhí thart ar 120,000 duine den chine sin ina gcónaí i gCéinia, agus an uimhir chéanna sa Tansáin. Bhí an pobal ba lú acu, 70,000 Indiach, ina gcónaí agus socraithe síos in Uganda.

Cé go mba deachtóir amach is amach é Amin, rinne sé cinnte de agus é á ndíbirt, nach dtabharfadh sé leithscéal d’aon chumhacht eachtrannach teacht isteach agus ionradh a dhéanamh ar a thír féin.

Tugadh ordú don phobal Indiach imeacht amach as an tír ar an bpointe. Agus d’ordaigh sé dá chuid trúpaí féin gan cur isteach orthu ná gan foréigean ar bith a imirt orthu.

De bharr gur tugadh rogha don phobal Indiach glacadh le pas Briotanach nó pas de chuid Uganda nuair a fuair an tír sin a neamhspleáchas sna seascaidí, bhí pasanna nó ‘pasanna faoi chosaint’ de chuid na Breataine ag go leor den phobal Indiach. Mar a dúirt tráchtaire amháin – ‘go tobann osclaíodh geataí na Breataine don phobal díbeartha seo’. Mar aon leis na mílte as Uganda, d’imigh freisin na mílte as an Tansáin, muintir Sunak ina measc.

Níor thug an dream sin tada de mhaoin an tsaoil leo. Tógadh ar láimh aon cheo a d’fhágadar ina ndiaidh agus deirtear gur sciobadh amach as a gcuid bagáiste aon rud a thriail siad a thabhairt leo.

Bhí mise i mo mhac léinn ag obair i lár Londan i 1972 agus ní cuimhin liom iad a fheiceáil ach is cuimhin liom go maith an scéal sna nuachtáin. Is cosúil gur cuireadh cuid mhaith díobh isteach in ‘ionaid choinnithe’. Chuir polaiteoir amháin i Sasana i gcomparáid le ‘sluachampaí géibhinn’ iad.

‘Bhíomar coinnithe i gceantar an rachmais, Kensington, ach is i gcampa do theifigh a coinníodh muid,’ a dúirt Mahmood Mamdani a bhí tagtha as Uganda agus é ina fhear óg. D’athraigh Rialtas na Breataine a bpolasaí ina dhiaidh sin agus d’fháiltigh siad roimh na hinimirceoirí nua. Is Ollamh mór le rá é Mamdani anois, a d’oibrigh in Ollscoil Columbia agus in Ollscoil Kampala. D’fhill sé ar a thír dhúchais, áit a bhfuil sé ina Sheansailéir ar Ollscoil Khampala anois.

Daoine a bhí sna himircigh Indiacha sin a raibh oideachas orthu sular díbríodh iad agus leagadar an-bhéim ar an tábhacht a bhain le hoideachas. Deir William Dalrymple ina shraith podchraoltaí (‘Empire’) go raibh an dream seo ar an dream inimirceach ‘ba mhó rath riamh i stair na Ríochta Aontaithe’. Bainisteoirí ardleibhéil is ea go leor dá sliocht anois agus ardoideachas ar an gcuid is mó díobh.

Rugadh Rishi Sunak i Sasana i 1980, áit ar shocraigh a thuismitheoirí nuair a d’fhág an pobal Indiach an Tansáin.

Agus cé go bhfuil ceangal láidir aige leis an Afraic, is mar ‘Indiach/Briotanach’ a fheiceann sé é féin. Nuair a cheiliúir sé Diwali, féile mhór na Hiondúch, le gairid agus é ina phríomh-aire in Uimhir 10, Sráid Downing, chuir sé gliondar ar an bpobal Hiondúch ar fud an domhain.

Agus cé nach bhfuil sí sa Chomhaireacht níos mó, bhain Pritti Patel leis an bpobal céanna a díbríodh as oirthear na hAfraice. Duine eile acu, atá ina ball den rialtas is ea Suella Braverman, atá ina Rúnaí Gnóthaí Baile – post a bhí ag Pritti Patel roimpi.

Nach aisteach an rud é gur as an Roinn sin i Sasana a tháinig an plean go ndíbreofaí inimircigh chuig tír san Afraic – Ruanda – agus nach mbeadh an dara rogha acu faoin gcinneadh sin? Cuireadh stop leis an ngníomh sin sna cúirteanna ach thacaigh baill uilig an Rialtais leis – Rishi Sunak san áireamh.

An measann sibh an gcuireann siad paidir san oíche le hanam Idi Amin? (Cuireadh an ruaig as oifig air féin sa mbliain 1980 agus fuair sé dídean san Araib Shádach). Is é an fáth go ndeirim é sin ná go bhfaca tráchtaire amháin pictiúr d’Idi Amin ar altóir nó scrín Hiondúch i dteach i Sasana. Chuir sé iontas agus alltacht is dóigh ar an té a chonaic é.

‘Cén fáth a bhfuil tú ag tabhairt onóir don bhithiúnach sin?’ d’fhiafraigh sé.

‘Toisc gur thug sé tábhacht ar leith don phas Briotanach,’ a d’fhreagair fear an tí.

‘Cá mbeimis gan Idi Amin?’

Fág freagra ar '‘Cé as thú, anyways?’ – ceist ar deacair í a fhreagairt scaití'