Cé acu is tábhachtaí dúinne ó dheas, cearta ár gcomhshaoránaigh ó thuaidh nó dílseacht don AE?

Dá dtabharfaí tús áite do dhílseacht don Aontas Eorpach thar aon riachtanas eile, chaillfí seans le scéal an Tuaiscirt a athrú ó bhonn

Cé acu is tábhachtaí dúinne ó dheas, cearta ár gcomhshaoránaigh ó thuaidh nó dílseacht don AE?

Cé acu is tábhachtaí dúinne mar phobal – leas agus cearta ár gcomhshaoránaigh ó thuaidh nó ár ndílseacht don Aontas Eorpach?

Is cuma tú a bheith ar son Éire a bheith san Aontas nó ina choinne, mar atá mise, tá an cheist sin le freagairt anois thit na cainteanna i Stormont le feidhmeannas a athbhunú ó thuaidh as a chéile.

Caithfidh an rialtas i mBaile Átha Cliath na blianta fada nár tugadh aon aird acu ar an Tuaisceart a chur taobh thiar dínn agus labhairt go díreach agus go láidir le rialtas Shasana faoin scéal.

Tá leideanna ann go ndéanfadh an rialtas an beart sin ón méid atá ráite ag an Tánaiste Simon Coveney, go háirithe. Feictear dósan go mbeidh ról lárnach ag an rialtas i mBaile Átha Cliath i gcúrsaí an Tuaiscirt as seo amach.

Tá an DUP ag éileamh go mbeadh riail dhíreach ann ó Shasana, sin mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leosan in áireamh na vótaí i bparlaimint Westminster.

Ach tá tacaíocht ag teastáil go géar ó rialtas Shasana le conradh a oireann dóibh a bhaint amach maidir le trádáil leis an Aontas Eorpach. Anois an t-am againn lena rá leo go mbeidh praghas ar an tacaíocht sin.

Sa gcomhthéacs sin, caithfidh muid labhairt go díreach leis na Sasanaigh ar aon chuma. Creidimse, ar ndóigh, gur chóir dúinn labhairt go díreach leo maidir le cúrsaí trádála, ach fiú má chreideann tú gur chóir é sin a fhágáil faoi lucht an AE, ní féidir a shéanadh go mbaineann titim an fheidhmeannais ó thuaidh linn go díreach.

Tá an ceart ag Simon Coveney nuair a deir sé nár chóir droim a thabhairt lenár gcomhshaoránaigh ó thuaidh mar a dhein rialtais eile roimhe seo, rud a d’admhaigh, go deimhin, an Taoiseach Leo Varadkar.

In ionad glacadh le riail dhíreach ó Shasana is féidir linn tiontú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus a áitiú go dtionólfaí comhdháil idir-rialtasach le cúrsaí an Tuaiscirt a stiúradh. Agus, níos tábhachtaí fós, lenar aontaíodh sna cainteanna maidir leis an nGaeilge agus na cearta eile a chinntiú.

I gCill Rímhinn in Albain, ghéill an DUP nuair a tugadh le fios dóibh go mbeadh comhúdarás ag an dá rialtas ar na sé chontae mura mbeadh an DUP sásta margadh a dhéanamh.

Ghlac an dá rialtas leis freisin go mbeadh acht Gaeilge ann. Caithfidh muid brú a chur ar rialtas Westminster beart a dhéanamh anois de réir a mbriathair i gCill Rímhinn.

Ar ndóigh tá athrú ar an scéal, sa mhéid is go bhfuil an rialtas thall ag brath ar an DUP le fanacht in oifig.  Ach tuigeann an DUP go bhfuil Jeremy Corbyn ag fanacht leis an uain chun dul i mbun rialtais tar éis toghcháin dá n-éireodh siad as a bheith ag tacú le rialtas Theresa .

Agus tá sé ráite ag Arlene Foster féin go dtuigeann sí nach mairfidh an tionchar atá ag an DUP ach achar gearr eile.

Cén fáth, ámh, go ndéanfadh rialtas Westminster a leithéid?  Cén fáth go dtabharfadh Tóraithe, a airíonn uathu an tsean-impireacht, droim láimhe dá gcomhghleacaithe in Uladh? Ní dhéanfaidís amhlaidh, ach amháin sa gcás go mbeadh rud éigin le fáil acu a bheadh níos luachmhaire ná tacaíocht an DUP.

Cuireann an cás seo scéin ar Mhicheál Martin, is cosúil.  Dúirt sé go lom sa Dáil go bhfuil “baol” ann go dtarraingeofaí isteach i gcainteanna díreacha le Sasana muid.

Cuireann sé a mhuinín san Aontas Eorpach, ar ndóigh, agus ní theastaíonn uaidh tada a dhéanamh a lagódh tiomantas an Aontais Eorpaigh do na geallúintí faoin teorainn a aontaíodh i mí na Nollag seo caite.

Ach ag an bpointe seo, is é seo an t-aon chárta atá le himirt againn más fúinn tionchar a bheith againn ar dhearcadh an rialtais i Westminster.

Mar sin, a léitheoir, cuirim an cheist arís: cé acu is tábhachtaí dúinne mar phobal – leas agus cearta ár gcomhshaoránaigh ó thuaidh nó ár ndílseacht don Aontas Eorpach?

B’fhéidir go gcuirfeadh an smaoineamh seo olc ar mo sheanchara Donncha Ó hÉallaithe, a mbíonn plé agam leis ar an suíomh seo faoi na cúrsaí seo, ach fiú más mian leat fanacht dílis don Aontas an mbeifeá sásta feall a dhéanamh ar náisiúnaithe an Tuaiscirt arís?

Luaitear an Breatimeacht go minic sa gcomhrá seo agus deirtear nach bhfuil éinne ag bord na hidirbheartaíochta le cás an Tuaiscirt a chur chun cinn. Ach i ndáiríre ní dóigh liom go ndéanfadh athbhunú an fheidhmeannais aon difear maidir leis an scéal sin, mar tá an DUP ar son an Bhreatimeachta agus tá Sinn Féin, rud atá amaideach dar liom, ina choinne.

Tá athbhunú an fheidhmeannais tábhachtach i gcomhthéacs na gceart – cearta teanga, cearta pearsanta, cearta staire is eile.

Ach dá ngéillfeadh Varadkar is Coveney don bhrú ó Fhianna Fáil go dtabharfaí tús áite do dhílseacht don Aontas thar aon riachtanas eile, chaillfeadh muid seans cinnte le scéal an Tuaiscirt a athrú ó bhonn. 

Fág freagra ar 'Cé acu is tábhachtaí dúinne ó dheas, cearta ár gcomhshaoránaigh ó thuaidh nó dílseacht don AE?'

  • file

    Alt an-mhaith agus ceist ríthábhachtach.

    Anois, dá n-éiródh polaiteoirí na Dála as an téarmá ‘rialtas’ agus ‘parlaimint’ a úsáid i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann, bheadh sin ina chuidiú: ‘feidhmeannas’ agus ‘comhthionól’ atá ó thuaidh, tharla nach tír é; tá ‘rialtas’ agus ‘parlaimint’ ag an Albain ós tír í siúd.