Cé a bheidh sa chúl ag Maigh Eo?
Ba é Rob Hennelly a thosaigh sa chúl do Mhaigh Eo i gcoinne Dhún na nGall Dé Sathairn agus é fógartha go raibh gortú ag cur as do David Clarke, a thosaigh cúig chluiche as a chéile roimhe sin.
Ní raibh Hennelly i mbarr a mhaitheasa i gcoinne na gConallach agus cé go bhfuil sé á thuairisciú anois go mbeidh Clarke ar fáil don chluiche leathcheannais in aghaidh Átha Cliath an deireadh seachtaine seo ní shin le rá go bhfillfidh sé ar an bhfoireann.
Tháinig Clarke isteach in áit Hennelly tar éis do Mhaigh Eo cliseadh i gcoinne Ros Comáin agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh sé sa chúl den chuid eile don bhliain. Ach thug sé taispeántas uafásach uaidh i gcoinne Chiarraí agus b’fhéidir go n-íocfadh sé as.
Tá Clarke níos fearr ag stopadh iarrachtaí ar chúil ach tá cic amach níos fearr ag Hennelly. An fhadhb atá ag Maigh Eo ná go mbeidh géarghá leis an dá scil i gcoinne Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.
Tá sé de bhuntáiste ag Hennelly gurb é a bhí sa chúl nuair a chas Maigh Eo ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh sa tsraith mí Feabhra agus bhí fear Bhréachmhaí ar fheabhas ar fad an oíche sin nuair a shábháil sé scata iarrachtaí ar chúil.
Bhí drochlaethanta i gcoinne Átha Cliath ag Hennelly chomh maith, áfach. Chlis ar a chuid ciceanna amach in athimirt chluiche ceannais 2017 agus taispeánadh cárta dubh dó tar éis 41 nóiméad.
Caithfidh James Horan duine den bheirt a roghnú Dé Sathairn, áfach.
Cé chomh tábhachtach is a bheidh an sos a fuair imreoirí Átha Cliath agus Thír Eoghain?
Bhí deis ag Jim Gavin sos a thabhairt do phríomhimreoirí Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Thír Eoghain agus rinne sé amhlaidh. Mar sin, cé go bhfuil lá breise ag Maigh Eo chun fáil réidh do chluiche leathcheannais an tSathairn, i ndáiríre is ag Áth Cliath is mó a bheidh scíth déanta.
Tharla an rud céanna anuraidh nuair nár chuir Jim Gavin ach beagán de na himreoirí is tábhachtaí aige chun páirce i gcoinne Ros Comáin sa bhabhta deireanach de chomórtas an tSárochtair. Nuair a thug Gaillimh aghaidh ar Áth Cliath sa chluiche leathcheannais sé lá ina dhiaidh sin, ba léir go ndearna an briseadh maitheas do na himreoirí ab fhearr ag Gavin.
D’éirigh go maith leis na Gaillimhigh sa chéad leath agus ní raibh siad ach cúpla pointe chun deiridh ag an mbriseadh. Ach ní raibh siad in ann ag fuinneamh Átha Cliath sa dara leath, thit an tóin astu agus sáraíodh le naoi bpointe iad.
Tá seacht gcluiche imeartha ag Maigh Eo le hocht seachtaine anuas agus ní raibh aon cheann acu éasca. Tá siad ar cheann de na foirne is aclaí sa tír agus b’fhéidir nach rachaidh siad go tóin poill chomh héasca le Gaillimh anuraidh ach tá cuid mhór fuinnimh caite ag Maigh Eo an samhradh seo.
Beidh Ciarraí sa chás céanna sa chaoi gur thapaigh Tír Eoghain an deis scíth a thabhairt d’imreoirí i gcoinne Átha Cliath agus cé nach bhfuil an oiread céanna cluichí imeartha ag Ciarraí agus atá ag Maigh Eo, thug an Mhí neart le déanamh d’fhir na Ríochta Dé Sathairn.
An mbeidh Tír Eoghain in ann ceann de na mórfhoirne a bhualadh?
Taobh amuigh d’Áth Cliath, níl mórán foirne eile inchurtha le Tír Eoghain chun cluichí a bhuachan nuair is iadsan rogha na coitiantachta. Cé go bhfuil an ceann is fearr faighte orthu ag Muineachán agus ag Dún na nGall i gcúige Uladh le roinnt blianta anuas, is annamh a fhaigheann foireann atá níos laige nó fiú ar comhchéim le Tír Eoghain an ceann is fearr orthu.
Sin ceann de na cúiseanna go mbíonn siad chomh maith sna babhtaí cáilithe. Bíonn foirne ann a ligeann na maidí le sruth i gcoinne na n-íochtarán, ach ní hamhlaidh a bhíonn i gcás Thír Eoghain. Fiú i gcomórtas an tSárochtair i mbliana, bhí go leor den tuairim go dtabharfadh Ros Comáin neart le déanamh dóibh ach bhí fir Mickey Harte rómhaith dóibh. Sa chéad chluiche eile, bhí Tír Eoghain cúig phointe chun deiridh i gcoinne Chorcaí ag leath ama ach tháinig siad ar ais chun an cluiche a bhaint.
An fhadhb atá ag Tír Eoghain áfach ná go bhfuil tamall fada ann ó bhuaigh siad ar aon fhoireann a measadh a bheith níos fearr ná iad. Is iad Áth Cliath, Ciarraí, Maigh Eo agus Tír Eoghain na foirne is fearr le deich mbliana anuas ach níl an ceann is fearr faighte ag Tír Eoghain ar aon cheann de na trí fhoireann eile sin sa chraobh ó bhuaigh siad ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2008.
Má tá siad chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan i mbliana, caithfidh siad péire acu a shárú taobh istigh de choicís.
D’fhéadfá a rá a dhéanamh nach bhfuil Ciarraí tada níos fearr ná Tír Eoghain faoi láthair ach is iad fir na Ríochta rogha na coitiantachta, agus beidh le feiceáil an mbeidh Tír Eoghain in ann teacht aniar aduaidh orthu.
An gcuirfear líne lánchúil Átha Cliath faoi bhrú?
Ag tús na bliana, measadh gurb í líne lánchúil Átha Cliath an laige ba mhó a bhí iontu, nó an t-aon laige a bhí iontu ba chirte a rá. Bhí tuairim ann nach raibh Philly McMahon, Jonny Cooper ná Cian O’Sullivan chomh maith agus a bhíodh agus go bhféadfaí tuisle a bhaint as seaimpíní na hÉireann ach foirne a bheith sásta úsáid a bhaint as an modh díreach ina gcoinne agus dul ar thóir na gcúl.
Cheap daoine gur léiriú ar an bhfadhb sin a bhí i gcinneadh Jim Gavin Rory O’Carroll a thabhairt isteach sa phainéal arís tar éis don lánchúlaí trí bliana a chaitheamh sa Nua-Shéalainn.
In ainneoin na cainte sin go léir, tá ag éirí réasúnta maith le cosantóirí Átha Cliath go dtí seo.
Níl ach cúl amháin géillte acu go n-uige seo sa chraobh agus cic éirice ó Luke Connolly Chorcaí a bhí ansin.
Má tá Maigh Eo chun Áth Cliath a shárú an deireadh seachtaine seo, caithfidh siad cúil a scóráil. Ní bheidh sé sin chomh héasca is a bhí daoine a cheapadh.
An mbeidh bealach timpeall ar chóras dlúthchosanta Thír Eoghain ag Ciarraí?
Tá go leor cainte á déanamh faoi láthair faoi laigí chosantóirí Chiarraí agus faoi conas a rachaidh siad i ngleic le frithionsaithe Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann Dé Domhnaigh. Ach d’fhéadfadh go mbeadh ceist eile faoi chur chuige Chiarraí níos cinniúnaí fós Dé Domhnaigh. An mbeidh bealach timpeall ar chóras dlúthchosanta Thír Eoghain ag Ciarraí?
Le blianta beaga anuas ag streachailt a bhíodh Ciarraí aon uair a d’imríodh siad i gcoinne foirne a mbíonn a lán imreoirí thiar i measc na gcosantóirí acu. Ní fios go fóill an bhfuil réiteach na faidhbe sin ag Peter Keane i mbliana.
I gcomórtas an tSárochtair anuraidh, chaill Ciarraí i gcoinne na Gaillimhe agus is beag nár chaill siad i gcoinne Mhuineacháin. Dhá fhoireann iad sin a bhí fíorchosantach ina gcur chuige.
Níor imir Ciarraí aon fhoireann den chineál sin fós i gcraobh na bliana seo. Cheap daoine go gcuirfeadh Dún na nGall go leor imreoirí siar nuair a chasfadh Ciarraí orthu ach, mar a tharla sé, bhí an cluiche eatarthu i bPáirc an Chrócaigh ar cheann de na cluichí is oscailte a bhí againn i mbliana.
Nuair atá siad ag imirt i gcoinne na bhfoirne cosantacha faigheann Ciarraí i bhfad níos deacra é a chinntiú go bhfaigheann a gcuid imreoirí sa líne lántosach dóthain de sheilbh na liathróide. Nuair atá córas cosantach dá leithéid le sárú bíonn gá le foighne, le hiompar na liathróide suas an taobhlíne agus le pointí a scóráil níos faide amach. Fágann sin go léir go bhféadfadh go mbeadh líne leaththosach Chiarraí níos tábhachtaí sa chluiche seo agus go mbeidh gá le gaiscí ó leithéidí Stephen O’Brien agus Sheáin O’Shea go háirithe.
Fág freagra ar 'Cé a bheidh sa chúl ag Maigh Eo agus ceithre cheist eile roimh chluichí leathcheannais na hÉireann?'