Cé a bheadh i mbróga Joe Schmidt na laethanta seo?

Cé a roghnóidh Joe Schmidt don chluiche i gcoinne na hIodáile Dé Damhnaigh? Agus leathshúil aige ar roghnú na foirne do chluiche na Fraince freisin, ní jab éasca atá aige.

Ireland Rugby Squad Training, Surrey Sports Park, Guilford, Surrey, England 30/9/2015 Head Coach Joe Schmidt  Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
Joe Schmidt  ©INPHO/Dan Sheridan

D’éirigh thar barr le foireann na hÉireann sa dá chéad chluiche den Chorn Domhanda, an fhoireann dearfach agus údarásach sna cluichí céanna. Fuair chuile imreoir, seachas Robbie Henshaw, ar an bpainéal deis ar bhlaiseadh a fháil imirt ar an ardán rugbaí is mó ar domhan. Ach cén sórt tástála a fuair siad ó Cheanada agus ón Rómáin, foirne ar éirigh leis na Gaeil breis agus dhá scór pointe a aimsiú ina gcoinne?

Cuir é sin i gcomparáid le go leor foirne eile sa gcomórtas seo. Bhí siad faoi bhrú ón gcéad nóiméad agus go leor ceisteanna freagartha acu cheana féin. Ní hionann an cás againne é. Tá muid ag déanamh go maith cinnte, ach is freasúra an-lag a bhí againn go dtí seo.

Creideann go leor gurb é cluiche an Domhnaigh seo i gcoinne na hIodáile, tús chomórtas domhanda na hÉireann. Beidh an cluiche crua, fisiciúil agus fíochmhar, agus áit sna babhtaí ceathrúceannais ar fáil don bhuaiteoir.

Ach céard faoi roghanna Schmidt don chluiche seo, anois ó bhí deis aige chuile imreoir seachas Henshaw a fheiceáil agus a mheas?

De bharr gur éirigh gortú do Rob Kearney agus é ag aimsiú úid i gcoinne na Rómáine an Domhnach seo caite, seans gurb é Zebo, imreoir a bhí iontach ar fad sa gcluiche céanna, a bheas ina lán cúil.

Tá cúigear ar thóir dhá spás ar an eiteog, Tommy Bowe, Dave Kearney, Keith Earls, Luke Fitzgerald agus Zebo arís ina measc siúd. Ón bhfianaise a chonaic muid go dtí seo, chuir an cúigear ar a son féin go paiteanta, agus níor mhaith liomsa an cúram a bheith orm maidir le cé a fhágfar san óstán.

Tá Cave, Payne, Henshaw, Madigan, Fitzgerald agus Earls san áireamh don lár páirce agus údar leis. An dtabharfaidh Schmidt deis arís do Payne agus Henshaw, an chomhpháirtíocht a bhuaigh comórtas na Sé Náisiún dúinn? Ach níl aon chleachtadh corn domhanda faighte ag Henshaw fós. An mbeidh Schmidt sásta é a chur chun páirce den chéad uair i gcoinne na bhFrancach faoi cheann seachtaine? Cinntí móra iad seo ar fad, gan dabht.

Maidir le leathchúlaithe, níl aon aimhreas ann: is iad Murray agus Sexton a bheas ann: rogha amháin déanta ar aon chaoi!

I measc na dtosaithe, tá mise ag tuar anois gurb iad Healy agus Ross a thosóidh mar fhrapaí, seans gurb é Best a bheas eaturthu mar húcálaí.

Tá Paul O’Connell, captaen na foirne cinnte dá áit sa dara líne, ach cé a bheas in éindí leis? Toner atá 6’11” ar airde, a deir tú, ach céard faoin ógánach Henderson, imreoir a bhí thar barr fad i gcoinne Cheanada?

Beidh sé baolach dul i gcath fisiciúil agus fíochmhar gan saighdiúir mar é, ná go deimhin, gan leithéidí Dhonnacha Ryan, fear nár chuir cois amú ach oiread.

Tá trí spás sa líne cúil tosaithe. Tá O’Brien agus Heaslip cinnte dá gcuid áiteacha. Ach cé a bheas sa tríú spás, áit a bhfuil Peter O’Mahony, Chris Henry, Jordi Murphy chomh maith le Henderson agus Ryan i ngéariomaíocht lena chéile.

Sin iad na roghanna atá le déanamh ag Schmidt maidir le tús an chluiche, ach tá cúpla cinneadh mór agus crua le déanamh aige maidir leis na hionadaithe freisin. Mar a dúirt mé, cé a bheadh i mbróga Joe?

Cuimhnigh freisin go mbeidh leathshúil aige ar roghnú na foirne do chluiche na Fraince freisin.

Beidh an tuarastal mór sin tuillte go maith aige!