‘Cathanna móra’ á dtroid thart ar Kyiv, ionsaí déanta ar iosta ola sa Rúis

Tá tús á chur arís inniu leis na cainteanna síochána idir an dá thaobh

‘Cathanna móra’ á dtroid thart ar Kyiv, ionsaí déanta ar iosta ola sa Rúis

Deir méara Kyiv, Vitaliy Klitschko, go bhfuil “cathanna móra” á dtroid ó thuaidh agus taobh thoir den phríomhchathair.

“Tá baol sách mór ann i gcónaí go bhfaighidh tú bás (in Kyiv), agus mar sin is í an chomhairle atá agam ná aon duine atá ag iarraidh filleadh, fan tamall eile, le bhur dtoil,” arsa Klitschko.

Dúirt na húdaráis in Kyiv níos túisce inniu go raibh fórsaí na Rúise ag cúlú ó cheantair áirithe timpeall na cathrach ach gurb amhlaidh gur ag cur le líon na saighdiúirí in áiteanna eile a bhí siad.

Dúirt Comhairleoir de chuid an Uachtaráin Volodymyr Zelensky go raibh trúpaí na Rúise á gcur ar gcúl soir ó thuaidh agus siar ó thuaidh de Kyiv.

Maíodh chomh maith go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag an Úcráin timpeall ar Kherson, an t-aon mhórchathair atá gafa ag fórsaí na Rúise.

Léirigh Uachtarán na hÚcráin amhras faoi fhógra na Rúise go maolóidís a n-ionsaí ar an bpríomhchathair agus dúirt gurb amhlaidh a bhí siad á neartú agus á n-ullmhú féin le “ionsaithe móra” a dhéanamh san oirthear agus sa deisceart.

“Tá siad ag cúlú as na háiteanna a rabhamar á gcloí le díriú ar áiteanna eile atá níos tábhachtaí dóibh agus níos deacra orainne,” a dúirt an tUachtarán Zelensky aréir.

Shéan an Úcráin go raibh baint acu le hionsaí héileacaptar ar stóras ola in Belgorod na Rúise, 40 ciliméadar ó thuaidh de theorainn na hÚcráine

Dúirt urlabhraí na Creimile nár chabhair do na cainteanna síochána an t-ionsaí. Tá tús á chur arís inniu leis na cainteanna síochána iar líne dir an dá thaobh.

Theip ar iarracht ionadaithe ó Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge calafort Mariupol a shroichint inniu chun an bealach amach sábháilte a eagrú do na mílte duine sa gcathair atá faoi léigear le breis is mí agus iad d’uireasa uisce glan, teas agus leictreachas agus iad ar bheagán bia.

“Tá cúrsaí go huafásach ar fad sa gcathair agus is in olcas atá siad ag dul. Níl focail ann le cur síos air,” a dúirt urlabhraí dá gcuid. Dúradh go ndéanfaí iarracht arís amárach.

Trí charr atá ag an gCrois Dhearg don fhoireann agus iad ag tionlacan 54 bus de chuid na hÚcráine le daoine a thabhairt amach as an smionagar cogaidh.

Meastar go bhfuil thart ar 100,000 duine teanntaithe i gcónaí sa chathair chalafoirt i ndeisceart na tíre.

Tá Mariupol scriosta ag an mbombardú atá á dhéanamh ag an Rúise uirthi le mí anuas. Dúirt Vadym Boychenko, méara na cathrach, le Reuters gur maraíodh 5,000 duine sa chathair ó thús an ionraidh, 210 páiste ina measc.

Ba 7.5% an ráta boilscithe bliantúil a bhí i limistéar an euro mí an Mhárta, an ráta is airde riamh.

Bliain ó shin 1.3% a bhí i gceist.

Seo an chéad uair go raibh impleachtaí an chogaidh san áireamh i bhfigiúirí Eurostat.

Agus sé seachtaine caite ó cuireadh tús le hionradh na Rúise, tá an Úcráin á bombardú ó chian ag fórsaí Vladimir Putin agus gan mórán dul chun cinn á dhéanamh ar thalamh acu.

Tá na milliúin teite óna mbailte ó thús an ionraidh, a chuir tús leis an ngéarchéim teifeach is measa san Eoraip ón dara cogadh domhanda. Ceithre mhilliún Úcránach atá teite chuig tíortha eile. Tá na mílte sibhialtach agus saighdiúir maraithe agus cuid mhaith den Úcráin scriosta.

 

Fág freagra ar '‘Cathanna móra’ á dtroid thart ar Kyiv, ionsaí déanta ar iosta ola sa Rúis'