CATHAL MAC COILLE: Tástáil fós le déanamh ar stuaim an Taoisigh nua i mbun rogha

Ní bheidh léargas ceart againn ar chur chuige Leo Varadkar go dtí go roghnóidh sé a chuid airí stáit

CATHAL MAC COILLE: Tástáil fós le déanamh ar stuaim an Taoisigh nua i mbun rogha

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá a chéad rogha déanta ag an Taoiseach nua, ach níl ann dáiríre ach leathrogha.

Ní bheidh léiriú ceart againn ar a stuaim ná ar a chumas botúin a cheartú go dtí go roghnóidh sé airí stáit an tseachtain seo chugainn.

Idir an dá linn, ní foláir cuimhneamh ar laige dholeigheasta an Taoisigh nua agus a chéad roghanna á meá.

Ní raibh rialtas sa tír riamh a bhí chomh lag, ná príomhpháirtí rialtais a bhí chomh lag, le rialtas Leo Varadkar. Dá fheabhas é cur chuige ar bith a fhógraíonn an Taoiseach nua, ní féidir leis é a chur i bhfeidhm (a) cheal tacaíocht na Neamhspleách sa rialtas agus (b) cheal staonadh nó tacaíocht Fhianna Fáil.

Ní chuirfidh an laige seo bac ar a shaothar maidir leis an dá phríomhghnó a bheas ar a chlár oibre: an Breatimeacht, agus Tuaisceart Éireann.

Go deimhin, beidh comhthuiscint idir Leo Varadkar agus Theresa May fiú sula ndeir ceachtar acu focal. Tá an bheirt i gceannas ar pháirtithe rialtais nach bhfuil móramh parlaiminte ag tacú leo.

Beidh ar an Taoiseach nua aghaidh a thabhairt ar dhúshlán pearsanta freisin. Go dtí seo, bhí sé freagrach as gnóthaí ranna éagsúla rialtais, agus gan aon éacht déanta aige le linn a sheal mar aire.

Mar aire, bhí Leo Varadkar ábalta labhairt ar ghnóthaí a bhain lena fhreagracht, agus ar ghnóthaí ginearálta de réir mar a d’oir dó féin.

Ní hionann cás an Taoisigh, am ar bith.

Bíonn gach Taoiseach freagrach as gach gnó a bhaineann leis an rialtas. Cuirtear iachall orthu ceisteanna a bhaineann le gach ábhar atá, nó a d’fhéadfadh a bheith, ar chlár oibre an rialtais.

Ní cheadaíonn an pobal ná na meáin tost. Ní ghlactar ach oiread le seachantacht áisiúil, mar a chloistear uaireanta agus aire á cheistiú:

‘Tuigim gur cás imní é an t-ábhar seo, ach níl lántuiscint agam air fós. Ní mian liom labhairt ina thaobh go dtí go gcloisfidh mé cur síos an aire atá freagrach as, agus go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an rialtas faoi na beartais atá riachtanach.’

Cuimhníonn an scríbhneoir seo fós ar thoilteanas Albert Reynolds labhairt go minic mar aire faoi mhórscéalta nuachta an lae. Faraor chuaigh drogall, amhras agus drochmheas ar iriseoirí i bhfeidhm go mór air tar éis dó dul i gcomharbacht ar Charlie Haughey i 1992.

D’oir sé do Leo go minic labhairt amach uaireanta, mar a rinne sé mar shampla agus an sceithire Maurice McCabe á mholadh aige, fad a bhí airí eile ina dtost. Ach d’oir sé dó a bheith tostach uaireanta eile. Ní bheidh rogha áisiúil dá leithéid aige feasta.

Is é bun agus barr an scéil nach féidir le Taoisigh, ná le duine ar bith, a bheith cinnte roimh ré cé mar a oirfidh an gradam is airde dóibh.

Ní raibh Enda Kenny gan locht, ach is treise go mór meas na coitiantachta air anois ná mar a bhí ar dhul in oifig dó in 2011. Más amhlaidh cás Leo Varadkar faoi chríoch a théarma i gceannas, bainfidh sé féin agus an tír tairbhe as.


Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Focal faoi Imeacht Enda

D’éirigh Enda Kenny as oifig ar dhá phríomhchúis; (1) toisc gur chaill Fine Gael 26 suíochán Dála san olltoghchán anuraidh; (2) toisc gur chlis ar fhoighne a pháirtí nuair a chum sé finscéal eile faoi chomhrá nach raibh aige riamh.

Fearacht gach duine a chaith seal i gceannas ar rialtas le leathchéad bliain, is in aghaidh a thola mar sin a d’éirigh sé as a phost.

Ba é Seán Lemass an Taoiseach deireanach a d’éirigh as a phost mar a thogair sé féin, gan aon duine a bheith ag cur brú air imeacht. Go deimhin, chuir an ráiteas imeachta gan choinne iontas agus díomá ar a chomrádaithe i bhFianna Fáil i 1967.

Ó shin i leith, dhíbir vótóirí nó a chomhghleacaithe, nó an dá dhream in éineacht, gach Taoiseach eile: Cosgrave i 1977, Lynch i 1979, Fitzgerald i 1987, Haughey i 1992, Reynolds i 1994, Bruton i 1997, Ahern in 2008, Cowen in 2011, agus Kenny Dé Mairt.

Ceannaireacht, is crua an cheird í.

-Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Tástáil fós le déanamh ar stuaim an Taoisigh nua i mbun rogha'