CATHAL MAC COILLE: Agus anois an aimsir… stoirm phá romhainn in 2017

Rinne na Gardaí praiseach de pholasaí pá an rialtais, gan fiú leathlá a chaitheamh ar stailc. Bhagair siad go bhfágfaí an stát agus gach saoránach gan chosaint, agus ghéill an rialtas ag an nóiméad deireanach

CATHAL MAC COILLE: Agus anois an aimsir… stoirm phá romhainn in 2017

Pictiúr: RollingNews.ie

Ní foláir aird a thabhairt ar a ndúirt airí rialtais éagsúla mar chosaint ar a ndearna siad ó mhol an Chúirt Oibreachais go n-íocfaí liúntais bhreise éagsúla leis na Gardaí. Ní athraíonn a ráitis tábhacht an aighnis, ná tábhacht ghéilleadh an rialtais.

Má phléann tú aighneas pá ar bith le ceardchumannaí ar bith, cloisfidh tú caint sula i  bhfad ar chomhaontú (a) nár comhlíonadh (b) nár réitigh fadhb éigin (c) atá riachtanach anois nó (d) a theastaíonn nuair a rachaidh an comhaontú reatha as feidhm.

Is dlúthchuid iad comhaontuithe de chur chuige na gceardchumann. Is féidir comhaontú a chur i leataobh uaireanta, mar a rinne an rialtas agus pá sa tseirbhís phoiblí á chiorrú acu ó 2010 ar aghaidh.

Ach ní féidir brath ar chás éigeandála mar threoir chun gnáthpholasaí a cheapadh.

In 2015, vótáil comhaltaí Chumann Ionadaíoch na nGardaí (an GRA)  in aghaidh Chomhaontú Bhóthar Lansdúin le tromlach mór (87/11). Taobh amuigh den ASTI, vótáil na ceardchumainn eile sa tseirbhís phoiblí ina fhabhar.

In 2016,  chun stailc a sheachaint, tá an Rialtas toilteanach 40 milliún sa bhreis a thairiscint do cheardchumann a dhiúltaigh don Chomhaontú. Beidh praghas anuas ar an bpraghas sin le n-íoc sula i bhfad.

Abair go raibh tú i gceannas ar cheardchumann a vótáil i bhfabhar an Chomhaontaithe.  Cloiseann tú scata airí rialtais ag rá nach ionann an tairiscint bhreise do na Gardaí agus feabhas ar an margadh a mhol tú do do lucht leanúna féin roimhe seo. An gcuirfeadh ráitis na n-airí tusa ar do shuaimhneas, gan trácht ar an gcosmhuintir?

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe Dé Céadaoin go raibh Comhaontú Bhóthar Lansdúin, agus an clár ama a ghabhann leis, slán i gcónaí. Ní bheidh an rialtas toilteanach comhaontú nua a bhrostú, a dúirt sé, toisc go gcaithfí a bheith cothrom le cách – daoine atá féinfhostaithe, daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí, agus cáin-íocóirí atá ag brath ar an tseirbhís phoiblí.

Dá n-athrófaí rud amháin sa bhuiséad atá beartaithe i gcomhair 2017, a dúirt Paschal Donohoe, chaithfí an buiséad iomlán a athrú.

Ní gan dua a thiocfar ar chomhréiteach idir seasamh an Aire agus an rialtais faoi chúrsaí pá agus éilimh na gceardchumann. Tá siadsan ag iarraidh cainteanna faoi chomhaontú nua pá go luath san athbhliain. Teastaíonn uathu go bhfillfí ar na rátaí pá a bhí á n-íoc roimhe seo níos luaithe ná an dáta a socraíodh cheana (Meán Fómhair 2017). 

Tá tréimhse an-chorrach ag bagairt ar an Rialtas, má chuimhnítear ar na haighnis eile atá ag borradh cheana féin i measc altraí agus dochtúirí, agus san earnáil phríobháideach.

Ach is i mbagairt nár comhlíonadh na nGardaí is mó atá síol an dainséir. Tá an scéal amhlaidh toisc gur thairg an rialtas téarmaí réitigh do na Gardaí nár tairgeadh d’oibrithe eile agus toisc gur deacair aighneas pá eile leis na Gardaí a shamhlú gan stailc a bheith á bagairt arís agus, b’fhéidir, á cur i bhfeidhm.

 Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Agus anois an aimsir… stoirm phá romhainn in 2017'