Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh – CUID 6

CUID 6 – Tá áthas ar Tuairisc.ie Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh, úrscéal nua le Pól Ó Muirí d’fhoghlaimeoirí agus do léitheoirí i gcoitinne, a fhoilsiú anseo

Léaráid: Mark Wickham
Léaráid: Mark Wickham

Foilsítear anseo Cuid 6 den leagan scríofa agus fuaime de  Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh le Pól Ó Muirí. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sár-scéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim!


 Cuid 6

 

Bhí luí na gréine ann. Sheas Adele agus d’amharc sí ar an ghrian ag dul faoi. Dúirt sí paidir eile. Cá mhéad paidir a dúirt sí an lá sin? Cá mhéad? Agus cén éifeacht a bhí leo? “Ar éist Dia le mo ghlór inniu?” a d’fhiafraigh sé di féin, “beidh mórán daoine ag guí inniu.” Chuala si trup ollmhór i bhfad i gcéin. “Buama!” Scanraigh sí. Chuala sí an dara trup, an tríú trup, an ceathrú trup, an cúigiú trup, an séú trup, an seachtú trup, an t-ochtú trup… Ní raibh deireadh leis an trup. Buama i ndiaidh buama i ndiaidh buama. Scanraigh sí arís. Bhí sí eaglach. Mhaslaigh sí Dia lena hainchreideamh. Cinnte, chuala Dia a paidir. Ach cad é an freagra a thabharfadh sé ar a paidir? Sin an cheist a bhí aici. Cad é an freagra?

“Adele! Adele!” Bhí a máthair ag scairteadh, “gabh isteach. Tá sé mall. Gabh isteach.” Rinne Adele moill bheag eile. Bhí callán na coimhlinte le cluinstin go fóill. “Adele! Adele!” Bhí a máthair ag scairteadh go fóill, “gabh isteach. Tá sé mall. Gabh isteach. Tá sé contúirteach. Déan deifir.”

Rinne Adele moill go fóill féin. Bhí an lá beagnach caillte. D’amharc sí in airde uair amháin eile. Chuala sé callán na coimhlinte ag éirí ní ba mheasa. “Tá an diabhal ag gáire anocht,” a dúirt sí léi féin. Bhí an ghrian ag dul faoi; bhí an solas ag fáil bháis. Ach bhí dathanna eile le feiceáil sa spéir – dearg agus oráiste. D’amharc sí ar an spéir uair amháin eile agus dúirt paidir amháin eile agus chuaigh chun tí.

Chonaic Heinrich go raibh an ghrian ag dul faoi. Chonaic sé go mbeadh sé dorcha ar ball. “Caithfidh mé dídean a aimsiú,” a dúirt sé leis féin, “caithfidh mé áit éigin seascair a aimsiú.” Bhreathnaigh sé ar an tuath. Ní raibh teach le feiceáil; ní raibh scioból le feiceáil; ní raibh cró le feiceáil. Dá mbeadh féin, ní rachadh sé isteach ann. Bheadh sé róchontúirteach.

Bhí Heinrich ar a theitheadh agus ní raibh rún aige filleadh ar an arm. Ach dá bhfaigheadh na póilíní míleata greim air, thabharfadh siad a bhás. Thabharfadh siad fealltóir air. Déarfadh siad go raibh sé ag loiceadh ar a chomrádaithe. Ba chuma leis faoi sin níos mó.

Bhí a chomrádaithe ar fad marbh faoin am seo. Bhí siad sa chill sa Pholainn, sa Rúis, san Iodáil, san Afraic Thuaidh, sa Ghréig. Bhí siad uilig ar shlí na fírinne. Ní raibh sna fir eile ach daoine faoi éide mhíleata. Níorbh iad a chairde iad. Níorbh iad a chomrádaithe iad. Bhí Ludwig marbh; bhí Wolfgang marbh; bhí Andreas marbh. Bhí a chairde scoile uilig marbh. Bhí sé brónach ina ndiaidh. Bhí sé uaigneach ina ndiaidh.

Ní raibh sólás le fáil aige. Ní rachadh Heinrich ar ais san arm. Ní dhéanfadh sé íobairt amháin eile ar son an Reich. Rachadh sé ar ais chuig Adele. Phósfadh sé í. Thógfadh siad clann le chéile. Thabharfadh sé aire di agus thabharfadh sé aire dá bpáiste. Thabharfadh sé aire don fheirm; thabharfadh sé aire don eallach; thabharfadh sé aire do na cearca. Bheadh saol sona sásta aige le Adele; bheadh saol sona sásta ag Adele leis; bheadh saol sona sásta ag a gcuid páistí. Bheadh gach aon rud i gceart. Bheadh gach aon rud togha. Bheadh an saol go réidh acu uilig.

D’ólfadh siad fíon agus d’íosfadh siad bia maith. Fíon agus béile. Sea, sin an dóigh. Fíon agus béilte. Cois tábla. Le chéile. Mar chlann. Chaithfeadh siad an tráthnóna ar an trá. Shiúlfadh siad an trá gach tráthnóna. Lámh ar lámh. Ní mharódh sé duine ar bith eile go deo. Thabharfadh sé droim láimhe leis an mharú.

Chuala sé pléascadh. Agus pléascadh eile! Dídean! “Caithfidh mé dídean a aimsiú,” a dúirt sé. Bhí an oíche beagnach ann agus bhí eagla air. Bhreathnaigh sé thart arís. Cad é sin? Crann? Crann a bhí ann go cinnte. Crann dárach. Crann mór dárach. Crann a bhí ina luí beagnach ar an talamh. Bhí fréamhacha an chrainn le feiceáil. Caithfidh sé gur buama a stróic an crann den talamh. Bhí fréamhacha an chrainn fite fuaite san aer. Ní raibh sin nádúrtha, a smaoinigh Heinrich leis féin, ach thabharfadh an crann dídean dó féin don oíche.

Dhreap Heinrich isteach sna fréamhacha. Nach deas an áit í seo? a smaoinigh sé leis féin. Nach sábháilte an áit í seo? a smaoinigh sé leis féin. Ní fheicfidh duine ar bith mise, a dúirt sé leis féin, áit dheas sheascair atá ann. D’aimsigh sé duilleoga agus craobhacha agus chuaigh sé i bhfolach ina measc. Tá mé sábháilte, a dúirt sé leis féin, ní thig le duine ar bith mé a fheiceáil anseo. Bhí Heinrich fuar ach tirim. Bhí sé sásta leis an dídean. D’amharc sé i dtreo na spéire. Bhí réaltaí anois ann.

Bhain sé a mhála droma de féin. Bhain sé a phluid as a mhála droma. Chuir sé an phluid thart air féin. Luigh sé siar i measc na nduilleog. Luigh sé siar i measc na gcraobhacha. Luigh sé siar i measc na bhfréamhacha. Sea, tá mé sábháilte anseo, a dúirt sé leis féin. Tá mé as radharc. Tá mé as éisteacht.

D’amharc sé ar an spéir arís. D’amharc sé ar na réaltaí arís. Smaoinigh sé ar a chomrádaithe. Smaoinigh sé ar na coireanna a rinne siad. Smaoinigh sé ar na coireanna a rinne sé féin. Ansin, smaoinigh sé ar Adele agus thit a chodladh air.