Foilsítear anseo Cuid 3 den leagan clóite agus fuaime de Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh le Pól Ó Muirí. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sár-scéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim!
Cuid 3
An chéad urchar. An chéad bhuama. An chéad radharc ar an namhaid. An chéad scairt. An chéad ghair. An chéad ghoin. An chéad titim. An chéad bhás. An chéad eagla. Eagla, eagla mhór, eagla thar eagla, eagla i gceann agus eagla i gcroí agus eagla i gcliabh agus eagla i gcosa agus eagla i gcnámha agus eagla i gcolainn, eagla chomh domhain sin ionat gur reoigh sí gach céadfa; eagla chomh domhain ionat gur reoigh sí ciall.
Bhí miotal ar eitilt san aer. Phléasc an t-aer. Bhain an miotal scread as an aer. Bhain an miotal scréach as an aer. Bhain an miotal scairt as an aer. Bean sí a bhí ann. Glór bhean sí. Bhí an bhean sí ag scairteadh; bhí sí ag scairteadh ar fhir; bhí sí ag scairteadh ar gach fear a bhí ar pháirc an chatha.
Bhí glór ard géar ag an bhean sí; bhí glór gan trocáire ag an bhean sí. Ba chuma leis an bhean sí cén t-ainm a bhí ort. Ba chuma léi. Ba chuma léi go raibh tú pósta nó díomhaoin. Ba chuma léi go raibh grá ag do mháthair duit; ba chuma léi go raibh grá ag d’athair duit. Ba chuma léi gur thaitin peil leat nó snámh leat nó ficheall leat.
Ba chuma léi go raibh deartháir agat nó deirfiúr. Ba chuma léi go raibh dúil sa léitheoireacht agat. Ba chuma léi go raibh bua an cheoil agat. Ba chuma léi go raibh do shúile gorm nó donn nó liath nó glas. Ba chuma léi. Bhí an bhean sí ag scairteadh agus ag scairteadh agus ag scairteadh: bás! bás! bás! anbhás! anbhás! anbhás!
Chuala Heinrich an bhean sí; chonaic sé an bhean sí i mbun oibre. Chonaic sé daoine ag titim; chonaic sé comrádaithe ag titim. Chonaic sé go raibh talamh agus neamh fáiscthe lena chéile. Chonaic sé an talamh ag éirí agus chonaic sé an spéir ag titim. Chonaic sé féar agus aer le chéile. Chonaic sé clábar agus scamall le chéile. Ní raibh thuas ná thíos ann. Ní raibh thiar ná thoir ann. Ní raibh thuaidh ná theas ann. Bhí an domhan agus an spéir greamaithe le chéile seal agus réabtha as a chéile seal. Bhí neacha ag titim agus ag éirí in aon am amháin. Bhí fir ag titim agus ag éirí in aon am amháin. Bhí feithicilí ag titim agus ag éirí in aon am amháin. Titim agus éirí.
Chuala sé scairt agus scread agus scréach agus fir agus miotal agus chuala sé an bhean sí arís. Bhí an bhean sí ag canadh. Bhí amhrán álainn an bháis ag an bhean sí. Ní raibh le déanamh ag Heinrich ach éisteacht leis an amhrán agus bheadh deireadh leis. Dhiúltaigh sé éisteacht leis an amhrán.
Ní éisteodh sé leis an amhrán. Chuir sé a mhéara lena chluasa; dhaingnigh sé a mhéara ar a cheann. Ní éistfeadh sé leis an bhean sí. Ní éistfeadh sé léi. Ní thabharfadh sé aird ar an bhean sí; ní thabharfadh sé aird uirthi. Smaoinigh sé ar an dán sin le Goethe, Lorelei.
Smaoinigh sé mar a mheall Lorelie mairneálaigh chun a mbáis. Ní mheallfadh Lorelei chun báis é. Ní mheallfadh Lorelei é. Ní mheallfaidh sí é. Ní mheallfadh bean sí an bháis é. Bhí a ghrá geal ag fanacht leis; bhí sí beo agus bhí grá aici dó. Grá. Grá.
Dhiúltaigh sé éisteacht leis an bhean sí; dhiúltaigh sé éisteacht le Lorelei; dhiúltaigh sé éisteacht leis an bhean sí. Chuir sé a lámha thar a chluasa. Ní éistfeadh sé. Ní éistfeadh sé leis an bhean sí. Ní éistfeadh sé léi. Ní éistfeadh sé léi inniu mar níor éist sé riamh léi.