Cath na gcomharsan i gCiarraí Thiar curtha ar an méar fhada

Beidh muid ag fanacht píosa eile sula mbeidh a fhios againn cé hiad buaiteorí Craobh Chiarraí Thiar 2014

Pic1-OConchuir
Imreoir na Gaeltachta, Éanna Ó Cinchuir, ag imirt i gCluiche Ceannais Faoi 21 Chiarraí mí na Samhna seo caite. Pictiúr: Séan Ó Mainnín

 

Tá Cluiche Ceannais Faoi-21 Chiarraí Thiar, a bhí le himirt idir An Daingean agus An Ghaeltacht, curtha siar. Bhí an cluiche le dul ar aghaidh an Domhnach seo, an 18 Eanáir, ach chinn Bord Chiarraí Thiar é a chuir siar. Níl aon dáta eile socraithe don chluiche faoi láthair.

Is é an chúis atá leis an gcinneadh ná go bhfuil Pobal Scoil Chorca Dhuibhne, scoil ar a bhfuil cuid de na himreoirí ón dá fhoireann ag freastal, ag imirt Cluiche Ceathrú Ceannais i gCorn Uí Mhuirí an seachtain seo chugainn.

Cé go ndeir Bord Chiarraí Thiar go bhfuil sé i gceist acu an cluiche a chur ar siúl uair éigin amach anseo, is léir go mbeidh sé deacair deireadh seachtaine a bheadh feiliúnach a fháil toisc go bhfuil Sraith Chiarraí Thiar ag tosnú go luath. Beidh an tsraith ar siúl go dtí deireadh mhí Márta ar a laghad.

Tháinig stad le cuid mhór de na comórtais i gCiarraí nuair a shroich foirne Mionúr agus Sinsear an chontae Cluichí Ceannais na hÉireann mí Mheán Fómhair seo caite agus b’in an rud a chuir moill ar Chraobh Faoi-21 Chiarraí Thiar.

Cuirfidh an cinneadh díomá ar dhaoine a bhí ag súil leis an gcluiche ceannais seo, mar a mbeadh An Daingean agus An Ghaeltacht á fhéachaint lena chéile an athuair. Tar éis cúpla bliain dheacair, tá biseach tagtha ar an bpeil sa cheantar thiar agus tá baint ag go leor de na himreoirí óga ón dá chumann seo leis an athbheochan sin.

Bhí peileadóirí ón dá thaobh ar fhoireann Phobal Scoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh Corn Uí Ógáin den chéad uair anuraidh agus chuaigh cuid acu sin ar aghaidh chun Craobh Mionúr na hÉireann a bhuachan le Ciarraí.

Is iad An Ghaeltacht seaimpíní an chontae Faoi-21 agus ba iad An Daingean seaimpíní Mionúr Chiarraí i 2014, rud a léiríonn chomh maith is atá ag éirí leis an dá chumann faoi láthair.

Fág freagra ar 'Cath na gcomharsan i gCiarraí Thiar curtha ar an méar fhada'