Ní raibh aon easpa iarrachta, croí ná diongbháilteachta sna cluichí sraithe an deireadh seachtaine seo caite, fiú mura raibh an caighdeán céanna le feiceáil i ngach cluiche.
Oíche Dé Sathairn, thaistil Corcaigh go Gaillimh agus cheapas go raibh cuma beagáinín tuirseach orthu go luath sa chluiche. Bhí codarsnacht mhór idir na chéad fiche nóiméad sa chluiche sin agus an tús fíochmhar a chuir siad leis an gcluiche in aghaidh Phort Láirge an Domhnach roimhe sin. Bhí Gaillimh níos géire ina gcuid imeartha agus bhí níos smachta acu ar chúrsaí go luath agus bhí siad i gceannas do thréimhsí fada, ach bhí an t-aimsiú lag acu, bhí Cathal Mannion amscaí, imreoir a bhíodh ag scóráil go rialta agus go cruinn anuraidh i mbeagnach gach cluiche.
Ó thaobh Chorcaí de, bhí roinnt rudaí dearfacha faoina a dtaispeántas. Thug an giota beag achrainn díreach roimh leath ama spreagadh dóibh agus tháinig siad amach don dara leath le fuinneamh níos fearr agus iad i bhfad níos déine. Throid siad go crua ar fud na páirce agus bhí teacht isteach Brian Hayes fíorthábhachtach. Scóráil sé dhá chúl agus d’iompaigh sé cúrsa an chluiche, agus d’éirigh le Corcaigh greim a choinneáil ar bhua a dhéanfaidh maitheas don dá fhoireann de réir mar a théann an tsraith ar aghaidh.
Ar an Domhnach, chonaiceamar, b’fhéidir, an chéad iontas mór den bhliain. Thaistil Luimneach go Port Láirge agus chailleadar i bPáirc an Bhreathnaigh. Tráth dá raibh, bhíodh an pháirc sin bog agus trom, ach an uair seo ní raibh leithscéal ann. Bhí Port Láirge ina bhfoireann iomlán difriúil ón dream a bhí chomh lag sin an deireadh seachtaine roimhe sin. Ba bhua ollmhór é Luimneach a shárú den chéad uair le roinnt blianta anuas, agus údar misnigh mór a bhí ann. Bhí filleadh Shane Bennett ríthábhachtach, agus chuidigh a chúl pionóis go mór leis an mbua a bhaint amach. Bhí Reuben Halloran an-chruinn ar na liathróidí socraithe agus, san iomlán, bhí an bua tuillte go maith ag Port Láirge, go háirithe i ndiaidh an cháineadh go léir a bhí faighte acu seachtain roimhe sin.
Bhí bua na seachtaine, áfach ,ag Tiobraid Árann nuair a scóráil siad 5-24 in aghaidh Uíbh Fhailí. Bhí an chéad leath cothrom go maith, scór ar scór, ach nuair a thosaigh Jason Ford ag aimsiú a spriocanna, ghlac Tiobraid Árann smacht iomlán. Cosúil le cluiche ceannais Chraobh na hÉireann anuraidh, bhí siad i gceannas glan sa dara leath, ag scóráil go rábach agus ag taispeáint muinín agus géire na seaimpíní reatha.
I Roinn 1B, rinne an Clár a jab go héasca is iad ar an mbóthar in aghaidh Aontroma. Bhí foireann Brian Lohan i bhfad rómhaith d’fhoireann Aontroma faoi stiúir Davy Fitzgerald, agus bhuaigh siad go compordach i gcluiche a raibh go leor cainte déanta roimhe mar ‘cath na gCláiríneach’.
Rinne Loch Garman obair chrua de arís ach d’éirigh leo bua beag a fháil ar fhoireann an Dúin, 27 pointe go 25. Cé nach bhfuil Loch Garman ag imirt ag a ndícheall fós, tá ceithre phointe acu anois, rud a choinníonn iad ar an mbóthar ceart.
Ba oscailt súl do Chill Dara a gcéad chluiche sraithe ag an leibhéal seo. Níor éirigh leo ach 11 pointe a scóráil in aghaidh Bhaile Átha Cliath, a chríochnaigh le 2-19. Léirigh sé sin an dúshlán mór atá rompu más mian leo a bheith iomaíoch sa tsraith agus i gcraobh Laighean i mbliana.
Ar an Satharn freisin, imríodh cluiche ceannais Chorn an Artaigh. Thosaigh Coláiste Fhlannáin go láidir agus bhí siad an-mhaith ar feadh na chéad cheathrún, ach léirigh Coláiste an Aonaigh an neart agus an misneach atá in iomáint Thiobraid Árann faoi láthair.
Ag féachaint chun cinn anois, tá an chuma ar an scéal go mbeidh slua ollmhór i bPáirc Uí Chaoimh anocht, agus thart ar 25,000 ticéad díolta go luath sa tseachtain do chluiche Chorcaí i gcoinne Thiobraid Árann. ‘Athimirt’, dar ndóigh, é ar chluiche ceannais na sraithe agus ar chluiche ceannais Chraobh na hÉireann anuraidh, agus bunaithe ar a bhfuil feicthe againn go dtí seo, tá cath mór traidisiúnta ar na bacáin.
Ar an Domhnach, cuirfidh Port Láirge fáilte roimh Uíbh Fhailí, cluiche a mheabhraíonn cluiche ceannais Roinn 1B anuraidh dúinn. Cé gur buaileadh Uíbh Fhailí go dona an deireadh seachtaine seo caite, bhí siad sách maith sa chéad leath agus ní bheidh siad éasca a shárú.
Níos déanaí an lá céanna, rachaidh Cill Chainnigh go Luimneach do chluiche thar a bheith tábhachtach, go háirithe do Luimneach i ndiaidh lagthaispeántas an deireadh seachtaine seo caite. Bhí deireadh seachtaine saor ag Cill Chainnigh agus ba chóir dóibh a bheith úr agus ullamh don dúshlán.
Ar an iomlán, tá gach seans go mbeidh trí chluiche den scoth i Roinn 1A. I Roinn 1B, imreoidh Loch Garman i gcoinne Cheatharlach, an Clár in aghaidh an Dúin, agus Cill Dara in aghaidh Aontroma. Tá spéis ar leith sa chluiche idir Cill Dara agus Aontroim. Tá an cluiche seo an-tábhachtach do Chill Dara, mar tá taispeántas maith riachtanach agus ag an bpointe seo, tá bua de dhíth go géar orthu, díreach mar atá ar Aontroim.
Fág freagra ar 'Cath mór traidisiúnta chugainn i bPáirc Uí Chaoimh'