
GAILEARAÍ / Údar misnigh ag an bpobal agus a gCéad Chomaoineach á ceiliúradh ag páistí ar an gCeathrún Rua i gConamara
Sean Ó Mainnín
Rinne breis is 30 páiste a gCéad Chomaoineach i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara Dé Sathairn seo caite. Agus treoirlínte Covid-19 i bhfeidhm go docht sa séipéal, ba léir gur mhór an sásamh agus an misneach do gach éinne go rabhthas ábalta an searmanas a reáchtáil agus lá mór a bheith ag na páistí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín