Moill bheag le taifeadadh ‘Ros na Rún’ ach tús á chur leis arís go luath

Beidh Trealamh Cosanta Pearsanta in úsáid ag an bhfoireann a bheas ag filleadh ar an seit ar an Spidéal

Moill bheag le taifeadadh ‘Ros na Rún’ ach tús á chur leis arís go luath

Ros na Rún le dul i mbun taifeadta arís sna seachtainí beaga seo romhainn ar shraith nua den sobaldráma Gaeltachta a chraoltar ar TG4.

Dheimhnigh Léiritheoir Feidhmiúcháin Ros na Rún, Siobhán Ní Ghadhra, do Tuairisc.ie go rabhadar ag ullmhú le tús a chur le scannánú na sraithe úire ar sheit an tsobaldráma ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Cuireadh moill ar thaifeadadh an tséasúir úir de Ros na Rún toisc na srianta a bhain le Covid-19 a bhí i bhfeidhm le roinnt míonna anuas.

Tá lucht léirithe an tsobail Ghaeilge ag dul i mbun scannánaíochta tráth a bhfuil earnáil na drámaíochta sa tír ar a dícheall ag iarraidh dul i mbun oibre arís.

Dúirt Siobhán Ní Ghadhra go bhfuil “go leor oibre agus pleananna” á bhforbairt lena chinntiú go bhféadfaí filleadh“ar bhealach atá slán sábháilte do gach duine”.

Thug Ní Ghadhra le fios go mbeidh Trealamh Cosanta Pearsanta, PPE, in úsáid ag an fhoireann a bheas ag filleadh ar an seit ar an Spidéal agus go leanfaidh baill foirne áirithe ag obair ón bhaile, nuair is féidir sin a dhéanamh.

Dúirt Léiritheoir Feidhmiúcháin Ros na Rún go mbeidh “súil ghéar” á coinneáil acu ar threoirlínte an rialtais “de réir mar a athraíonn siad”.

“Beidh muid ag leanacht na dtreoirlínte atá foilsithe ag an Rialtas agus ag coinneáil súil ghéar ar rudaí de réir mar a bhíonn siad ag athrú, ” a dúirt sí.

Ar an 22 Meán Fómhair a chuirfear tús leis an 25ú sraith de Ros na Rún ar TG4. Beidh sé chlár speisialta á gcraoladh mar chuid den cheiliúradh agus iad 25 bliain ar an aer.

Fág freagra ar 'Moill bheag le taifeadadh ‘Ros na Rún’ ach tús á chur leis arís go luath'