Ní chuirfidh Micheál Martin stop le hathaontú na hÉireann

Cinnteoidh athruithe déimeagrafacha go mbeidh móramh ann ó thuaidh d’Éirinn Aontaithe agus mura mbíonn an pobal Aontachtach sásta páirt a ghlacadh sa díospóireacht, rachfar ar aghaidh gan iad

Ní chuirfidh Micheál Martin stop le hathaontú na hÉireann

Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

Níor cuireadh aon cheist sa bpobalbhreith is deireanaí faoi athaontú na hÉireann, ach ní cosúil go bhfuil aon athrú ó phobalbhreitheanna roimhe seo a léirigh go bhfuil idir 67-80% (gan daoine nár nocht tuairim a áireamh figiúirí) sna 26 contae ar son athaontú na tíre.

Is ait mar sin go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil – an Páirtí Poblachtach, mar dhea – ag dearbhú go láidir nach bhfuil sé ag iarraidh aon reifreann faoin teorainn, is go bhfuil sé ag díriú a aird ar ‘Éire Roinnte’ níos mó ná ar Éire Aontaithe.

Níl sé soiléir céard a cheapann muintir Fhianna Fáil faoi seo mar roimhe seo bhíodh an páirtí i gcónaí ag maíomh gur a theastaigh uathu athaontú na tíre a bhaint amach ar shlí bhunreachtúil.

Ábhar míshuaimhnis dóibh gan dabht go bhfuil iarcheannaire Fhine Gael Leo Varadkar ag labhairt amach go láidir i bhfabhar obair ullmhúcháin a dhéanamh do reifreann faoin teorainn.

Dúirt seisean gurb é athaontú na hÉireann tionscnamh polaitiúil ár linne, ach nach mór dúinn an obair réamhullmhúcháin a dhéanamh chun é sin a bhaint amach.

“Tá na plátaí teicteonacha ag bogadh agus is i dtreo amháin é. Mar a tharlaíonn i gcónaí, caithfidh an spreagadh d’athrú mór teacht ón bpobal,” a dúirt Leo Varadkar.

Ní mar sin a labhraíonn Micheál Martin faoin scéal.

Deir seisean gur tábhachtaí athmhuintearas a bhaint amach sula ndéanfadh muid aon chaint faoi athaontú.

Deir sé go bhfuil sé ag iarraidh obair leis na páirtithe ó thuaidh, ar mhaithe le muinín a chothú ar an dá thaobh den teorainn.

Is léir go bhfuil sé ag caint faoin bpobal Aontachtach nuair a thagraíonn sé dó seo.

Tá sé tábhachtach, cinnte, go n-éistfear leis an bpobal sin is go ndéanfar gach iarracht a chinntiú go n-aireoidh siad compordach san Éirinn nua. Ach nuair a deir sé nach féidir athaontú a phlé sula mbeidh athmhuintearas bainte amach, tá sé ag tabhairt veto do na páirtithe Aontachtacha.

Agus má tá sé ag iarraidh éisteacht leis na hAontachtaithe, ní léir go bhfuil spéis ar bith aige i ndearcadh na Náisiúnaithe.

Ar ndóigh, tá sé nimhneach i gcoinne Shinn Féin ach níl sé soiléir an dtagann an nimh sin as dearcadh difriúil a bheith aigesean maidir le conas athaontú na hÉireann a bhaint amach nó an mbaineann sé le dúshlán Fhianna Fáil a bheith á thabhairt ag Sinn Féin ag na botháin vótála.

Ar aon chuma tá sé i ndiaidh an dearcadh láidir Poblachtach a bhíodh aige aimsir Haughey a thréigean, agus a dhearcadh a chur in oiriúint do mheon na meánaicme i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Níl fonn ar bith ar an mheánaicme sin a gcuid pribhléidí mar atá sa stát ó dheas a roinnt, fiú lena macasamhail féin ó thuaidh, agus tá faitíos mór orthu faoin mbaol go gcuirfeadh an aicme oibre Phrotastúnach ó thuaidh go mór le radacú an stáit dá mbeadh stát aontaithe ann agus an tseandheighilt sheicteach fágtha inár ndiaidh.

Cibé rud, is féidir le Martin moill a chur ar athaontú na tíre, ach ní féidir stop a chur leis. Ní hé 50% móide a haon an bealach is fearr le athaontú a bhaint amach, ach ag deireadh thiar, cinnteoidh athruithe déimeagrafacha go mbeidh móramh ann ó thuaidh agus mura mbíonn an pobal Aontachtach sásta páirt a ghlacadh sa díospóireacht, rachaidh sé ar aghaidh gan iad sa deireadh.

Glacann gach páirtí atá ar son an athaontaithe leis go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh an pobal Aontachtach páirteach san idirbheartaíocht le stát nua a chruthú, ach tá Martin ag tabhairt deis dóibh diúltú d’aon chainteanna leis an leithscéal go bhfuil athmhuintearas fós le baint amach.

Níl praghas le híoc, de réir dhearcadh Martin, ar dhiúltú na nAontachtach glacadh le cearta lucht na Gaeilge, mar shampla, nó comhurraim a bheith ag dul don dá phobal. Níl aon ugach ann brú a chur orthu glacadh leis an bhfírinne atá ag teacht.

Ach cé a sheasfadh amach i gcoinne Martin? Tá an dúshlán a bhí beartaithe tráth ag leithéid Jim O’Callaghan imithe le sruth, agus níl an port céanna ag Simon Harris a bhí agus atá ag Leo Varadkar.

Neosfaidh an aimsir, ach cé nach féidir le Martin stop a chur le hathaontú na hÉireann tá sé in ann moill a chur air agus an próiseas a dhéanamh níos deacra.

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh Micheál Martin stop le hathaontú na hÉireann'