Tá díomá léirithe faoi mhúrphictiúr i mBéarla amháin atá curtha in airde sa gCeathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste.
Tá múrphictiúr de scréachóg reilige péinteáilte in Anaclann Dúlra Chluain an Bhogaigh in iarthar na cathrach ach tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge gur cheart go mbeadh an Ghaeilge san áireamh sa mhúrmhaisiú agus iarrtha acu go gcuirfí “an scéal ina cheart”.
An charthanacht fiadhúlra Ulster Wildlife atá i bhfeighil an tearmainn agus a choimisiúnaigh an múrphictiúr chun aird a tharraingt ar an obair atá ar bun leis an scréachóg reilige a chaomhnú ar fud Bhéal Feirste.
Coimisiúnaíodh an múrphictiúr mar chuid den togra Ark of Extinction agus tá múrphictiúir le maisiú in áiteanna eile freisin.
Deir Conradh na Gaeilge go ndearnadh teagmháil le Ulster Wildlife “a luaithe is a d’fhéadfaí” ag iarraidh orthu go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh sa bpróiseas ach gur léir gur cinneadh neamhaird a dhéanamh ar an iarratas sin. Deir an Conradh go bhfuil achainí déanta le blianta fada anuas ar Ulster Wildlife cur chuige dátheangach a úsáid in Anaclann Dúlra Chluain an Bhogaigh.
Ag labhairt leis an Andersonstown News, dúirt Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge go raibh díomá mhór orthu faoin gcinneadh cloí leis an mBéarla amháin don mhúrphictiúr nua agus go raibh súil acu gur dearmad a bhí ann seachas neamhaird.
Dúirt Ulster Wildlife go raibh siad “treoraithe ag an ealaíontóir den chuid is mó” agus go raibh an múrphictiúr ag díriú ar an speiceas féin agus ar aird a tharraingt ar a chás.
Dúradh go gcuirfí roghanna do théacs dátheangach san áireamh do shaothair ealaíne amach anseo.
Deir Ulster Wildlife go mbíodh an scréachóg reilige fairsing i mBéal Feirste ach go bhfuil líon na n-éan tite go mór le roinnt blianta anuas. Deirtear go bhfuil níos lú ná 30 péire pórúcháin i dTuaisceart Éireann anois.
Fág freagra ar 'Díomá léirithe faoin easpa Gaeilge ar mhúrphictiúr sa gCeathrú Ghaeltachta'