Tá beirt de bhoic mhóra na peile faoi láthair, Áth Cliath agus Dún na nGall, ag dul chun páirce tráthnóna ach léiriú é ar cé chomh láidir is atá siad mar rogha na coitiantachta ina gcluichí gurb í an choimhlint idir Cill Dara agus Lú an ceann is suimiúla tráthnóna.
Ní hamháin nár cheart go mbeadh mórán idir na foirne i bPáirc Uí Chonchúir ach is cluiche thar a bheith tábhachtach é chomh maith mar ní hamháin go bhfuil áit i gcluiche ceannais Laighean ar fáil ach beidh an buaiteoir ag imirt sa bpríomhchomórtas do Chorn Mhig Uidhir i mbliana agus an dream eile ag tabhairt aghaidh ar Chorn Tailteann.
Níl mórán amhrais ann ach gurb iad Lú an dara foireann is fearr i gcúige Laighean le cúpla bliain anuas agus má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Chill Dara tráthnóna, bainfidh siad amach cluiche ceannais an chúige don tríú bliain as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta acu ó 1914.
Thóg sé cuid mhaith ama ar fhoireann Ger Brennan Laois a chur de dhroim seoil sna babhtaí ceathrú ceannais ach bhí príomhscórálaí na foirne, Sam Mulroy, agus Craig Lennon, agus fear a bhuaigh gradam All-Star anuraidh, gortaithe don chluiche sin. D’éirigh le Lennon teacht isteach mar ionadaí in aghaidh Laoise agus ba cheart go mbeadh sé ar fáil ón tús inniu ach tá Mulroy fós ar iarraidh.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an taoide tar éis casadh do Chill Dara tar éis dóibh cúpla bliain a chaitheamh ar lag trá. Bhaineadar an t-ardú céime amach ó Roinn 3 agus bhí bua maith acu in aghaidh na hIarmhí cúpla seachtain ó shin. Céim eile chun cinn a bheadh i mbua inniu.
Sa mbliain 2010 go deireanach a theip ar Áth Cliath an cluiche ceannais a bhaint amach agus an ceann is fearr faighte ag contae na Mí orthu an uair sin. Níl fir na príomhchathrach chomh maith is a bhí údar iontais a bheadh ann dá gclisfeadh orthu inniu.
Bhuaigh an Mhí ar Cheatharlach sa gcéad chluiche acusan sa gcraobh i mbliana agus tháinig ar ais ó dheich bpointe chun deiridh chun Uíbh Fhailí a chloí ina dhiaidh sin. Breathnaíonn sé go bhfuil dul chun cinn déanta acu sa gcéad bhliain ag Robbie Brennan ina bhainisteoir ach má fhanann siad i bhfoisceacht sé phointe d’Áth Cliath inniu, is maith a bheidh déanta acu.
D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi chontae an Dúin sa gcluiche atá acu i gcoinne Dhún na nGall in Ulaidh. Rinne foireann Conor Laverty teacht aniar iontach i gcoinne Fhear Manach an deireadh seachtaine seo caite agus iad seacht bpointe chun deiridh agus gan ach thart ar chúig nóiméad fágtha.
Bhí taispeántais Daniel McGuinness agus Odhrán Murdock cinniúnach sa teacht aniar sin agus tosach cruinn é Pat Havern chomh maith ach údar díomá a bheadh ann do Laverty go raibh an Dún i mbaol an cluiche a chailliúint ar chor ar bith.
Ní raibh Dún na nGall iontach ina mbua in aghaidh Mhuineacháin ach bheadh taispeántas den chaighdeán céanna sin sách maith chun toradh maith a fháil tráthnóna.
Craobh Peile Laighean
Cill Dara v Lú – Páirc Uí Chonchúir, 14:00 (Beo ar GAA+)
Áth Cliath v An Mhí – Páirc Uí Mhórdha, 16:00 (Beo ar GAA+)
Craobh Peile Uladh
Dún na nGall v An Dún – Páirc Naomh Tiarnach, 15:00 (Beo ar BBC Two)
Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Dhún na nGall agus Áth Cliath ach géarchoimhlint idir Lú agus Cill Dara romhainn'