Ón Spealadh Mór go dtí bás an Tíogair Cheiltigh, ní bhíonn an spórt slán ón gcúlú eacnamaíochta

Sa gcás go dtagann an meath ní thiocfaidh an spórt slán ó cogadh seo na dtaraifí

Ón Spealadh Mór go dtí bás an Tíogair Cheiltigh, ní bhíonn an spórt slán ón gcúlú eacnamaíochta

Pic: INPHO

Is ar éigean gur call dom a inseacht daoibh go mba go domhain sa bpluic a bhí mo theanga an tseachtain seo caite ag cur síos ar an gcúlra a bhaineann leis an gcúlú eacnamaíochta seo atá á thuar.

Caipín na tromchúise atá ar mo phlait inniu. Ní haon ábhar meidhre daoine a bheith á gcur as obair agus laghdú dá réir a bheith ar a gcaighdeán maireachtála.

Ní rud ach oiread é a n-éalaíonn an spórt uaidh. Is ar an gcuid sin de siúd atá gairmiúil is mó a fheictear a thionchar.

Fiú 100 bliain ó shin nuair a bhí saol i bhfad níos simplí á chaitheamh ag daoine chuir an Spealadh Mór drochbhail ar go leor den spórt gairmiúil sna Stáit Aontaithe. Thit an tinreamh ag na cluichí peile chomh mór sin agus go dtáinig deireadh le trian de na foirne a bhí san NFL.

Bhí an rásaíocht capall i ndroch-chaoi sula dtáinig cúlú ar bith. Cáil na séitéireachta agus na caimiléireachta a bheith tarraingthe aici uirthi féin ba chúis leis sin. Bhí cúrsaí chomh dona gur chuir an Rialtas bac ar chearrbhachas. I dtír ina raibh 300 traic rásaíochta capall ag tús an chéid seo caite, ní raibh inti ach 25 i 1908.

Faoi na 1930idí agus ráta dífhostaíochta 16% sna Státaí, ba é an daorchluiche ardán na tíre go dtí sin. Sular thosaigh an Spealadh Mór d’fhág an tóir a bhí ar leithéidí Babe Ruth, Loug Gehrig agus Ty Cobb gur íoc 10 milliún duine airgead ag geataí Shraitheanna an MLB, mar atá anois. Bhí sin tite go dtí beagnach a leath in imeacht bliana nó dhó.

Aisteach go leor as an meath seo ar fad tháinig méadú ar ghné amháin den spóirt. B’in go dtáinig ardú ar an líon den phobal a chuaigh ag plé leis an aclaíocht iad féin go pearsanta. Thuig na húdaráis a thábhacht sin agus chomh maith agus a d’fhéad siad, mhéadaigh ar na háiseanna agus ar na scéimeanna dá leithéid a raibh fáil ag an bpobal orthu.

Ní baileach go mb’ionann an scéal nuair a tháinig an cúlú ar eacnamaíocht na tíre seo go deireanach sna 2000idí. Laghdú fánach go leor a bhí ar líon na ndaoine a thug cúl don aclaíocht – tuairim 3%. Bhain sin den chuid ba mhó le caithimh aimsire a raibh costas ag baint leo – galf agus ballraíocht giomnáisiam cuir i gcás.

Údar iontais is ea go raibh Páirc an Chrócaigh lán go doras nuair a imríodh Cluichí Ceannais na hÉireann. Ba ansiúd freisin a rinne Éire an imirt i gCraobh Rugbaí na 6 Náisiún idir 2007-2010 mar go raibh atógáil á dhéanamh ar Bhóthar Lansdúin. Lán go doras arís. Bhí CLG buíoch de sin freisin mar gur íoc an IRFU €10milliún cíosa leo, rud a rinne cúiteamh ar an laghdú a bhí ar an teacht isteach a bhí as na Craobhacha Cúige agus na Sraithchomórtais Náisiúnta.

Choinnigh airgead cíosa ón FAI ar chluichí i gCorn Sacair an Domhain cúrsaí ar cothrom in 2009, ach as sin go ceann dhá bhliain tháinig laghdú 20% ar theacht isteach Chumann Lúthchleas Gael.

Le fírinne, tháinig siadsan, na heagraíochtaí spóirt eile sa tír agus go deimhin an tír fré chéile, chucu féin réasúnta sciobtha tar éis bháis don Tíogar. Inniu tá mórchuid na bpáirceanna imeartha sa tír faoi urraíocht ag comhlachtaí. Is ionann do na comórtais náisiúnta ar fad. Aithnítear fiú i seomraí boird na n-ollchomhlachtaí is deireanaí a lonnaigh sa tír cén buntáiste a bhaineann le bheith luaite le spórt.

Agus gan an mhonarcha atá siad a thógáil i ngar do Bhaile Átha an Rí fiú críochnaithe, d’fhógair Dexcom go seasfaidh siadsan cuid den chostas €60 milliún a chosnóidh an obair forbartha atá Rugbaí Chonnacht a chaitheamh ar a staid nua ar an mBóthar Beag.

Déarfainn gur scéal de chineál eile a bhainfeadh le cúlú a tharlódh ar fud na cruinne. Meas tú an mbeadh Dexcom sásta a dhul chomh domhain céanna sa bpóca dá mba an tseachtain seo a bheidís ag plé an iarratais?

Sa gcás go dtagann an meath, beidh i bhfad níos mó i gceist le cogadh seo na dtaraifí* ná comhlachtaí de bhunadh na Stát Aontaithe a thabhairt ar ais chuig a dtír féin.

Airgead Meiriceánach atá taobh thiar de naoi gcinn de na clubanna i bpríomhroinn Shraith Sacair Shasana – Arsenal, Aston Villa, Bournemouth, Chelsea, Crystal Palace, Fulham, Ipswich, Liverpool agus Manchester United. Is le hinfheisteoirí as an tír chéanna naoi bhfoireann i Serie A na hIodáile, ina measc Inter Milan agus AC Milan.

Is le húinéirí atá lonnaithe i dtíortha de chuid na hAraibe Paris-Saint Germain, Manchester City agus Newcastle United. Tá Quatar Airlines i bpáirtíocht le UEFA féin agus le clubanna go leor – Barcelona san áireamh.

Tharlódh laethanta scáfara a bheith amach romhainn.

* Tá mo theanga sáite i mo phluic arís i ngan fhios dom.

Céard faoi ‘Cath Chluain Taraife’ mar theideal ar an achrann eacnamaíoch seo?

Fág freagra ar 'Ón Spealadh Mór go dtí bás an Tíogair Cheiltigh, ní bhíonn an spórt slán ón gcúlú eacnamaíochta'

  • JP

    Ós ag caint ar ‘caimiléireacht agus séitéireacht’ sa rásaíocht capall duit, ní gá a rá nár athraigh nádúr an duine mórán ó shin in aon spórt ar fud na cruinne.
    Gan ach Le Tour féin a lua, mar shampla.
    Sular cuireadh iachall ar bith ar na cyclistes braon fola a thabhairt, is ag brath ar thástáil fuail a bhíothas.
    Bhí sé éasca péasca ag na cyclistes a thaobhaíodh drugaí an uair úd roinnt bhuidéil d’fual ‘glan’ a bheith i dtaisce i gcónaí acu sa chás go dtiocfadh na cigirí aniar aduaidh orthu.
    Agus tháinig.
    Seo mar tharla don cycliste iomráiteach X, lá.
    Ghlaoigh an cigire isteach air agus d’iarr sampla dá chuid fuail air.
    Bhí gach uile rás beo á bhuachan gan stró ag X agus é go mór faoi amhras dá chionn.
    Seo leis isteach sa bpoibhí in aice le seomra na cigireachta mar ar ‘líon’ sé an buidéilín dá chuid fuail féin, mar dhea.
    Cúpla uair a’ chloig ina dhiaidh sin cuireadh fios isteach aríst air
    óir bhí na torthaí réidh.
    “Comghairdeachas leat, arsa’n cigire…comhghairdeachas ó chroí leat,
    tá tú ag iompar clainne!”
    (bhí bean chéile X ag súil le leanbh i ngan fhios dó ….ar an drochuair!).