Cúig bhliana déag ó shin ba é an Tíogar Ceilteach a bhí ag gnúsacht nuair a thuig sé arraingeacha an bháis a bheith ag drannadh leis. Ba láidir é a chaoineadh agus b’fhaide ná sin arís a thórramh.
Le cúig nó sé de sheachtainí níl ainmhí dá raibh san Áirc ag Naoi nach bhfuil ag búiríl, ag géimneach agus ag béiceach. Iadsan anois ag caoineadh agus ag cásamh faoin mbail a bheas ar an domhan fré chéile nuair a thiocfaidh deireadh leis an imirt leadóige seo atá ar bun idir an Teach Bán, an Berlaymont, an Chreimil agus an Halla Mór siúd i gCearnóg Tiananmen.
Cluiche leadóige a chuireann a bhfuil ar bun i gcuimhne dom, cé gur maith a thuigim nach údar magaidh ná aoire atá i gceist.
Fós coinníonn sé cineál céilí mé a bheith ag cuimhneamh ar a bhfuil tite amach san imirt go dtí seo.
Thosaigh an chéad seit nuair a dhúisigh an Trumpa maidin agus chuimhnigh sé ar uimhir. As an aer a thit an uimhir. Bí cinnte de sin. Níl an Domhnall dall ar Wall Street ach ní minic leis a mhuinín a chur in aon duine eile. Seans go mba as an aer a tharraing sé figiúr, nó b’fhéidir an ceann ar a raibh snáthaid an chloig ag díriú. B’fhéidir eile go mba amhlaidh a chomhair sé a raibh de chnaipí i gceann de na léinteacha geala atá aige.
Bhreac sé síos an uimhir ar liathróid leadóige agus le hiarraidh den raicéad sheol trasna na cúirte é chuig Ursula a bhí ar an taobh eile den líon.
Ag éirí aníos di i dTuaisceart na Gearmáine ba í Steffi Graf an laoch spóirt a bhí ag Ursula. An cumas grinnstaidéir a bhí ag an imreoir leadóige ba mhó a chuaigh i gcion uirthi – gan ar a hintinn ach an phráinn ba ghaire di. Cromtha ar a gogaide, a leath deiridh ag bogadh sall agus anall, ag fanacht leis an gcuaifeach.
B’in an modh oibre a tharraing Ursula chuici féin níos deireanaí sa saol. Ba mhaith a sheas sé di faoi stiúir Angela Merkel agus ansin i bParlaimint na hEorpa gur bhain sí barr buaite amach.
Ní raibh fúithi é a thréigean sa tsáinn seo. In achar gairid, labhair sí (i 15 teanga) le ceannairí agus airí airgeadais i 27 tír. Sin déanta ghlac sí comhairle ó dhá dhosaen eacnamaithe a raibh scil acu in airgead tirim, bannaí, maoin, scaireanna agus malartáin.
Dhírigh sí aníos le dul i mbun seirbheála. Tharraing stríoca mór dubh tríd an bhfigiúr a bhí greanta roimpi ar an liathróid, chuir a leagan féin air agus thug aon iarraidh dhamanta amháin di nó gur phreab sí i gcúinne Vladimir den chúirt.
Aon chomhairleoir amháin féin níl aige siúd. Fiú dá mbeadh, ní suite in oifigí galánta sa gCearnóg Dhearg a bheidís – sna línte tosaigh san Úcráin a bheadh an chuid sin acu a thaitnigh leis. Iad siúd eile is ina gcnapanna seaca áit éicint ar an taobh ó thuaidh den Chiorcal Artach.
Chuimhnigh Vladimir ar ghloine de phoitín geal na Rúise a líonadh dó féin fad is a bhí sé os cionn staidéir. Agus é ar thóir buidéil a rith sé leis sé nár tugadh aon deoch mheisciúil thar tairseach i bPálás an tSáir ó chuir an Lár-Choiste bac ar a leithéid nuair a bhásaigh Yeltsin.
Ní raibh aon fhiúntas as a bheith ag comhaireamh cnaipí. Níor tharraing Vladimir aon léine ar a dhroim ón am ar tógadh an grianghraf breá siúd de ar mhuin an chapaill agus gan ‘cóta mór an charraera’ féin ar a bhráid.
‘Níor dhona an plean a dhul níos déine ná Fear Buí an Tí Bháin,’ a dúirt sé leis féin.
Aon phreab amháin den talamh, aon iarraidh amháin den raicéad agus bhí liathróid na leadóige faoi bhealach arís.
Ni raibh ann ach go raibh sí tuirlingthe i gCearnóg Tiananmen nuair a bhí os cionn trí mhilliún duine bailithe ina timpeall ag déanamh iontais. Leathnóiméad eile dár gcionn bhí an ruaig curtha ag Arm Fuascailte an Phobail ar an bpobal.
Ba ghearr go raibh Aireacht Slándála an Stáit ar an eolas. Chuireadar siúd fios ar Ardrúnaí an Pháirtí Chumannaigh (CCP), ar Chathaoirleach an Choimisiúin Mhíleata Lárnaigh (CMC) agus ar an Uachtarán.
Ar iompú do bhoise bhí Xi Jinping ar an láthair – is aige siúd atá na trí phost.
Tugann Xi cead cainte do na comhairleoirí ar fad. Go deimhin dá mbeadh áit sa seomra d’ionadaí lucht déirce Bhéising, bheadh cead cainte aige siúd freisin.
Ní thabharfaí aon aird air dar ndóigh, ná go deimhin ar aon duine eile a bheadh i láthair. Gan eisceacht, is leis an Ardrúnaí/Cathaoirleach/ Uachtarán an chéad chéim eile a fhógairt i gcónaí.
Ainneoin tromchúis na hócáide ba ar a sháimhín só a bhí sé siúd fiú agus nach billiúin ná fiú trilliúin den yuan a bhí i gcontúirt ach cuaidrilliúin agus fiú cuintrilliúin. Fós thabharfá an leabhar go mba é aoibh an gháire ar bhí ar aghaidh an Ardrúnaí/Cathaoirleach/ Uachtarán
Thuig sé nach raibh ach aon fhreagra amháin le tabhairt. B’in ardú a dhéanamh ar an ngeall agus méadú téagartha a chur ar éileamh a bhí déanta ag fear an charbhait dheirg agus ag a chomrádaí leathnocht.
Nuair a síneadh an liathróid chuig an Ardrúnaí/Cathaoirleach/ Uachtarán 百分之百二十五 a scríobh sé uirthi – straois air mar go raibh a fhios go maith aige go mbeadh pian ar an bhfear thall go bhfaigheadh sé duine a bhainfeadh meabhair as na figiúirí Síneacha.
125% a bhí i gceist, a dúirt nuair a tugadh ar ingearán go Washington í.
Fad agus a bhí na gunnaí móra ag bailiú lón cogaidh, ba i dtírín bheag ar bheagán urchóide a bhí an té ba mhó a raibh an anonn agus anall seo ar fad ag déanamh imní dó.
B’in é an Portaingéalach António Guterres, Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe. Chaith seisean lá fada ag scríobadh a mhullaigh féachaint a theacht ar dhuine éicint nach mbeadh baint ná páirt le polaitíocht aige ach a bheadh in ann idirghabháil de chineál éicint a dhéanamh.
Chuimhnigh sé ar an Vatacáin.
“Tuigim nach bhfuil tú ar fónamh, ach an mbeadh comhairle ar bith le cur agat orm a shaorfadh sinn as an mbaol cráite seo ina bhfuil muid agus a chuirfeadh deireadh leis an gcluiche leadóige seo?” a d’fhiafraigh António dá Naofacht.
“Love All,” a deir an Pápa.
Fág freagra ar 'Cén uair a chloisfear ‘cluiche, seit agus comórtas’ sa choimhlint seo?'