Deir an grúpa rap Kneecap nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah agus nach ndéanfadh siad iarracht go deo foréigean a spreagadh in aghaidh feisire parlaiminte nó aon duine eile.
Deir an grúpa rap, a bhíonn ag rapáil i nGaeilge, go bhfuil “histéire mhoráltachta” á cothú ag daoine faoi ráitis a rinne siad ag ceolchoirmeacha agus go raibh sin á dhéanamh chun aird daoine a tharraingt óna seasamh ar son mhuintir na Palaistíne agus in aghaidh an chinedhíothaithe in Gaza
Tá míreanna ó cheolchoirmeacha de chuid an bhanna, a bhíonn ag rapáil i nGaeilge, á scrúdú ag póilíní i Sasana.
Dealraíonn sé ó mhír amháin ó cheolchoirm a bhí ar siúl i mí na Samhna 2023 go ndúradh ar stáitse: “An t-aon Tóraí maith ná Tóraí marbh. Maraigh do MP áitiúil.”
Sa mhír eile a bhain le ceolchoirm ó mhí na Samhna 2024 bhéic duine den bhanna “Up Hamas, up Hezbollah”.
Eagraíochtaí toirmiscthe iad Hamas agus Hezbollah sa Ríocht Aontaithe agus tá sé in aghaidh an dlí tacaíocht a léiriú dóibh.
Tá cáineadh déanta ar Kneecap ag Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer agus ag ceannaire na dTóraithe Kemi Badenoch agus dúirt an Taoiseach Micheál Martin inné gur chóir dóibh soiléiriú a thabhairt faoin scéal.
I ráiteas a chuir Kneecap amach tráthnóna inné, ghabh siad leithscéal le muintir David Amess agus Jo Cox, beirt fheisirí parlaiminte a dúnmharaíodh. Dúirt Katie Amess, iníon David Amess, gur ghoill an scéal go mór uirthi agus lorg sí leithscéal ón mbanna.
“Gabhaimis leithscéal ó chroí le muintir Amess agus Cox, ní raibh sé riamh i gceist againn sibh a ghortú,” a dúirt siad.
Dúirt an banna chomh maith nach dtacaíonn siad le le Hamas nó Hezbollah.
“Ná cuirimis aon fhiacail ann: ní thacaímid le Hamas nó Hezbollah agus níor thacaíomar riamh leo. Cáinimid i gcónaí aon ionsaí ar shibhialtaigh. Bíonn a leithéid mícheart i gcónaí.
KNEECAP STATEMENT:
They want you to believe words are more harmful than genocide.
Establishment figures, desperate to silence us, have combed through hundreds of hours of footage and interviews, extracting a handful of words from months or years ago to manufacture moral… pic.twitter.com/qZht5532Zf
— KNEECAP (@KNEECAPCEOL) April 28, 2025
“Tuigimid é sin níos fearr ná aon duine mar gheall ar stair ár náisiúin.”
Mháigh an banna, áfach, go raibh an histéire mhoráltachta á cothú d’aon gnó ag daoine áirithe ar chúiseanna polaitiúla.
“Ba mhaith leo a chur ina luí ort gur mó dochar a dhéanann an chaint ná an cinedhíothú.
“Tá mionchuardach déanta ag daoine de chuid na bunaíochta ar na céadta uair an chloig de phíosaí scannánaíochta agus agallaimh, chun teacht ar chúpla focal ó roinnt míonna ó shin nó roinnt blianta ó shin chun histéire mhoráltachta a spreagadh d’aon ghnó.”
Dúirt Kneecap – Liam Og Ó Hannaidh, Naoise Ó Caireallain agus JJ Ó Dochartaigh – nach raibh aon bhunús ach oiread leis na líomhaintí faoi ghríosadh chun foréigin.
“Diúltaímid chomh maith d’aon chaint go ndéanfaimis iarracht an foréigean a ghríosú in aghaidh aon MP nó aon duine eile. Ní dhéanfaimis sin go deo. Tá mír as píosa scannánaíochta tógtha as comhthéacs d’aon ghnó agus tá leas á bhaint as agus uirlis chatha á déanamh di, amhail is gur gairm chun gnímh.”
Tá cáineadh á dhéanamh ar Kneecap ó chuir siad cinedhíothú i leith Iosrael ag ceolchoirm Coachella i Stáit Aontaithe Mheiriceá níos túisce an mhí seo. Mhaígh an banna gur iarracht a bhí sa cháineadh go léir aird daoine a bhaint óna seasamh in aghaidh an áir in Gaza.
“Ní hamháin go bhfuil an casadh san fhírinne seo áiféiseach – iarracht shoiléir atá ann an fíorphlé a chur ó mhaith. Tá Iosrael á ligean don dá mhilliún Palaistíneach atá in Gaza faoi láthair bás a fháil den ocras. Maraíodh ar a laghad 20,000 páiste in Gaza.
“Tá rialtas na Breataine fós ag soláthar airm d’Iosrael, in ainneoin gur thug na scórtha dochtúir de chuid an NHS rabhadh do Keir Starmer mí Lúnasa seo caite go raibh córas ann faoina bhfuil páistí á marú ag piléar sa cheann ó naoscairí.
“In áit cosaint a thabhairt do dhaoine neamhchiontacha agus do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, tá lucht na cumhachta ag tacú leis an ár agus an gorta. Is cóir go go gcuirfeadh sin fíordhéistin agus fearg orainn.”
Dúirt an banna gur teachtaireacht an ghrá a bhíonn acu.
“An teachtaireacht a bhí ag Kneecap riamh agus atá againn i gcónaí, teachtaireacht an ghrá, an chuimsithe agus an dóchais atá inti. Sin an fáth go dtéann ár gceol i bhfeidhm ar dhaoine de gach aois, ó thíortha, aicmí agus cultúir éagsúla agus sin an fáth gur mealladh na céadta míle go dtí ár ngigeanna. Ní athróidh aon fheachtas clúmhillte é sin.”
Dúirt na rapálaithe, a bhíonn ag rapáil i nGaeilge agus Béarla, gur údar náire a bhí sa tacaíocht atá á tabhairt ag rialtais d’Iosrael.
“Go tobann, roinnt laethanta i ndiaidh dúinn rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a cháineadh ag Coachella, cáineadh a thuill bualadh bos agus tacaíocht, bhí rabharta uafáis agus cáinte chugainn ó aos polaitiúil na Breataine.
“Ní in ár seónna atá na fíorchoireanna; is iad na fíorchoireanna ná tost agus comhpháirtíocht lucht na cumhachta. Is mór an náire iad.”
Le linn na ceolchoirme ag Kneecap ag Coachella le déanaí teilgeadh íomhá ar stáitse a dúirt ‘Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in aghaidh mhuintir na Palaistíne’.
Dúradh sna híomhánna go raibh rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tacú leis an gcinedhíothú trí airm agus maoiniú a chur ar fáil d’Iosrael “in ainneoin a gcoireanna cogaidh”.
“F*** Israel; free Palestine,’ a dúradh ar íomhá eile.
Seán Mac an Rí
Mura bhfuil Kneecap ag iarraidh go gceapfaí go dtacaíonn siad le Hezbollah agus Hamas, b’fhearr dóibh gan ‘Hamas agus Hezbollah abú!’ a bhéicíl ag a gceolchoirmeacha, rud a rinne duine acu, agus b’fhearr dóibh gan rudaí moltacha faoin dá dhream sin a phóstáil ar na meáin shóisialta, rud atá déanta acu. Mura bhfuil siad ag iarraidh go gceapfaí gur dream iad a spreagann fuath agus foréigean, b’fhearr dóibh ainm eile a roghnú dá mbanna ceoil – leis an ainm ‘Kneecap’, tá glóiriú á dhéanamh acu ar chéasadh agus ar chiapadh a ndaoine féin ó Thuaidh le linn na dTrioblóidí.
Gaeil ar son Gaza
Tréaslaímid le Kneecap as an éacht atá á dhéanamh acu ar son na Gaeilge agus ar son na daonnachta. Níor fhógraíodar ag Coachella ach lomchlár na fírinne. Má chuireann sé sin isteach ar rialtais atá ag tacú leis an gcinedhiothú, bíodh acu. Is mór an náire do Mhícheál Martin go bhfuil sé ina phuipéad ag sodar i ndiaidh a mháistrí sna Stáit Aontaithe, ag sciolladh ráiméise as a bhéal. B’fhéarr mar mhaise dó a éileamh go gcuirfí stop leis an gcinedhíothú atá ag tarlú faoina shrón, ná a bheith ag tromaíocht ar thriúr leaids óga as Béal Feirste. Tá 160,000 tonna de sholáthairtí bia suite lasmuigh de theorainneacha Ghaza le 7 seachtainní, agus Iosrael ag cosc cead isteach dó. Tá Gorta fógartha ag Iosrael ar 2.2 milliún duine agus ní féidir leis an Taoiseach aon rud níos éirimiúla a rá ina thaobh ach a mhéar a dhíriú ar Kneecap! Molaimíd Kneecap as aird a tharraingt ar an scéal. Tabharfaidh an stair breithiúnas cuí ar Mhícheál Martin agus ar Keir Starmer fós.