Soiléiriú éilithe ag an Taoiseach ar Kneecap maidir lena ndearcadh i leith Hamas agus Hezbollah

Tá míreanna ó cheolchoirmeacha de chuid an bhanna, a bhíonn ag rapáil i nGaeilge, á scrúdú ag póilíní i Sasana

Soiléiriú éilithe ag an Taoiseach ar Kneecap maidir lena ndearcadh i leith Hamas agus Hezbollah

Tá iarrtha ag an Taoiseach Micheál Martin ar an ngrúpa rap Kneecap soiléiriú a thabhairt láithreach faoi ráiteas maidir le Hamas agus Hezbollah a deirtear a rinne duine acu ag ceolchoirm in 2023.

Tá míreanna ó cheolchoirmeacha de chuid an bhanna, a bhíonn ag rapáil i nGaeilge, á scrúdú ag póilíní i Sasana.

Dealraíonn sé ó mhír amháin ó cheolchoirm a bhí ar siúl i mí na Samhna 2023 go ndúirt ball den ghrúpa: “An t-aon Tóraí maith ná Tóraí marbh. Maraigh do MP áitiúil.”

Is cosúil ón mír eile a bhain le ceolchoirm ó mhí na Samhna 2024 go raibh duine den bhanna ag béicigh “Up Hamas, up Hezbollah”.

Eagraíochtaí toirmiscthe iad Hamas agus Hezbollah sa Ríocht Aontaithe agus níl cead tacaíocht a léiriú dóibh.

Tá cáineadh déanta ar Kneecap ag Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer agus ag ceannaire na dTóraithe Kemi Badenoch. Dúirt urlabhraí de chuid Starmer go raibh ráitis Kneecap “do-ghlactha amach is amach” agus dúirt Badenoch gur cheart an dlí a chur ar an ngrúpa.

Dúirt Kneecap – Liam Og Ó Hannaidh, Naoise Ó Caireallain agus JJ Ó Dochartaigh, ar cainteoirí líofa Gaeilge iad triúr – ar na meáin shóisialta go raibh feachtas eagraithe ar bun ar mhaithe le míchlú a chur orthu.

Dúirt siad gur labhair siad amach cheana ag a gceolchoirmeacha faoin gcoimhlint in Gaza agus faoin mbaint, dar leo, a bhí ag rialtais na hÉireann agus na Breataine le “coireanna cogaidh” ansin. Mhaígh siad go raibh iarrachtaí mailíseacha ar siúl míchlú a chur orthu.

“An dream atá ár n-ionsaí teastaíonn uathu go mbeadh ciúnas ann in áit cáineadh a bheith á dhéanamh ar ollmharú.

“Déanann siad uirlis chatha de líomhaintí bréige faoin bhfríth-Sheimíteachas chun daoine a chur ar seachrán, mearbhall a chur orthu agus an cinedhíothú a chosaint.”

Dúirt an Taoiseach gur den phráinn é go ndéanfadh Kneecap an scéal a shoiléiriú.

“Ar thacaigh nó an dtacaíonn siad le Hamas agus Hezbollah? Mar ní fhéadfaí glacadh leis sin,” a dúirt Micheál Martin.

Dúirt Martin gurb é a thuiscint ar dhúnmharú an tSaighdiúra Singil Seán Rooney sa Liobáin in 2022 gur Hezbollah a mharaigh é.

Dúirt sé go raibh Hamas agus Hezbollah bainteach le gníomhartha sceimhlitheoireachta agus le daoine soineanta a mharú, mar a tharla ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, nuair a maraíodh 1,218 duine in ionsaí Hamas ar Iosrael.

Dúirt an Taoiseach nach raibh sé soiléir dó cé acu an dtacaíonn Kneecap le Hezbollah agus Hamas nó nach dtacaíonn.

“Maítear go bhfuil ráitis déanta acu ag tacú leis an dá dhream. Ceapaim go gcaithfidh siad é sin a shoiléiriú go práinneach.”

Mhol sé chomh maith go ndéanfadh an grúpa ráiteas ag cáineadh go soiléir aon fhoréigean nó bagairt foréigin in aghaidh ionadaithe poiblí.

Dúirt an Taoiseach go mbíonn sé de cheart ag lucht ealaíne go ginearálta polasaithe a cháineadh agus nach raibh aon fhadhb aige leis sin.

“Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn saoirse cainte ann agus deis ag daoine labhairt amach agus cáineadh a dhéanamh ar pholasaithe daoine eile. Is cuí agus cóir sin. Ach maidir le beatha daoine agus slándáil agus sábháilteacht daoine, sin scéal eile.”

Cuireadh ceist ar an Taoiseach chomh maith faoin gcáineadh a rinneadh ar Kneecap mar gheall ar thacaíocht a léiriú  do mhuintir na Palaistíne ag an gceolchoirm Coachella in California le déanaí.

Bhí an impresario siamsaíochta cáiliúil Sharon Osbourne ar dhuine de na daoine a dúirt gur chóir víosaí oibre Meiriceánach an ghrúpa rap Gaelach a chúlghairm mar gheall ar a sheasamh in aghaidh Iosrael.

Le linn na ceolchoirme ag Coachella teilgeadh íomhá ar stáitse a dúirt ‘Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in aghaidh mhuintir na Palaistíne’.

Dúradh sna híomhánna go raibh rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tacú leis an gcinedhíothú trí airm agus maoiniú a chur ar fáil d’Iosrael “in ainneoin a gcoireanna cogaidh”.

“F*** Israel; free Palestine,’ a dúradh ar íomhá eile.

Le linn na ceolchoirme, thug Mo Chara ó Kneecap píosa cainte uaidh a spreag an slua le ‘Free, free Palestine’ a chanadh in éineacht leis an ngrúpa.

“Níl áit ar bith le dul ag na Palaistínigh. Is é an f***ing baile acu é agus tá buamaí á scaoileadh leo ón spéir.

“Mura dtabharfá cinedhíothú air sin, céard sa fu*k a thabharfá air?”

“Ní rófhada ó shin bhíodh muintir na hÉireann á gcéasadh ag na Brits ach níor buamáladh riamh sinn ón f***ing spéir agus gan aon áit le dul againn.”

I ndiaidh na conspóide sin, dúirt bainisteoir Kneecap, Daniel Lambert, go raibh “crógacht agus diongbháilteacht” an bhanna le moladh agus gur ag seasamh leis an gceart a bhí siad.

“Má ghoilleann an fhírinne ar dhaoine, sin rud a ghoilleann orthu, ach tá sé an-tábhachtach an fhírinne a insint. Ar ámharaí an tsaoil, níl eagla ar na leaideanna sin a dhéanamh.”

Dúirt Lambert ar Drivetime ar RTÉ gur deineadh bagairtí ar bhaill an bhanna i ndiaidh na conspóide faoi Coachella.

Dúirt sé gurbh fhearr leis gan labhairt níos mó faoi na bagairtí báis bhí siad chomh “tromchúiseach sin”.

Dúirt sé go raibh níos mó suime aige i dtuairimí daoine eile seachas Sharon Osbourne.

“Cén fáth nach bhfuilimid ag labhairt faoi thuairim Omar Bartov, saineolaí Iosraelach-Meiriceánach ar an gcinedhíothú, a deir gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael?

“Cén fáth gur cuma linn cad a cheapann Sharon Osbourne? Is cinnte gur cuma liomsa,” arsa Daniel Lambert.

Ón 7 Deireadh Fómhair 2023, maraíodh in ionsaithe Iosrael ar Gaza os cionn 51,000 Palaistíneach. 1,928 Iosraelach a maraíodh.

Fág freagra ar 'Soiléiriú éilithe ag an Taoiseach ar Kneecap maidir lena ndearcadh i leith Hamas agus Hezbollah'

  • Ruairí Ó Caisleáin

    An bhfuil sóiléiriú éilithe ag an Taoiseach ar rialtas Iosraeil maidir le droch-iompar a airm?!

  • Aonghus

    Cén chaoi gur ‘clúmhilleadh’ atá ann aird a tharraingt ar an méid a dúirt Kneecap féin? An fíor nó nach fíor go dtacaíonn siad le Hamas agus Hezbollah? Cuimhnímis gurb ionann ISIS agus Hamas. Tá Hamas ag iarraidh na hIosraelaigh a dhíothú. Tá ráite ag Hamas go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá nach nglacann Hamas le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin). Tá sé aisteach gur gá dom seo a mheabhrú do dhaoine, ach ní dhéanann Hamas idirdhealú idir Giúdaigh agus Iosraelaigh i gcoimhlint an Mheánoirthir – tá siad ag iarraidh na Siónaigh/Giúdaigh ar fad in Iosrael a chur de dhroim an tsaoil. Bhí sceimhlitheoirí Hamas an-bhródúil as ‘Giúdaigh’ a mharú ar an 7ú Deireadh Fómhair (rud is léir ó ghlaonna gutháin a rinne na sceimhlitheoirí ar a muintir agus ó na físeáin a ghlac siad féin ar a ngníomhartha barbartha).

    Maidir le Hezbollah, is grúpa sceimhlitheoireachta eile iad atá ag iarraidh Iosrael a chur de dhroim an domhain. Scaoil Hezbollah os cionn 8,000 diúracán i dtreo Iosrael tar éis an 7ú Deireadh Fómhair agus tá na scórtha sibhialtach maraithe agus gortaithe acu le tamall (ina measc sin páistí Drúsacha agus iad ag imirt peile).

    Tá sé náireach go dtacaíonn Kneecap leis an dá dhream sin, más fíor.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní thuigim cad is brí leis an bhfrása seo a leanas san alt thuas, ‘Dúirt sé go raibh Hamas agus Hezbollah bainteach le gníomhartha sceimhlitheoireachta agus le daoine soineanta a mharú . . .’ Is dócha gur ‘neamhchiontach’ seachas ‘soineanta’ an focal ceart sa chás seo.
    Bheadh ort fiafraí díot féin: an bhfuil éinne neamhchiontach sa choimhlint seo? Taobhaímse leis
    an Raibí Irwin Keller ina dhán ‘Taobhú’, a deir:

    Táim chun taobhú a dhéanamh inniu.
    Táim chun taobhú leis an tSíocháin.
    An tSíocháin, nach dtréigfidh mé go deo
    fiú má mhúchann gortú
    agus fuath guth na Síochána,
    nó an goirteamas a leanann cailliúint,
    na glórtha a deir ‘ceart’ is ‘éigeart’.
    Táimse ag taobhú leis an tSíocháin
    nár luadh a hainm ach ar éigean
    sa chogadh seo nach féidir a bhuachan.
    Teannfaidh mé an tSíocháin le m’ucht,
    M’anáilse á roinnt léi
    ar eagla go n-áireofaí an tSíocháin
    mar chuid de líon na marbh.
    Éileoidh mé bearta chun maolú a dhéanamh ar an gcoimhlint
    fiú má tá fonn díoltais orm
    thar aon ní eile.
    Déanfad ar mhaithe leis an tSíocháin é.
    Cruthóidh mé réiteach sa mhothar úd
    ar a dtugtar ‘cúis agus éifeacht’
    chun go mbeadh an tSíocháin in ann anáil a tharraingt
    ar feadh nóiméid
    agus í féin a dhíriú chun na spéire.
    Déanfadsa aon ní
    chun beatha na Síochána a shábháil.
    Análóidh mé trí dheora
    ólfad deoch ar mo náire
    coinneoidh mé guaim ar mo theanga
    ofrálfadsa grá
    gan mo cháilíocht chuige sin a thástáil.
    Mar sin, ná hiarr orm bratach a chroitheadh inniu
    nach bratach na Síochána í.
    Ná hiarr orm aintiún a chanadh inniu
    nach aintiún Síochána é
    ná hiarr orm taobhú a dhéanamh
    nach taobhú leis an tSíocháin é.
    ~
    Is file, ‘mangaire dóchais’, oide agus draig-ríon ar scor é an Raibí Kirwin. I ndán eile leis, Mionn Mídhílseachta, agus cead agam uaidh é a aistriú, deir sé:

    Is Giúdach mídhílis mé.

    Nílimse dílis do pháirtí polaitíochta.

    Ná ní bheidh mé dílis do dheachtóirí agus do ríthe buile.

    Nílimse dílis do bhallaí ná do chliabháin.

    Nílimse dílis don achasán ná don tvuít.

    Nílimse dílis don fhuath, do shaighdeadh Giúdach,

    do mhustar ná do chleasaíocht fhorlámhas na ndaoine geala.

    Is Giúdach mídhílis mé.

    Nílimse dílis do chumhacht eachtrannach ar bith.

    Ná do mhí-úsáid cumhachta ag baile.

    Nílimse dílis d’oidhreacht an choncais, do ghlanadh eitneach

    nílimse dílis do dhúshaothrú ar dhaoine.

    Nílimse dílis do na scéalta a insíonn dom

    cé hiad mo naimhde.

    Is Giúdach mídhílis mé.

    Táim dílis do mhíchaoithiúlacht na cineáltachta.

    Táim dílis d’aisling an chirt.

    Táim dílis do ghleann seo na ndeor

    agus don bheatha go léir.

    Nílimse dílis do na seanfhondúirí.

    Ach táim dílis do na páistí a thiocfaidh inár ndiaidh

    agus do cháilíocht an domhain a bheidh fágtha mar uacht againn.

    Nílimse dílis don leagan de Mheiriceá atá anois ann.

    Ach táim dílis don leagan de Mheiriceá a d’fhéadfadh a bheith ann.

    Táim dílis d’Emma Lazarus.

    Do na sluaite atá teanntaithe le chéile go dlúth.

    Don tsaoirse agus don fháilte,

    don naofacht, don dóchas agus don ghrá.
    ~

    B’fhiú do ghrúpa ar nós Kneecap liricí an Raibí Keller a chanadh os ard! Agus b’fhiú do na Tóraithe éisteacht leo.

  • Áedán Dáire

    Tá soiléiriú a éileamh agamsa ón taoiseach;Tá tú ag ligint d’airm Mheiriceá aerphort na Sionainne a úsáid agus iad mar chomhghuaillithe sa chinedhíothú-smál morálta thar insint focal ar an tír seo; cad iad na himpleachtaí dlí don tír seo agus dualgas dlí idirnáisiúnta orainn cur i gcoinne cinedhíothú?

    Caidé an pléigh oifigiúil a bhí ag an rialtas le Brian Mast? Ar éiligh tú soiléiriú air nuair a mhol sé tuilleadh scrios infreastruchtúr a dhéanamh ar Gaza, agus nuair a dúirt sé Nach sibhialtaigh macánta iad na babaithe a mharaigh iosrael in Gaza?
    Údar díomá agus cúis náire é an ‘taoiseach’, agus ceap magaidh an teideal sin a bheith ar a leithéid de dhuine!
    An ndearna sé rud ar bith faoi na saoránaigh Éireannacha a cuireadh as an Ghearmáin go mídhleathach?
    An ndearna sé rud ar bith faoi iarratais visa oibre Kneecap a tharraingt siar i Meiriceá? Ní dóigh liom é. Tá sé níos fusa dó cur leis an tromaíocht atá a dhéanamh ar bhanna ceoil óg atá ag cur in éadan cinedhíothaithe…mór an náire

  • Áedán Dáire

    “Bheadh ort fiafraí díot féin: an bhfuil éinne neamhchiontach sa choimhlint seo?”
    An bhfuil a fhios agat gur mharaigh iosrael 825 babaí faoi bhun 1 bhliain d’aois! 3266 páiste nár shroich aois scoile!
    Déanaim talamh slán de go raibh siad ar fad neamhchiontach, agus soineanta! Ní bheinn robhuartha faoi úsáid an fhocail soineanta; ta fadhb agam leis an fhocal coimhlint, mar go fírinne cinedhíothú atá ann

  • Gaeil ar son Gaza, Rinn Ó gCuanach

    Bun agus barr an scéil ná seo: Tá stát seicteach, ciníoch agus córas cinedheighilteach á reachtáil ag Iosrael le 77 bliain ó thosaíodar ag déanamh slad agus ár ar Phalaistínigh. Tá réimsí móra talún goidte acu le forneart. Tá ciapadh, céasadh agus coireanna cogaidh ná féadfaí a shamhlú á ndéanamh acu ar an bpobal áitiúil. Aithníonn an dlí idirnáisiúnta go bhfuil forghabháil na Palaistíne mídhleathach. Ní féidir iontas a bheith ar éinne má bheartaíonn daoine cur ina choinne sin. Ó thosaigh an tréimhse is déanaí den gcinedhíothú tá ar a laghad 60,000 sibhialach maraithe ag Iosrael, na mílte eile adhlactha fén smionagar agus iad bródúil anois as Gorta a chruthú i nGaza le dhá mhí. Tá na mílte gialla Palaistíneacha faoi ghlas acu i gcampaí brúidiúla agus gan coir ar bith curtha ina leith, páistí ina measc. Dar linne tá cúram i bhfad níos tábhachtaí orainn ná an méid atá le rá ag rap-ghrúpa faoin scéal. Ná beadh sé níos práinní stop a chur le heitleáin mhíleata SA ag dul tríd aerfort na Sionnaine? Buamáil ospidéil, scoileanna, moscanna, leabharlanna, músaeim, ollscoileanna, pubaill teifeach, naoscadh páistí sa cheann a cháineadh? Nárbh fhearr mar mhaise don Taoiseach soiléiriú a iarraidh ar Iosrael maidir le cathain a stadfaidh na coireanna cogaidh a bhuil a gcuid saighdiúirí agus a bpolaiteoirí déistineacha ag maíomh astu in aghaidh an lae? Tabharfaidh an stair a bhreithiúnas féin ar an Taoiseach agus a rialtas in am trátha.