An bheirt bhan a bhí ar iarraidh ar chósta Chonamara faighte ina mbeatha

Deireadh leis an gcuardach agus na mná le tabhairt go hOspidéal na Gaillimhe ar héileacaptar as Inis Oírr

An bheirt bhan a bhí ar iarraidh ar chósta Chonamara faighte ina mbeatha

Tá an bheirt bhan a bhí ar iarraidh ar chósta Chonamara faighte ina mbeatha tar éis oíche chrua ar an bhfarraige. Tugadh ar bord bád iascaigh go hInis Oírr iad agus tabharfar as sin go hOspidéal na Gaillimhe iad. Bhí greim ag an mbeirt bhan ar théada potaí gliomach nuair a tháinig na hiascairí chomh fada leo.

Dheimhnigh urlabhraí an Gharda Cósta ar Oileán Dairbhre a bhí i mbun comhordaithe ar an gcuardach do Tuairisc.ie go bhfuil na mná á dtabhairt go hInis Oírr faoi láthair agus go dtabharfar as sin iad go hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.

Cuireadh tús arís ar maidin le cuardach leathan ar muir is tír agus os cionn 100 duine páirteach sa gcuardach ar an mórthír i gConamara agus i gcontae an Chláir. Bhí héileacaptar agus báid tarrthála Árann, Chuan na Gaillimhe agus Dhúlainne chomh maith le báid iascaigh agus phléisiúir i mbun cuardaigh ó fógraíodh nár fhill na mná ar Thrá na bhForbacha aréir.

Amach ar chláir chéaslóireachta ó Thrá na bhForbacha a chuaigh an bheirt bhan tráthnóna aréir agus creidtear go raibh seaicéid tarrthála orthu beirt ach nach raibh siad ag caitheamh cultacha uisce.

Chuir na seirbhísí cuardaigh agus tarrthála tús lena gcuid oibre ag 9.30pm aréir nuair nár fhill na mná agus chuathas ina bun arís go moch ar maidin. Níl aon eolas tugtha go hoifigiúil faoi na mná a bhí ar iarraidh ach tuairiscítear go háitiúil go bhfuil duine acu 17 mbliana agus an duine eile 23 bliain d’aois agus gur as ceantar Chnoc na Cathrach i gcathair na Gaillimhe iad.

Bhí báid agus héileacaptar ón nGarda Cósta páirteach sa gcuardach do na mná agus na Gardaí i mbun comhordaithe ar an gcuardach cois cladaigh. Bhailigh thart ar 100 duine ag Cé an Spidéil ag 9.30am inniu le cúnamh a thabhairt leis an gcuardach. Roinneadh iad ina ngrúpaí beaga agus cuireadh ag siúl an chladaigh idir na Forbacha agus Indreabhán iad. Bhí grúpa eile i mbun cuardaigh ar chósta chontae an Chláir.

Dúirt bádóir amháin a bhí páirteach sa gcuardach ó 7.30am le Tuairisc.ie go raibh fórsa 4 leis an ngaoth anoir aduaidh ansin i dtús an lae. Bhí Foras na Mara in Órán Mór ag cur comhairle ar fáil maidir le cúinsí mara agus taoide.

Fág freagra ar 'An bheirt bhan a bhí ar iarraidh ar chósta Chonamara faighte ina mbeatha'