Beagnach €700,000 i ndeontais ceadaithe d’oileáin ag Roinn na Gaeltachta

I gcontaetha Mhaigh Eo, Chorcaí agus Dhún na nGall a chaithfear an t-airgead ach ceadófar deontais d’oileáin i gcontaetha eile go luath

Beagnach €700,000 i ndeontais ceadaithe d’oileáin ag Roinn na Gaeltachta

Tá beagnach €700,00 i ndeontais fógartha ag Roinn na Gaeltachta inniu d’oibreacha caipitil ar oileáin éagsúla i gcontaetha Mhaigh Eo, Chorcaí agus Dhún na nGall.

Caithfear beagnach leath an airgid sin (€341,250) i gcontae Mhaigh Eo – ar Chliara, Inis Toirc, Cloigeann, an ché ag Rú an Átha agus an tSeanchéibh ag Rú An Átha.

Caithfear os cionn ceathrú milliún (€279,054) ar thrí oileán i gcontae Chorcaí –  Faoide, Cléire agus An tOileán Mór.

Ar thrí oileán i gcontae Dhún na nGall a chaithfear an fuílleach – Oileán an Bhráighe, Inis Bó Finne agus Árainn Mhór.

Beidh na Comhairlí Contae sna trí chontae atá i gceist ag cur cómhaoiniú ar fáil.

An tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, T.D. agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., a d’fhógair na deontais inniu.

Tá rún ag an Roinn deontais d’oileáin eile a fhógairt go luath.

Fág freagra ar 'Beagnach €700,000 i ndeontais ceadaithe d’oileáin ag Roinn na Gaeltachta'