Beidh Féile Joe Éinniú ar bun i gCarna an deireadh seachtaine seo. Cé gur iomaí athrú atá tagtha ar an saol ó bunaíodh an fhéile sa mbliain 1986, ní hé an oiread sin d’athrú atá tagtha ar an bhféile féin san achar sin. Is maith é sin, a deir Micheál Ó Cuaig, file agus amhránaí ar an sean-nós agus duine de bhunaitheoirí na féile, mar go gcaithfear fanacht dílis don aidhm a bhí ag an bhféile an chéad lá riamh. “Ba mhaith liom nach ndéanfaí dearmad cén fáth go bhfuil sé á dhéanamh againn.”
Is ag sochraid Joe Éinniú sa mbliain 1984 a rith an smaoineamh don fhéile le Micheál agus an t-amhránaí eile Peadar Ó Ceannabháin, arb as ceantar Iorras Aithneach é freisin.
“Nuair a bhásaigh Joe, tugadh abhaile é le cur thiar. Bhí chuile cheoltóir agus amhránaí in Éirinn ag an tsochraid, bhí sé chomh maith agat a rá. Ina dhiaidh bhí seisiún mór ceoil ann Tigh Mhóráin, bhí na Dubliners ann agus iad ag casadh amuigh ar an tsráid agus dúirt mé féin agus Peadar go mba dheas é a choinneáil ag imeacht.”
Dhá bhliain níos deireanaí chuir siad tús leis an bhféile. Cé go bhfuil ardmheas ar oidhreacht Joe Éinniú sa mbaile i gceantar Iorras Aithneach, is i Meiriceá a fuair sé an t-aitheantas mór ar dtús.
“Chuaigh sé ar fud Mheiriceá ag gabháil fhoinn agus bhí sé ar an stáitse céanna le hamhránaithe mór le rá i Meiriceá, leithéidí John Denver agus Joni Mitchell. Tháinig iníon Mhichíl, Áine, trasna ar chlár ó cheolchoirm i gCalifornia le deireanas a léirigh an cháil agus an meas a bhí ar Joe Éinniú thall.
“Bhí an clár don cheolchoirm leagtha amach agus liosta de na daoine a bhí ag casadh ceoil air. Thuas i ngar do bharr an liosta bhí ainm Joe, agus scaitheamh síos uaidh, bhí ainm John Denver, agus scaitheamh eile síos bhí Joni Mitchell. Taispeánfaidh sé sin duit cé chomh mór is a bhí sé.”
Bhí an oiread cleachtaidh ag daoine sa mbaile ar an sean-nós, go háirithe thiar san Aird, a deir Micheál, go raibh sé ina chuid den saol. Tá go leor taifeadtaí cloiste aige anois a rinneadh le Joe ag imeachtaí difriúla, ceolchoirmeacha, ceardlanna is ranganna amhránaíochta, agus deir Micheál go dtugadh sé aitheantas i gcónaí don traidisiún sa mbaile.
“Bhídís ag déanamh iontais dhó agus déarfadh sé, ‘Where I come from, everyone sings like that’.”
Bhí suim ag Micheál féin san amhránaíocht ar an sean-nós riamh. Má bhí suim agat ann bhí neart dhó le cloisteáil sa gceantar, a deir sé.
Ach má bhí tionchar ag Joe air féin, níorbh é an t-aon duine é. Chuaigh sé i bhfeidhm ar phobal fairsing, ní hamháin sa mbaile ach ar fud an domhain.
Luann sé alt a scríobh Fintan O’Toole ag tagairt do Joe san Irish Times inar thug sé an t-amhránaí ceol tíre ab fhearr lena linn air is gur dhúirt sé gur ‘rare genius’ a bhí ann.
Bhí sé ina ealaíontóir cónaitheach in Ollscoil Washington i Seattle ó 1982-1984, an bhliain a cailleadh é.
Nuair a cailleadh Joe Éinniú, thosaigh daoine ag tabhairt taifeadtaí agus míreanna eile a bhí acu isteach go dtí an ollscoil. Ba ghearr go raibh cartlann mhór mhillteach cruinnithe acu. Is trí sheans go bhfuair Micheál amach go raibh a leithéid ann.
“Lá breá samhraidh bhí mé taobh amuigh den teach agus chonaic mé an leaid seo ag teacht aníos an bóithrín ar bhicycle. Bhí sé théis a bheith Tigh Khitt i gCasla agus bhí Josie s’againne istigh ann.
“Is dóigh gur inis sé do Josie gur as Seattle é agus gur luaigh sé Joe Éinniú. Dúirt Josie leis, ‘you’ll have to meet my brother, he runs a festival in memory of Joe’. Nuair a bhí muid ag caint d’inis sé dom faoin gcartlann agus is dóigh gurb é a thug an t-ainm dom don bhean a bhí i gceannas air. Laurel Sercombe, an cartlannaí in Ollscoil Washington, bhí sí an-lách linn, ach ní raibh sí do mo thrust ar dtús.
“Chaithfinn a insint di cé mé féin agus cén fáth go raibh suim agam san ábhar agus chuir muid aithne ar a chéile. Bhí siad sásta cóip de chuile shórt a bhí acu a thabhairt dúinn.”
Rinne sé teagmháil ina dhiaidh sin le Pádraig Ó hAoláin, a bhí ag obair le hÚdarás na Gaeltachta ag an am, agus thug seisean an-tacaíocht dóibh agus iad ag iarraidh an chartlann a thabhairt go Carna. Scríbhneoir amhrán agus amhránaí ab ea Ó hAoláin féin, ba é a scríobh an t-amhrán aitheanta faoin imirce Cóilín Pádraig Shéamais.
“Is é deireadh an scéil ná go raibh mé ag an scoil i gCill Chiaráin, bhí mé fós ag múineadh ag an am, agus tháinig sé uilig anall ar chaiséid, boscaí, boscaí, boscaí. Bhí siad uilig againn. Ní raibh a fhios agam céard a dhéanfainn leo.”
Chuaigh sé i dteagmháil le hOllscoil na Gaillimhe a bhfuil ionad acu i gCarna, agus bhí suim acu sa gcartlann. Rinneadar digitiú air agus cuireadh an chartlann uilig ar fáil ar-líne ag www.joeheaney.org, áit ar féidir éisteacht leis na taifeadtaí uilig anois.
Tagann go leor de na daoine céanna ar ais go Carna bliain i ndiaidh bliana don fhéile, ach ní raibh siad ag iarraidh riamh na sluaite a tharraingt ann. Lean Micheál air leis an bhféile, á reáchtáil go bliantúil, agus á coinneáil ar an leagan amach a bhí ann ar dtús. Bíonn coiste i bhfeighil na hoibre don fhéile le blianta beaga anuas, ach sna blianta luatha is é Micheál féin a choinnigh an fhéile ag imeacht.
“Bhí mé i mo sórt reachtaire ar feadh píosa. Choinnigh mé cothrom é, mar a déarfá, ní raibh mé ag iarraidh riamh sluaite a tharraingt.
“Níl sé athraithe ar chor ar bith ó na chéad bhlianta agus sin é an chaoi is fearr é. An bhfuil muid á dhéanamh ar mhaithe le turasóirí a thabhairt ann, nó an bhfuil muid á dhéanamh le comóradh a dhéanamh ar oidhreacht Joe Éinniú? Creidim go mbeadh Joe sásta leis an bhféile atá againn.”
Fág freagra ar '‘Where I come from, everyone sings like that’ – Féile Joe Éinniú i gCarna arís'