Ráta Covid-19 i bhfad níos ísle sna contaetha Gaeltachta le coicís anuas i gcomparáid leis an ráta náisiúnta

Léiríonn an t-eolas is déanaí gurb iad na ráigeanna i gcontaetha Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Laoise is mó is cionsiocair leis an ardú atá tagtha ar ráta tolgtha an Covid-19 le cúpla seachtain anuas

Ráta Covid-19 i bhfad níos ísle sna contaetha Gaeltachta le coicís anuas i gcomparáid leis an ráta náisiúnta

Tá ráta tolgtha an Covid-19 i bhfad níos ísle sna contaetha Gaeltachta le coicís anuas ná mar atá sé i gceantair eile sa tír, de réir na staitisticí is deireanaí.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh ráta tolgtha an Covid-19 níos airde sa stát anois ná mar atá sa Ríocht Aontaithe, an chéad uair a raibh sé amhlaidh.

Tá méadú mór tagtha ar líon na gcásanna in aghaidh gach 100,000 duine in Éirinn le cúpla seachtain anuas ach, mar sin féin, tá na seacht gcontae Gaeltachta fós cuid mhaith faoi bhun an mheáin náisiúnta.

Léiríonn an t-eolas is déanaí gurb iad na ráigeanna i gcontaetha Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Laoise is mó is cionsiocair leis an ardú náisiúnta.

18.27 cás in aghaidh gach 100,000 duine an meánráta tolgtha a bhí in Éirinn idir an 27 Iúil agus Dé Luain seo caite, an 10 Lúnasa.

Bhí ráta i bhfad níos airde i gceist i gCill Dara (144.27), in Uíbh Fhailí (125.70) agus i Laois (85.01) sa tréimhse chéanna. Rinne an Rialtas cinneadh srianta dianghlasála a chur i bhfeidhm sna contaetha sin agus iad ag iarraidh dul i ngleic le ráigeanna a tharla i monarchana feola.

Bhí ceithre chontae eile sa tír ina raibh ráta tolgtha an Covid-19 níos airde ná an meánráta náisiúnta le coicís anuas – sin iad contae an Chláir (26.09), Ceatharlach (21.08), Luimneach (20.01) agus an Cabhán (18.38).

Bhí na contaetha Gaeltachta uile cuid mhaith faoi bhun an mheáinráta. Is i nDún na nGall a bhí an ráta is airde sna contaetha sin. 13.82 cás in aghaidh gach 100,000 atá ina gcónaí i nDún na nGall a bhí i gceist idir an 27 Iúil agus an 10 Lúnasa.

11.79 cás a bhí i gceist i gcontae na Mí le linn na tréimhse céanna agus bhí na contaetha eile uile faoi bhun a 10 – Maigh Eo (6.13), Corcaigh (4.42), Gaillimh (2.33) agus Ciarraí (2.03).

Ráta 0 a bhí i bPort Láirge mar nár deimhníodh cás ar bith den choróinvíreas sa chontae sa choicís sin.

Fág freagra ar 'Ráta Covid-19 i bhfad níos ísle sna contaetha Gaeltachta le coicís anuas i gcomparáid leis an ráta náisiúnta'