Cat is ea Cat agus Cody is ea Cody

Tá sé léirithe ag Brian Cody go bhfuil sé breá sásta a chur chuige a athrú chun fanacht gob ar ghob le foirne eile

Cat is ea Cat agus Cody is ea Cody

‘Ní bheinn róchinnte faoi Cill Chainnigh a theacht amach as Laighin i mbliana,’ a dúirt an anailísí cáiliúil ar Twitter i ndiaidh babhta a trí na sraithe.

Thar an blianta is minic mise anseo ag tosnú ar fhógra báis Chill Chainnigh a scríobh agus na Cait faoi bhrú tar éis roinnt cluichí sraithe agus an chuma ar an scéal go raibh deireadh ag teacht le ré Cody. Bhí ‘caint’ ann le déanaí arís faoin trí chontae a thiocfadh amach as an an gcomórtas ciorclach nó ‘round robin’ craoibhe i gcúige Laighean agus go mbeadh Cill Chainnigh faoi bhrú teacht amach as an ngrúpa. Bhuel ní dóigh gur éist an tUasal Cody leis an mbaothchaint sin mar thaispeánadar arís seachtain ó shin i bPáirc Parnell go bhfuil ‘beocht sa seanchat fós nó, ba chirte dom a rá, ‘sna piscíní agus sa chúpla seanchat fós’.

Thaispeánadar an-spiorad agus fonn chun oibre chomh maith le teaicticí agus córas éifeachtach i gcoinne Átha Cliath sa chaoi a bhfuair siad greim scornaí ar an gcluiche go luath sa chéad leath. Sa chéad leath sin níor scóráil Áth Cliath ach cúig chúilín ar fad. Bhí tamall maith de bhlianta ann nuair nach mbíodh aon suim ag Cody i dteaicticí ná meas aige orthu, go háirithe i ré órga an chontae idir 2006-2009.

Ar an drochuair bhíos i gceannas ar Chorcaigh ag tosach ré órga sin na gCat in 2006 agus cúpla seachtain roimh chluiche ceannais na hÉireann chuireamar spiaire chuig Páirc Uí Nualláin chun traenáil na gCat a fheiscint agus chun na rúin traenála a thabhairt ar ais chugainn. Faraor tháinig sé ar ais le leathanach an-fholamh gan aon rún in aon chor air. Cúpla ‘druil’ bhunúsacha agus cluiche. B’in an córas. Ní raibh teaicticí le feiscint. An bunphrionsabal a bhí acu – imir an sliotar go díreach agus bí ag obair i gcónaí – ‘tarraing mar a dhéanfadh madra’, mar a déarfadh an rámhaí cáiliúil Paul O’Donovan.

B’in sé bliana déag ó shin agus is féidir a rá go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar chluiche na hiománaíochta ó thaobh ullmhúchán agus cur chuige. Sna cluichí idirchontae sinsir go léir na laethanta seo bíonn teaicticí agus córas thar a bheith tábhachtach. In 2022 is iad Luimneach na ceannródaithe (b’fhéidir nach gceapfá é sin i láthair na huaire) ach tuigeann an saol Fódhla iomána go gcaithfidh bainisteoirí teacht ar phlean chun córas Luimneach a stopadh le go mbeidh aon seans acu corn Mhic Cárthaigh a bhuachan i mbliana.

Tá pasanna fiarthrasna an-tábhachtach sa chóras. Tá an fhisiciúlacht agus an trian láir a dhúnadh síos an-tábhachtach. Tá sé an-tábhachtach leis an sliotar a fháil i do lámh agus é a dháileadh go cruinn go dtí comhghleacaí. Is minic an téarma ‘high press’ cloiste againn anois agus foirne ag iarraidh é a dhéanamh deacair ar an gcúl báire agus aon phoc amach gearr a stopadh. Agus dar ndóigh tá rith, tacaíocht agus dianobair mar bhunchlocha iomáint na linne. Sa pheil agus san iomáint le tamall anois tá an cúl báire á úsáid mar imreoir breise amuigh faoin bpáirc agus é ag fáil na liathróide rialta go leor sna cluichí.

Bhuel, de réir na fianaise is déanaí, tá Cill Chainnigh tagtha isteach sa ré nua iomána seo. D’imríodar cluiche lán teaicticí i gcoinne Átha Cliath. Rugadar greim scrogall go luath ar an gcluiche agus d’úsáideadar na teaicticí thuasluaite ó thús deireadh.

Sea, tá a fhios agam nach scaoth breac ach i ndiaidh an taispeántais sin, agus le himreoirí Bhaile Héil ar ais, déarfainn go mbeidh roinnt le rá fós ag Cill Chainnigh faoi chomórtas 2022.

Fág freagra ar 'Cat is ea Cat agus Cody is ea Cody'