Castróvaics cruthanta é The Creator, scannán nua Gareth Edwards

B’fhéidir go bhfuil saothar le dealramh le sniogadh as forás na hintleachta saorga, ach ní hé seo é

Castróvaics cruthanta é The Creator, scannán nua Gareth Edwards

The Creator
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Gareth Edwards.
Cliar: John David Washington, Gemma Chan, Ken Watanabe, Sturgill Simpson, Allison Janney, and Madeleine Yuna Voyles

Is iad intleacht shaorga (IS) geisfhocail na freacnairce gan aon agó. Ní féidir casadh timpeall gan alt, clár nó saothar de saghas éigin a fheiscint ag cur impleachtaí an IS abhaile orainn. Níos minice ná a mhalairt is ag tuar an oilc atáthar. Saothar snasta, ach gan téagar, é The Creator a dhéanann an iomaire chéanna a threabhadh.

Lagiarracht rud éigin fónta a rá faoi na himpleachtaí a bhaineann le forbairt na teicneolaíochta cumhachtaí ceannródaíche seo. Tá sé ag tarrac as an oiread sin múnlaí is scéalta eile go bhféadfadh an rud ar fad a bheith scríofa ag ChatGPT.

Faoin mbliain 2055 tá dul chun cinn mór déanta ag an IS agus is de dhlúth agus d’inneach an tsaoil é. Mar gheall ar “fhabht códála” scaoileann an intleacht chéanna buama núicléach le cathair Los Angeles. Deich mbliana ina dhiaidh sin tá cogadh faoi lán seoil idir Meiriceá agus ‘Nua-Áise’ mar go bhfuil tíortha na hÁise ag tabhairt tearmainn don IS. Níl go maith agus tá go seanchaite.

Mar bharr air sin cuirtear an saighdiúir faoi cheilt Joshua Taylor (Washington) os ár gcomhair. Cailleadh a ghrá geal blianta beaga roimhe sin ach déantar é a earcú do “jab amháin eile”. Dul sa tóir ar an “Creator” agus an uirlis mharfach atá cruthaithe aige a scrios. I rith an ruathair faigheann Joshua amach gur cailín óg, saghas leathdhaonna atá san uirlis seo. Gan amhras tagann athrú intinne ar an laoch agus cosnaíonn sé an leanbh seachas í a scrios.

Vae linn ansin, cad é castróvaics agus dríodar cainte faoi dhaonnacht nó easpa daonnachta na meaisíní a bhfuil cuma an duine orthu. Is ait an tseift í dar liom iarracht a dhéanamh bá a chothú sa lucht féachana do mheaisíní. Iarracht chiotach, áiféiseach plé sollúnta a dhéanamh ar cheist chasta na teicneolaíochta cumhachtaí seo. Is in olcas a théann rudaí agus faoi dheireadh táimid rite amach ón gcairt ar fad.

Lena cheart a thabhairt don saothar tá samhlaíocht agus maisiúchán breá ag baint leis an domhan nua seo a chuirtear os ár gcomhair. Cairteacha agus aerárthaigh shuaithinseacha mar aon le foirgnimh ollmhóra agus meaisíní réalaíocha. Tá iarrachtaí grinn anseo agus ansiúd ach ní i gcónaí a éiríonn leo agus ní luíonn siad go maith le hais na sollúntachta ar fad. Aisteoir suimiúil é Washington atá ag cruthú cáil dó féin; cad a dhéanfadh mac an chait (mac le Denzel is ea é).

Aisteoir iontach í Janney ach níl mórán gur féidir léi déanamh leis an gcarachtar aontoiseach atá aici.  Seo an chéad ról ag Madeleine Yuna Voyles agus tugann an t-aisteoir óg naoi mbliana d’aois taispeántas iontach uaithi. Is í atá deas ar na radharcanna mothúchánacha a thabhairt léi. Aisteoir a bhfuil gealladh fúithi ach ní féidir léi an saothar a tharrtháil, áfach.

B’fhéidir go bhfuil saothar le dealramh le sniogadh as forás na hintleachta saorga, ach ní hé seo é.

Fág freagra ar 'Castróvaics cruthanta é The Creator, scannán nua Gareth Edwards'