Casadh bainte as iomaire an dúnmharfóra Shrathaigh ag ‘Fatma’

Racht feirge ó bean umhal chúthail ghéilliúil atá i bhfolach faoina seáilín a chuireann tús le scéal ‘Fatma’

Casadh bainte as iomaire an dúnmharfóra Shrathaigh ag ‘Fatma’

Is iontach mar atá éirithe le Netflix breis suime a mhúscailt i saothair i dteangacha seachas an Béarla. Seo chugainn saothar ón Tuirc. An rud is mó a thaitníonn liom faoi na saothair seo ná an léargas a thugtar ar shaol is ar chultúir na dtíortha ina bhfuilid lonnaithe. Tá an tréith sin go rábach in Fatma (Netflix) atá lonnaithe in Iostanbúl.

Tá srathair na hainnise ar Fatma Yılmaz (Burcu Biricik) bhocht. Tá sí ag sclábhaíocht léi mar ghlantóir ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal agus í buailte fúithi sa scioból beag atá ar cíos aici. Tá a fear céile Zafer (Ferit Kaya) tar éis seal a chaitheamh i bpríosún agus tá sé imithe gan tásc ná tuairisc ó saoradh é. É tite amach le bithiúnaigh.

Leis an tragóid a chur i gceann na héagóra tá a mac, a raibh riachtanais speisialta aige, imithe ar shlí na fírinne. É sin ar fad agus iardhearcthaí ag tabhairt le fios gur fhulaing sí mí-úsáid ghnéis ina hóige. Is cinnte go ndéanfar tuilleadh cíortha ar an téama sin agus ar a caidreamh lena deirfiúr a bhfuil cuma an rachmais uirthi sna gálaí atá le teacht. Níl aon radharc ar Zafer sa chéad dhá ghála ach is cinnte go dtiocfaidh sé os ár gcomhair ag pointe éigin.

Tá Fatma i ndeireadh na feide. Lá de na laethanta agus í ag ceistiú duine de na bithiúnaigh faoi Zafer tagann racht feirge air agus fógraíonn uirthi go mba cheart di tabhairt faoin striapachas le fiacha a fir a dhíol. Tagann racht feirge uirthi féin agus déanann sí é a lámhach le gunna a ghoid sí ó bhligeard eile.

 

Tá sí seolta ar bhóthar an dúnmharaithe. Ní féinchosaint a bhíonn sna maruithe ach is bithiúnaigh iad uile. An tiarna talún Ismail (Deniz Hamzaoğlu) á ciapadh is é ag iarraidh é féin a bhrú uirthi, an coirpeach ag tathant uirthi dul ag obair dó, srl.

Ceann de théamaí an scannáin, agus ceann de na nithe a bhrúnn Fatma ar bhóthar an fhoréigin b’fhéidir, ná stádas íseal agus easpa cumhachta na mban. Meabhraítear an téama seo dúinn arís is arís eile.  An tiarna talún tiarnúil ag fógairt ar Fatma á rá léi gan a bheith ag dul timpeall an bhaile léi féin mar go bhfuil a fhios ag madraí an bhaile nach bhfuil fear aici len í a chosaint. An dearcadh uasal le híseal céanna ag an údar mórchúiseach a bhfuil sí ag obair dó agus na bligeaird eile a dtagann sí trasna orthu.

Lena chois sin is glantóir í a shleamhnaíonn isteach agus amach as tithe is láthair oibre go ciúin. Caitear léi go drochbhéasach agus le drochmheas. Is bean í, is glantóir í. Níl tábhacht ná contúirt ag baint léi. Is cuma ann nó as í. Ní haon iontas go bhfuil sé umhal, cúthail, géilliúil agus í i bhfolach faoin seáilín. Tugann Biricik taispeántas cumasach uaithi. Í faiteach, géilliúil ach cruachroíoch agus diongbháilte ag an am céanna.

Sé chlár atá sa tsraith agus is cinnte gur mó duine eile a chuirfear de dhroim seoil agus gur críoch eachtrúil fhoréigneach atá i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Casadh bainte as iomaire an dúnmharfóra Shrathaigh ag ‘Fatma’'