Cás achomhairc caillte ag Diarmaid Ó Cadhla

Dhiúltaigh Ó Cadhla, ‘ar bhonn prionsabail’, foirmeacha toghcháin a líonadh isteach a bhain lena fheachtas féin sa bhliain 2011

Screen Shot 2015-07-27 at 15.35.24

Tá a achomharc in aghaidh a chiontaithe as gan foirmeacha olltoghcháin a líonadh isteach caillte inniu ag an bhfeachtasóir Diarmaid Ó Cadhla. Ba sa Chúirt Chuarda i gCorcaigh a éisteadh an cás.

Ciontaíodh Ó Cadhla sa chúirt dúiche mí na Nollag seo caite de bharr gur dhiúltaigh sé foirmeacha a líonadh isteach a bhain lena fheachtas mar iarrthóir neamhspleách i gCorcaigh Theas-Lár in olltoghchán na bliana 2011.

Tá ceisteanna ar na foirmeacha a bhaineann le cúrsaí airgid, áit a mbíonn ar iarrthóirí neamhspleácha a rá cé mhéad airgid a fuair siad agus cé uaidh a bhfuair siad é.

Nuair a dhiúltaigh Ó Cadhla na foirmeacha a líonadh isteach, thóg Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí (DPP) cás ina aghaidh thar ceann an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO), comhlacht neamhspleách a scrúdaíonn síntiúis agus caiteachas toghcháin agus a choinníonn súil ar an gcaiteachas agus an maoiniú stáit a fhaigheann páirtithe polaitíochta.

Ciontaíodh Ó Cadhla agus gearradh pionós €300 air, pionós nár íoc sé.

Rinne Ó Cadhla achomharc in aghaidh chinneadh na cúirte toisc go bhfacthas dó go bhfuil “rialacha difriúla” ann i dtaobh na gceisteanna a chuirtear ar iarrthóirí neamhspleácha aimsir toghcháin le hais na gceann a chuirtear ar iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta.

Dúirt sé go mbíonn ceisteanna sna foirmeacha seo nach gá d’iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta a fhreagrairt, ach go bhfuil oibleagáid ar iarrthóirí neamhspleácha déanamh amhlaidh. Mhaígh Ó Cadhla go bhfuil an méid sin ag teacht salach ar Bhunreacht na hÉireann agus thagair go sonrach d’Airteagal 16 den Bhunreacht, mar a bhfuil cur síos ar chearta an duine seasamh i dtoghcháin agus/nó vóta a chaitheamh do dhaoine eile déanamh amhlaidh.

De bharr nach mbíonn ar iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta eolas a thabhairt uathu faoina gcuid foinsí airgid ach go n-éilítear an t-eolas sin ar iarrthóirí neamhspleácha, creideann Ó Cadhla go bhfuil an méid sin bunoscionn le spiorad Airteagal 16 den Bhunreacht agus ba ar an mbonn sin a dhiúltaigh sé foirmeacha a líonadh isteach a bhain lena fheachtas féin.

Gné eile den cheist a bhí ag dó na geirbe ag Ó Cadhla is ea go bhfuil cead ag páirtithe polaitíochta “bolscaireacht a dhéanamh ar na páipéirí balóide”, rud a thugann buntáiste dóibhsean, a deir sé, sa tslí is go mbíonn na “toghcháin míchothrom dá bharr”.

Dúirt an Breitheamh sa chúirt inniu gur “ceist chúng” (i.e. shimplí) a bhí ann agus d’fhiafraigh de Ó Cadhla cé acu ar shínigh sé na foirmeacha nó nár shínigh. Dúradh leis más rud é nár shínigh go raibh sé ciontach agus nárbh í an Chúirt Chuarda an áit cheart le ceisteanna bunreachtúla a scagadh.

Ag caint dó le Tuairisc.ie inniu, dúirt Ó Cadhla go raibh a fhios aige “go raibh sé seo chun tarlú” agus dheimhnigh sé nach raibh sé i gceist aige an pionós €300 a gearradh an athuair air tráthnóna a íoc. Tá trí mhí aige chun an méid sin a íoc ach mhionnaigh sé nach n-íocfadh sé é agus go mbeidh sé sa chúirt arís amach anseo.

Fág freagra ar 'Cás achomhairc caillte ag Diarmaid Ó Cadhla'