CARTLANN NA NOLLAG: Oíche Nollag Beag d’imíodh an Tréidín le gealaigh..

Ar Oíche béaloideas beo ar thalamh saolta agus sna spéartha anairde…na dTrí Ríthe anocht agus ar Lá Nollag na mBan amárach, maireann an

CARTLANN NA NOLLAG: Oíche Nollag Beag d’imíodh an Tréidín le gealaigh..

Má shamhlaítear duit gur ócáid gan bunús, gan préamhacha, gan seasamh í Nollaig na mBan tá dearúd ort. Is ionann Nollaig na mBan, nó an Nollaig Bheag mar a tugtar leis uirthi, agus an seanLá Nollag ceart nuair a dheintí Lá Nollag a cheiliúradh ar an lá a cheiliúrtar Nollaig na mBan inniu. Sa bhliain 1582 d’athraigh an Pápa Griaire sa Róimh an féilire, rud a thug ‘Lá Nollag’ dhá lá dhéag chun cinn. 

Nach iad na mná a bhíonn cruinn ceart i gcónaí?

Oíche amárach, go mór mór i gcontaetha Chiarraí agus Chorcaí, áiteanna a bhfuil an traidisiún go mór sa treis go fóill, beidh comhthalán ban le chéile fé chompord agus fé cheol i dtithe tábhairne agus i mbialanna…agus formad ag na fearaibh leo:

‘Nollaig na bhFear, an Nollaig mhór mhaith/Nollaig na mBan/ Nollaig gan mhaith’ mar a deirtí fadó, agus é le tuiscint go mbíodh an chuid is fearr de stór na Nollag ite ólta fén am is go mbuailfeadh Nollaig na mBan leo.

Tá sé mar nós ag daoine trí cinn de choinnle a lasadh sna fuinneoga le haghaidh Nollaig na mBan, mar aon leis an oíche anocht– Oíche Nollag Beag nó Oíche na dTrí Ríthe mar a thugtar leis uirthi.

Oíche mhór siamsaíochta agus cluichí ab ea í seo fadó. Cuid mhaith dos na cluichí seo bhaineadar leis an bhfáistineacht – cúrsaí grá, pósta agus báis ina n-ábhar seoigh acu. Lastaí dhá cheann déag de choinnle (nó geitirí), mar shampla, agus gach aon choinneal acu luaite le duine a bhí sa chomhluadar. An choinneal ba thúisce a mhúchadh chreidtí go mbeadh an té sin ar an duine ba thúisce a chaillfí. 

I gCléire bhíodh sé de nós ag na hoileánaigh trí ghráinne a chur i gcíste agus an chéad duine a gheobhadh gráinne díobh siúd ina bhéal bhí sé ina rí i gcomhair na bliana! Bhíodh sé mar nós leis dorn breise mine nó sop féir a thabhairt dos na ba an oíche sin.

Bhí diamhaireacht ar leith luaite le hOíche Nollag Beag. I gcuntas a bailíodh sna 1920í ó Sheán Ó Conaill in Uíbh Ráthach deirtear linn go gcreidtí go ndeintí fíon den uisce, síoda de na triopaill [luachra] agus ór den ghrean an oíche sin. Bailíodh leagan eile ó Shéan Bán Conraoi i mBaile an Sceilg: dúirt sé siúd go ndeintear fíon den uisce, airgead bán de chlocha trá agus arán de chroí an fhiolair.

In am mhairbh na hoíche a tharlaíodh an mhíorúilt seo ach bhíodh fonn ar chách bheith ina gcodladh roimis sin.

Chreidtí ná leanfadh aon rath an té a d’fhanadh ina shuí ag faire iontaisí Oíche Nollag Beag. Bhí sé le tuiscint gur ar mhaithe na bhfairies a thagadh claochlú draíochta ar na nithe seo.

Glaoitear Oíche na dTrí Ríthe (‘Rite’ sa chaint) ar Oíche Nollag Beag anseo i gCorca Dhuibhne. Tagairt atá ann gan amhras don dtriúr, an Magi, a tháinig fé bhráid an tSlánaitheora le bronntanais. Ba iad a bhain leas as diamhaireacht na réiltíní, gur threoraigh réalt Bheithil chun láthair ár dTiarna iad, a deirtear.

An Tréidín, réaltbhuíon Pleiades

Tugann an chaint seo ar réalt Bheithil réiltíní eile chun cuimhne, cnuasach réiltíní go bhfuil an Nollaig Bheag luaite go láidir leo i dtraidisiún na hÉireann. Daoibhse gur suim libh cúrsaí réalteolaíochta is dócha gur chuala sibh trácht ar réaltbhuíon Pleiades, nó na ‘Seven Sisters’ mar a thugtar orthu sa Bhéarla. An Tréidín a thugtar orthu sa Ghaolainn. Seacht gcinn de réiltíní suaithinseacha, le chéile in aon bhrosna amháin, agus iad le feiscint go soiléir i spéir ghlan na hoíche. Níl le déanamh ach an Bodach (Orion) a aimsiú, treoir a ghlacadh agus líne lastuas anairde a leanúint ós na trí cinn de réiltíní geala i gCrios an Bhodaigh (Orion’s Belt) agus buailfidh an Tréidín leat. Iad ag sodar leo sa spéir ó dheas.

Ba é an Tréidín an clog ba chruinne agus ba dhílse a bhíodh ag na daoine fadó ar feadh leathbhliana – ó Fhéile San Seáin an Mheithimh go hOíche Nollag Beag. D’fhéadfaí an t-am a bhaint as an dTréidín ach é chur i gcomhthéacs an taobh tíre de réir mar a bhíodh sé ag bogadh leis trasna na spéire i gcaitheamh na hoíche. ‘An Tráithnín’ a bhí mar ainm ar an dTréidín sna Déise agus bhí ainm gleoite ar fad ag na Conallaigh dóibh: Na Cearrbhaigh – iad fé mar a bheadh seachtar cearrbhach suite chun boird chun na cártaí a imirt. Go deimhin ba iad na cearrbhaigh ar thalamh saolta a bhaineadh leas astu.

Le linn oícheanta fada bothántaíochta chuirtí mar chúram ar dhuine a cheann a chur lasmuigh de dhoras anois agus arís agus an t-am a bhaint as an dTréidín. Iad siúd a bhí oilte ar an gceard mhaíodar go dtug sé an t-am níos cruinne ná an clog ab fhearr a crochadh ar fhalla riamh.

Ach Oíche Nollag Beag d’imíodh an Tréidín le gealaigh sa tslí is ná raibh aon léamh ar a chúrsa. Ón oíche sin amach bhí sé imithe ó mhaith agus deireadh le clog na spéire nó go gceartaíodh sé é féin arís Lá San Seáin.

Nach maith an rud é nach ar leithéidí an Tréidín a bhí na Trí Ríthe ag brath?

Fág freagra ar 'CARTLANN NA NOLLAG: Oíche Nollag Beag d’imíodh an Tréidín le gealaigh..'