Cártaí Nollag seolta ar ais chuig Méara Dhoire agus ‘X mór’ curtha trína theachtaireacht Ghaeilge

Seoladh cártaí na Nollag a raibh beannachtaí scríofa go dátheangach ar ais chuig oifig Ardmhéara Dhoire agus “X mór” curtha tríd an Ghaeilge.

Cártaí Nollag seolta ar ais chuig Méara Dhoire agus ‘X mór’ curtha trína theachtaireacht Ghaeilge

Seoladh cártaí na Nollag a raibh beannachtaí scríofa go dátheangach orthu ar ais chuig oifig Ardmhéara Dhoire agus ‘X mór’ curtha tríd an Ghaeilge.

Thug Maoilíosa Mc Hugh, Méara Dhoire agus comhairleoir de chuid Shinn Féin, an méid sin le fios ag cruinniú Chomhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin le déanaí. Ghlac an Chomhairle ag an gcruinniú le rún ag tacú le hacht na Gaeilge.

Dúirt McHugh gur léirigh “formhór an phobail” meas ar an Ghaeilge aon uair a raibh sé ag plé leis an teanga ónár ceapadh ina Mhéara  é. Dúirt sé áfach gur eisceacht na daoine “a chuirfeadh cárta Nollag ar ais agus X mór curtha fríd an Ghaeilge, nó a leithéid” .

Agus é ag cur clabhsúr ar an phlé faoin rún go dtacófaí le hacht Gaeilge dúirt an Méara chomh maith go gcreideann sé go láidir nach bhfuil baint ar bith ag an Ghaeilge le cúrsaí polaitíochta agus gur teanga do chách í.

Glacadh leis an rún le 28 vóta in aghaidh 9. Seo an dara húdarás áitiúil a ghlac le rún ar son achta Ghaeilge le tamall anuas. Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste lena leithéid de rún an mhí seo caite.

Ba é an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Kevin Campbell, a mhol an rún go dtabharfaí acht Gaeilge isteach ó thuaidh de réir an ghealltanais i gComhaontú Chill Rímhinn.

Ag labhairt dó ag an chruinniú Déardaoin seo caite, dúirt Campbell go raibh gá le reachtaíocht a thabhairt isteach “a thabharfadh aitheantas agus meas d’fhéiniúlacht na hÉireann”.

Dúirt sé gur ceist cearta í ceist an achta Ghaeilge agus gur chóir na cearta teanga céanna a bheith ann ó thuaidh is atá ó dheas, in Albain agus sa Bhreatain Bheag.

Mhaígh Campbell go raibh cearta teanga “lárnach” sa socrú a rinneadh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn 2006.

Mhaígh an Comhairleoir de chuid Shinn Féin go raibh “sárú leanúnach” á dhéanamh ag rialtas na Breataine ar gheallúint a tugadh den chéad uair fiche bliain ó shin.

Dúirt sé go raibh cainteoirí Gaeilge i nDoire agus Tír Eoghain “i dteideal na gcearta céanna a fhaigheann saoránaigh in áiteanna eile ar na hoileáin seo”.

“Níl bagairt ar bith sna cearta seo; ní náiríonn siad éinne, ní ceart go mbeadh eagla ar aon duine roimh Acht na Gaeilge,” ar sé.

Thug an Comhairleoir Campbell le fios go raibh pobal na Gaeilge ag fás i gComhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin agus go raibh gá cearta teanga a chinntiú don 563 páiste sa cheantar a bhíonn ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

Dúirt David Ramsey, comhairleoir de chuid an DUP nach bhféadfaí glacadh le hAcht Gaeilge agus nár cheart do Shinn Féin ‘líne dhearg’ a dhéanamh den éileamh seo.

D’aontaigh Derek Hussey, comhairleoir de chuid an UUP leis an dearcadh sin, agus dúirt sé nár thuig sé cén fáth a raibh éileamh á dhéanamh ar acht Gaeilge.

Dúirt sé gur léiriú é líon na ndaltaí atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge sa cheantar go raibh saoirse ag daoine Gaeilge a fhoghlaim.

Fág freagra ar 'Cártaí Nollag seolta ar ais chuig Méara Dhoire agus ‘X mór’ curtha trína theachtaireacht Ghaeilge'