‘Cara mór le hÉirinn a chuidigh le cúis na gceart teanga’– ómós léirithe do Choimisinéir Teanga na Breataine Bige 

I measc na ndaoine a bhfuil ómós léirithe acu d’Aled Roberts a fuair bás an tseachtain seo, tá Coimisinéir Teanga na hÉireann agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

‘Cara mór le hÉirinn a chuidigh le cúis na gceart teanga’– ómós léirithe do Choimisinéir Teanga na Breataine Bige 

“Cara mór” le hÉirinn a chuidigh le cur chun cinn na gceart teanga anseo ab ea Aled Roberts, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige a bhásaigh Dé Domhnaigh in aois a 59 bliain.

Coimisinéir Teanga na hÉireann, Rónán Ó Domhnaill, a dúirt an méid sin faoi Aled Roberts, a bhfuil ómós á léiriú dó ó chualathas drochscéal a bháis.

“Fear lách croíúil ab ea Aled Roberts, cara mór le hÉirinn a chuidigh go mór le cur chun cinn na gceart teanga anseo,” arsa Rónán Ó Domhnaill.

“Fear géarchúiseach ionraic ab ea é a raibh comhairle stuama i gcónaí aige agus a roinn a chuid ama go fial le haon duine a raibh cuidiú uathu. 

“Goilleann a bhás go mór ar aon duine a raibh aithne acu air agus cailliúint mhór é ó thaobh na gceart teanga, ní hamháin sa Bhreatain Bheag ach go hidirnáisiúnta, go háirithe anseo in Éirinn.”

Rinne an Coimisinéir Teanga comhbhrón le muintir agus cairde Aled Roberts.

Ar na daoine eile a léirigh ómós do Choimisinéir Teanga na Breataine Bige, bhí Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, a thug cuireadh do Choimisinéir na Breataine Bige labhairt ag cruinniú I dTeach Laighean anuraidh. 

Dúirt Ó Snodaigh go mbainfeadh na glúnta Gaeilgeoirí atá le teacht “tairbhe” as an gcomhairle a bhí aige i dtaobh na reachtaíochta teanga nua a ritheadh i dTithe an Oireachtais ag deireadh na bliana seo caite.

“Fear fuinniúil, cairdiúil agus spreagúil ab ea Aled Roberts a chuir an dóchas agus an uaillmhian ag croílár a chuid oibre mar Choimisinéir Teanga don Bhreatain Bheag, agus a bhí flaithiúil lena chuid ama agus a chuid smaointe fiú agus é tinn.”

Ba léir an grá a bhí ag Roberts don Bhreatnais agus ba léir freisin an tsuim a bhí aige tacú le hiarrachtaí cearta teanga a chur chun cinn in Éirinn, a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin. 

“Ba mhór an cúnamh é labhairt le saineolaí gníomhach agus díograiseoir teanga mar é, agus bhí mé fíorbhuíoch dó agus mé an-sásta mar Chathaoirleach fáilte a chur roimhe chun comhairle a thabhairt do Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge i mí Meán Fómhair na bliana seo caite.

“Chuir Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó gach páirtí agus na neamhspleáigh an-suim sa mhéid a bhí le rá aige agus muid ag triail Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheabhsú ag an am, agus is cinnte go raibh tionchar ag a chuid comhairle ar na forálacha atá anois mar dhlí sa stát seo a threisíonn cearta teanga an duine.” 

“Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh lena chlann, Llinos, Ifan agus Osian, a mháthair agus a dheirfiúr, agus leo siúd go léir a bhí ag obair leis thar na blianta in Oifig an Choimisinéara Teanga agus sa Senedd.

“Gyda chydymdeimlad dwys yn eich colled trist. Ní bheidh a leithéid arís ann.”

Fág freagra ar '‘Cara mór le hÉirinn a chuidigh le cúis na gceart teanga’– ómós léirithe do Choimisinéir Teanga na Breataine Bige '