Capall Chonamara agus budóg Ard Mhacha ag cothú muintearais trasteorann

Ar mhaithe le pórtha dúchais a chaomhnú, tá Capall Chonamara bronnta ag Páirc Náisiúnta Chonamara ar Fheirm na bPórtha Ganna sa Tamhnach Mór in Ard Mhacha agus budóg mhaol den phór dúchais ag teacht go Conamara

Capall Chonamara agus budóg Ard Mhacha ag cothú muintearais trasteorann

Pictiúr: Edward Byrne Photography

Dúirt an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go raibh an “áthas” orthu a fhógairt go bhfuil an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra páirteach i dtionscnamh nua ar mhaithe le cur leis an gcomhoibriú maidir le caomhnú na bpórtha dúchais atá gann nó neamhchoitianta.

Chuige sin tá malartú déanta ag Páirc Náisiúnta Chonamara le Feirm na bPórtha Ganna Ainmhithe i Craigavon i gcontae Ard Mhacha. Rachaidh ‘Park Sarah’, capall de phór dúchais Chonamara, go hArd Mhacha agus tiocfaidh Silverwood Sunflower lll (the third), budóg de phór dúchais na mbó maol, go Conamara.

Dúirt William Cormacan, Bainisteoir Réigiúnach an Iarthair ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go raibh siad iontach sásta leis an tionscnamh caomhnaithe trasteorann seo:
“Tá súil againn nach bhfuil an obair seo ach ina tús chun pórtha dúchais a chaomhnú ar dhá thaobh na teorann. Is féidir linn beirt eolas a scaipeadh faoi oidhreacht chultúrtha agus talmhaíochta na bpórtha dúchais seo atá gann agus a thábhachtaí is atá sé iad a chaomhnú.

Pictiúr: Edward Byrne Photography

“Tá ról tábhachtach ag na hainmhithe seo i mbainistiú agus i gcaomhnú ár ngnáthóga agus is mithid go dtuigfí sin.”
Is í Tannaghmore Farm i gcontae Ard Mhacha an t-aon fheirm in Éirinn atá aitheanta mar Iontaobhas Marthanais Pórtha Ganna agus tá obair thábhachtach ar siúl ansin chun pórtha dúchais atá i mbaol a ndíothaithe a chaomhnú.
Tá bó mhaol na tíre seo ar cheann de na pórtha sin.

Beidh pónaí Chonamara ar taispeáint don phobal in Craigavon agus tá súil acu tosú ag pórú uaithi.

Tá sé i gceist go leanfaí leis an gcomhoibriú trasteorann idir Páirc Náisiúnta Chonamara agus Feirm na bPórtha Ganna in Ard Mhacha chun pórtha dúchais a chaomhnú agus roinnfidh siad a gcuid eolais agus a dtaithí maidir leis na hainmhithe seo a úsáid chun talamh féaraigh agus innilte a chaomhnú.

Fág freagra ar 'Capall Chonamara agus budóg Ard Mhacha ag cothú muintearais trasteorann'