Caoineadh Airt Uí Laoghaire ar TG4…gan an caoineadh

Clár taitneamhach in áiteanna a bhí san eagrán is déanaí de Scéalta Grá na hÉireann, ach ba mhór an trua gur fágadh ceann de mhórshaothair na Gaeilge in áit na leathphingine

Caoineadh Airt Uí Laoghaire ar TG4…gan an caoineadh

Mo ghrá go daingean tú!
Lá dá bhfaca thú
Ag ceann tí an mhargaidh,
Thug mo shúil aire dhuit,
Thug mo chroí taitneamh duit,
D’éalaíos óm charaid leat
I bhfad ó bhaile leat.

N’fheadar Dia nó duine an líon mac is iníon léinn a dhein staidéar ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire. Go deimhin d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an véarsa tosaigh thuas ar na línte is mó aithne i gcorpas na Gaeilge. Lena chois sin d’fhéadfaí a rá go gurb é an saothar is cumasaí i dtraidisiún na caointeoireachta agus ar cheann de na saothair is suaithinsí sa litríocht bhéil agus litríocht scríofa. Ar an mbonn sin b’ábhar díomá dom nach raibh an Caoineadh é féin níos lárnaí sa chlár Scéalta Grá na hÉireann: Eibhlín Dubh agus Art Ó Laoghaire (TG4, Dé Céadaoin).

Tuigim gurb é a chuireann an tsraith seo roimhe ná cíoradh a dhéanamh ar scéalta grá agus cuntas tugtha cheana féin ar Oscar Wilde/Alfred Douglas, Robert Emmet/Sarah Curran agus Michael Collins/Kitty Kiernan. Ina dhiaidh sin féin b’ait liom gur fágadh an Caoineadh é féin in áit na leathphingine. Bhí plé níos tathagaí dlite don ábhar, dar liom, cé go dtuigim nach bhfuil ach méid áirithe gur féidir a dhéanamh laistigh de leathuair an chloig.

Tugadh cuntas taitneamhach giorraisc dúinn ar shaol Eibhlín agus Airt agus na heachtraí ba chúis le marú Airt i mí Bealtaine 1773. Bhí cuid mhaith den phlé seo i mBéarla, áfach, rud eile a bhain siar asam. Léiríodh dúinn gurbh iad pearsantachtaí na beirte agus comhthéacs polaitiúil na tréimhse a chur sraith eachtraí sa tsiúl a d’fhágfadh Art lámhachta agus Eibhlín ag cumadh ceann de mhórshaothair na tréimhse i mBéarla nó i nGaeilge.

Bhí trácht bheag ar stair na caointeoireachta anseo is ansiúd. Ba bhean chaointe í máthair Eibhlín agus bhí go leor caointeoireachta ina teach féin óir gur cailleadh deichniúr den bheirt is fiche clainne a bhí uirthi. Ba den uasaicme Ghaelach iad beirt agus ceannaíodh coimisiún d’Art in arm Maria Theresa na hOstaire. Bhain sé gradam an chaptaein amach agus throid sé le Husáir na hUngáire i gCogadh na Seacht mBliana.

D’fhill sé ar Éirinn lena chapall agus a chulaith mhíleata ghalánta. É teasaí agus lán de theaspach is mór is fiú. Cuireadh naimhdeas sa tsiúl idir é féin agus an giúistís Abraham Morris. Bhí réimeas na bPéindlíthe ag teacht chun críche ach bhí Morris in ann úsáid a bhaint astu le cur leis an aighneas, dlí chapall na gcúig phunt san áireamh. N’fhéadfadh Caitliceach capall níos luachmhaire ná sin a bheith aige agus má bhí, bhí sé de chead ag Protastúnach é a cheannach uaidh ar na cúig phunt sin. B’in buille maraithe na muice.

Bhí tráchtaireacht Ghaeilge againn ó Ann Marie Horan agus bhí míreanna athchruthaithe, nach raibh chomh slachtmhar sin ar fad in áiteanna, fite fuaite síos tríd. Baineadh úsáid as beochan shocair ealaíonta anseo agus ansiúd.

Clár taitneamhach in áiteanna ach ba mhór an trua gur fágadh ceann de mhórshaothair na Gaeilge in áit na leathphingine.

Fág freagra ar 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire ar TG4…gan an caoineadh'

  • Pádraig Ó Baoill

    Seo leagan de ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ curtha suas ar Soundcloud. Ceol oiriúnach curtha leis an dán:
    https://soundcloud.com/muirmaid_xo/caoineadh-airt-ui-laoghaire-leagan-gaeilge

  • Donncha Eile

    Tá sé ag an stáid anois le TG4 gur mó iontas a bhíonn orm nuair atá níos mó Gaeilge ná béarla i gclár acu.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Aontaím go hiomlán leis seo. Ábhar mór díomá gur fágadh an Caoineadh féin ar gcúl. Seans gur ghlacadh leis go raibh sé ar eolas ag an lucht féachanna cheana féin. Ach cuireann sé ionadh orm gur arís is arís eile i gcláracha dá leithéid go n-aimsítear saineolaithe gan Gaeilge le cur leis an scéal. An d’aon ghnó a deintear é seo chun lucht féachanna an Bhéarla a choimeád ar bord? Agus i gcás ábhar an chláir seo go háirithe, ba dheacair muinín a bheith ag duine as a bhí le rá ag cúpla aoi nuair nach raibh an teanga féin ar a dtoil acu.

  • Liam

    Ba cheart go mbeadh fotheidil as Gaeilge ar fáil.

    Agus ba cheart go mbainfeadh TG4 úsáid as an cnap ar an gcianriachtán chun na fotheidil Béarla a chlúdach. B’fhéidir má thaispeánfadh siad bosca dubh thar na focail Béarla ar an roghnú fotheidil.

  • KH

    Tá Neasa Ní Annracháin, Eibhlín Ní Mhurchú agus Seán Ó Tuama i measc na gcainteoirí a chloistear anseo: https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/21300743

  • Eoghan ONéill

    Ceart agat i dtaobh na béime bheith ar chúlra na gcaireachtéirí ná ar an chaoineadh féin. Bhí sé suimiúil go raibh Art in airm Mharia Therèsa san Ostair agus í ag iarraidh Silesia a bhaint ar ais ón Kaiser Fritz. Bhí an tráth úd mar chuid den scannán Barry Lyndon agus an Hohenfriedbergermarsch le clos ann. Léirigh an clár go raibh na Péindlithe i réim san am. Níor tháinig maoilú orthu go dtí 1782 i ndiaidh socrú éigin idir na húdaráis agus na heaspaig caitileacacha.

  • sionnach

    An-díomách leis an-oiread Béarla a bhí sa chlár seo.