White ar dhuine de cheannairí Chiarraí
Sa cholún atá aige san Irish Examiner, thug iarbhainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice ardmholadh do Sheán O’Shea as an taispeántas a thug mac Uí Shé in aghaidh an Chláir. Bhí an tosach óg ar fheabhas agus é ag gluaiseacht idir an líne leatosaithe agus an líne lántosaithe. 1-7 a fuair sé i gCill Airne tráthnóna Dé Sathairn.
Mhol Fitzmaurice ceannaireacht Uí Shé go háirithe agus thug iarbhainisteoir na Ríochta suntas d’iarrachtaí O’Shea a chomhghleacaithe a ghríosú chun gnímh, fiú nuair a bhí an cluiche bainte ag Ciarraí sa dara leath.
Bhain “cantal” le taispeántas O’Shea, arsa Fitzmaurice. D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi Gavin White, a bhí ar dhuine eile de na himreoirí a sheas amach do Chiarraí.
Ábhar suntais a bhí ann nár imir Paul Murphy sa chluiche agus fiú níor tháinig captaen na foirne isteach mar ionadaí. Ach bhí White ar fheabhas ar an gcliathán eile do Chiarraí agus é ina cheannaire cantalach i measc na gcosantóirí. Ag pointe amháin bhain sé an liathróid dá bhuíochas de dhuine d’imreoirí chontae an Chláir a bhí sínte ar an talamh agus é ag iarraidh moill a chur le cic taobhlíne do Chiarraí. Dá siúlfá isteach an nóiméad sin déarfá gur ag cailliúint a bhí Ciarraí agus White ag iarraidh tús a chur leis an teacht aniar.
D’uireasa Paul Murphy agus Tadhg Morley, níl aon amhras ach gurb é White ceannaire na gcosantóirí.
Tá fear na gCrócach imithe ó neart go neart le cúpla bliain anuas. Ba léir i gcoinne Chorcaí anuraidh go raibh White lárnach i bplean Peter Keane. Ach d’éirigh leis na Corcaígh White a chur dá bhuille agus b’in ceann de na cúiseanna ar chlis ar Chiarraí. Shílfeá nach dtarlódh an rud céanna chomh héasca sin i mbliana.
D’aimsigh sé dhá phointe chomh maith ag an deireadh seachtaine agus chaithfeá é a áireamh i measc na leathchúlaithe is fearr sa tír faoi láthair.
Cáineadh Cahill ina údar machnaimh i bPort Láirge
Cé go ndearna na Déisigh iarracht teacht aniar a dhéanamh in aghaidh an Chláir i gCraobh Iomána na Mumhan inné, ní mó ná sásta a bheidh lucht na gcamán sa chontae, idir imreoirí agus lucht tacaíochta, leis an taispeántas.
Is léir nach raibh bainisteoir Phort Láirge, Liam Cahill, sásta leis an iarracht a rinneadh ach an oiread agus cháin sé a fhoireann go poiblí i ndiaidh an chluiche. Dúirt Cahill go raibh “teipthe” ar an iomarca imreoirí agus nach slán d’áit duine ar bith don chéad chluiche eile sna babhtaí cáilithe.
Cé go raibh an ceart ag Cahill nach raibh an taispeántas sách maith, go háirithe d’fhoireann a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann anuraidh, ní beart stuama i gcónaí é ag bainisteoir an locht uile a chur ar na himreoirí. Rud amháin é íde béil a thabhairt dóibh sa seomra feistis nó ar an bpáirc traenála ach is rud eile é léasadh a thabhairt do na himreoirí os comhair an tsaoil.
Tá trí seachtaine ann anois go dtí go rachaidh na Déisigh chun páirce arís sna babhtaí cáilithe agus seans go mbeidh cuid d’imreoirí Phort Láirge ag cuimhneamh ar a raibh le rá ag Cahill fúthu as seo go sin. B’fhéidir go mbeadh sé ina spreagadh dóibh nó b’fhéidir nach mbeadh.
Buntáistí agus míbhuntáistí an chúldorais le feiceáil
Rinneadh go leor cainte roimh agus théis chluichí an deireadh seachtaine seo faoi chinneadh Chumann Lúthchleas Gael gan aon chluichí cáilithe a reáchtáil sa chraobh pheile arís i mbliana.
Cinnte, tá mí-ádh ar na foirne a díbríodh ón gcraobh le cúpla lá anuas agus gan ach aon chluiche amháin imeartha acu – An Dún, Sligeach, An Clár, Port Láirge, An Lú, Cill Mhantáin agus Ceatharlach. Bheadh trua agat go háirithe don Chlár agus don Dún ar bhuail péire de na foirne is fearr sa tír iad. Bhí mí-ádh freisin ar Chill Mhantáin a chaill coimhlint chrua in aghaidh Loch Garman agus nach mbeidh deis acu imirt arís go ceann seacht mí.
Chonacthas cuid de na míbhuntáistí a bhaineann leis an doras cúil freisin, áfach. Measadh go mbeadh an-chluiche ann idir iománaithe Phort Láirge agus an Chláir inné ach cluiche leamh go maith a bhí ann. Bhí na Déisigh go maith chun deiridh ar feadh cuid mhaith den chluiche i Staid Semple agus bhí a fhios acu go mbeadh cluiche cáilithe acu dóibh an mhí seo chugainn. Gan mórán de shlua i láthair, níor chaith siad oiread sin dua ag iarraidh teacht ar ais. Is fíor gur éirigh leo an bhearna a laghdú i dtreo dheireadh na himeartha ach na Cláirínigh a bheith ag ligint na maidí le sruth ba chúis leis sin.
Cuirfear fáilte roimh na cluichí cáilithe sa pheil nuair a thabharfar ar ais iad an bhliain seo chugainn, ach is ar mhaithe le bheith féaráilte do na himreoirí a dhéanfar sin seachas mar réiteach ar chluichí leadránacha.
Áth Cliath fós chun tosaigh ar mhná Chorcaí
Ach oiread le fir na hardchathrach, níl aon fhianaise feicthe againn i rith na sraithe a thabharfadh le fios nach iad mná Átha Cliath rogha láidir na coitiantachta roimh thús na craoibhe an mhí seo chugainn.
Bhuail an dá fhoireann is fearr sa tír le chéile i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine, ach bhí Áth Cliath róláidir arís do Chorcaigh. Bua cúig phointe a bhí acu i gcluiche ceannais na sraithe, an farasbarr céanna a bhí idir na foirne i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag seo caite.
Cé go bhfuil cuid d’imreoirí Átha Cliath thart le blianta fada anois, tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil greim docht daingean acu ar Chraobh na hÉireann i gcónaí.
Ní haon imreoir óg í Hannah Tyrell ach tá beocht curtha aici i bhfoireann Átha Cliath tar éis di filleadh ar an bhfoireann i mbliana i ndiaidh seal fada a chaitheamh leis an rugbaí. Bhí Tyrell ar fheabhas arís d’fhoireann Mick Bohan i gcluiche ceannais na sraithe agus seacht bpointe a fuair sí.
Is i neart a rachaidh foireann Átha Cliath don chraobh freisin. Is mar ionadaithe a tháinig Carla Rowe agus Niamh McEvoy isteach agus tá Sinéad Goldrick fós le teacht ar ais ó ghortú.
Níl Corcaigh go mór chun deiridh ar mhná na príomhchathrach ach tá seift éigin nua ag teastáil uathu más leo Corn Uí Mháirtín a thabhairt ó dheas níos deireanaí i mbliana.
Fág freagra ar 'Cantal Gavin White, íde béil Cahill, míbhuntáiste an chúldorais agus forlámhas mhná Átha Cliath'