Camchuairt sna Stáit Aontaithe curtha ar ceal ag Kneecap mar gheall ar chás cúirte

Bhí camchuairt Kneecap i Meiriceá le tosú ar an 1 Deireadh Fómhair, cúig lá i ndiaidh na chéad éisteachta eile i gcás Liam Óg Uí hAnnaidh atá beartaithe don 26 Meán Fómhair i Londain

Camchuairt sna Stáit Aontaithe curtha ar ceal ag Kneecap mar gheall ar chás cúirte

Tá an chamchuairt a bhí beartaithe ag an mbanna ceoil Kneecap i Stáit Aontaithe Mheiriceá curtha ar ceal ag an ngrúpa féin mar gheall ar chás cúirte ‘Mo Chara’, ball den ghrúpa, i Londain i mí Mheán Fómhair.

Bhí an chamchuairt le tosú ar an 1 Deireadh Fómhair, cúig lá i ndiaidh na héisteachta atá beartaithe don 26 Meán Fómhair i Londain.

Dúirt an banna ceoil i ráiteas gairid a scaip siad ar na meáin shóisialta go raibh “brón” orthu an “droch-scéala” a thabhairt ach go raibh “camchuairt a bheidh níos mó fós” á beartú acu don tír amach anseo.

Cuireadh siar sa chúirt i Londain an tseachtain seo caite cinneadh faoi chás Liam Ó Uí Annaidh (Mo Chara), an ball den ghrúpa a bhfuil cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith. Mhaígh lucht dlí Uí Annaidh gur cúisíodh lá ródhéanach é agus gur chóir an cás a chaitheamh amach dá bharr

Séanann Ó hAnnaidh go bhfuil aon ní mícheart déanta aige agus deir sé féin agus lucht Kneecap gurb amhlaidh go bhfuil “carnabhal mearbhaill” ar bun chun aird a tharraingt ón gcinedhíothú in Gaza agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.

“Dár lucht leanúna go léir atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, tá droch-scéala againn daoibh,” a dúradh i ráiteas Kneecap.

“Mar gheall ar a ghaire is atá an chéad éisteacht cúirte eile a bheidh againn do dháta tosaithe na camchuairte, agus rialtas na Breataine ag leanúint den ghéarleanúint, caithfimid an uile cheann de na cúig dháta dhéag sna Stáit Aontaithe a bhí beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair a chur ar ceal.

“Agus iomlán na dticéad do gach cheolchoirm díolta leis na deicheanna de mhílte dár lucht leanúna, is bocht an scéal é seo a bhfuil brón orainn a thabhairt. Ach a luaithe is a bheidh an cás cúirte buaite againn, rud a dhéanfaimid, geallaimid go dtabharfaimid faoi chamchuairt a bheidh níos mó fós daoibhse, a bhoic mhaithe,” a dúradh sa ráiteas.

Dúirt siad go mbeidh an t-airgead a d’íoc a lucht leanúna ar na ticéid á aisíoc trí na díoltóirí ticéad féin.

Tá camchuairt eile beartaithe ag na rapálaithe as Béal Feirste i gCeanada níos deireanaí sa mhí ach tá sé deimhnithe acu nach gcuirfidh fógra an lae inniu isteach ar na ceolchoirmeacha sin. Beidh ceithre cheolchoirm ar siúl in Vancouver agus in Toronto idir an 14-23 Deireadh Fómhair.

Gheall na ceoltóirí go mbeidh “rud éigin an-speisialta” le roinnt acu lena lucht leanúna sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn ach go bhfuil an fógra sin faoi rún go fóill.

“Tá dea-scéala againn freisin. Beimid ag roinnt rud éigin an-speisialta dár lucht leanúna sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn le go mbeimid ábalta nascadh libh fós i mí Dheireadh Fómhair. Tá sé faoi rún mór faoi láthair ach nochtfar gach rud an tseachtain seo chugainn – fanaigí linn,” a dúirt siad.

Chuir siad deireadh leis an bhfógra leis an ráiteas ‘Saoirse don Phalaistín’.

Fág freagra ar 'Camchuairt sna Stáit Aontaithe curtha ar ceal ag Kneecap mar gheall ar chás cúirte'