Camchuairt litríochta trí shneachta na Fionlainne

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: turas léitheoireachta timpeall na Fionlainne

Camchuairt litríochta trí shneachta na Fionlainne

Tá céad bliain ann i mbliana ó bhain an Fhionlainn neamhspleáchas amach ón Rúis, agus ar an gcúis sin shocraigh mé slám leabhar le scríbhneoirí Fionlannacha a léamh. Seo linn ar chamchuairt tríd an sneachta, trí thrinsí cogaidh, agus trí thírdhreach litríochta a mbíonn ceist na féiniúlachta náisiúnta chun tosaigh ann – chomh maith leis an ngreann agus an féinmhagadh.

Ach an oiread le hÉirinn, bhí stair chasta, achrannach ag an bhFionlainn de bharr na gcomharsana béal dorais aici. Ní hionann agus Éire, áfach, bhí an Fhionlainn faoi chois ag dhá chumhacht ghallda i ndiaidh a chéile. Ba chuid den tSualainn í ar feadh na gcéadta bliain ó na meánaoiseanna i leith, agus, idir 1809 agus 1917, ba chuid í an Fhionlainn den Rúis.

Sa tréimhse díreach tar éis na bliana cinniúnaí 1809 atá The Brothers suite, úrscéal gearr ó pheann an scríbhneora chomhaimseartha Asko Sahlber. Seo scéal Erik agus Henrik, beirt deartháireacha a fhilleann abhaile ar fheirm a muintire tar éis dóibh troid sa chogadh idir an tSualainn agus an Rúis – duine acu ar chaon taobh.

Léargas fónta ar chasphointe i stair na hEorpa Thuaidh atá sa leabhar seo, atá ar fáil ó Peirene Press, an dream céanna a d’fhoilsigh ceann de na leabhair is fearr dár léigh mé le fada an lá, White Hunger leis an scríbhneoir óg Aki Ollikainen. Le linn Ghorta Mór na Fionlainne (1866-1868) a thiteann eachtraí an úrscéil ghairid seo amach. Leanaimid máthair óg, a hiníon agus a maicín agus iad ar a mbealach ó dheas ar thóir bia. De réir a chéile múchann an t-ocras iad, plúchann an sneachta iad, agus tosaíonn an ghaoth a shéideann tríd na cnámharlaigh le taobh an bhóthair ag séideadh trí chroí an léitheora.

Piléir a shéideann Väinö Linna trí chroí a chuid léitheoirí – agus go deimhin trí chroí a chuid carachtar – ina úrscéal iomráiteach Unknown Soldiers. Titeann eachtraí an scéil seo amach le linn an dara cogadh domhanda, nuair a thaobhaigh an Fhionlainn leis an nGearmáin chun ionradh a dhéanamh ar an Aontas Sóivéadach in iarracht na limistéir a ghabh an Rúis go gairid roimhe sin, i gCogadh an Gheimhridh, a athghabháil. Theip ar an iarracht an Rúis a chloí, ach ní theipeann ar Väinö Linna a chuid léitheoirí a mhealladh isteach sna trinsí leis. Ghlac an t-údar páirt sa chogadh é féin agus tá a rian sin ar chuile fhocal sa leabhar. Éacht amach is amach atá san úrscéal seo.

Ní hamháin go gcuirtear uafáis na cogaíochta abhaile ar an léitheoir go neamhleithscéalach, ach éiríonn le Linna rud fíor-neamhghnách a dhéanamh: míniú éigin a thabhairt ar dhúil an chine dhaonna – agus go deimhin an duine aonair – sa chogaíocht. Ní gan chúis a cuireadh an mana fógraíochta “Ceann de na húrscéalta cogaidh is fearr dár scríobhadh riamh” ar an gclúdach. Tá fáil ar an leabhar sa tsraith Modern Classics ó Penguin.

Tríocha bliain tar éis deireadh a theacht leis an dara cogadh domhanda a foilsíodh The Year of the Hare, an saothar is mó cáil ó pheann Arto Paasilinna, ach mothaíonn an léitheoir an scáil a chaith an cogadh sin – agus an caidreamh casta idir an Fhionlainn agus an Rúis – ar an bhFionlainn go láidir san úrscéal gairid seo. Sin ráite, tá an greann agus an féinmhagadh ina orlaí tríd, mar atá, go deimhin, in Unknown Soldiers Väinö Linna.

Mar a bheifí ag súil leis ón té a chum na Moomin, tá féith ghrinn Tove Jansson le brath ina cuid gearrscéalta do dhaoine fásta freisin, go háirithe sna cinn a bhaineann le hainmhithe. Ach bíonn raidhse mothúchán faoi chaibidil iontu. Ní do shochaí na Fionlainne agus do mhórthéamaí na tíre sin a thugann Jansson tús áite ach don duine aonair agus a chroí. Tabharfaidh an bailiúchán The Woman Who Borrowed Memories léargas maith ar a saothar. Tá fáil air ó The New York Review of Books.

Ar deireadh, ní fhéadfaí an chamchuairt liteartha seo a chríochnú gan Sofi Oksanen a lua, bean óg a rugadh san Fhionlainn ach gur as an Eastóin dá máthair. Is sa tír sin atá an dá leabhar is mó cáil aici suite – na húrscéalta Purge agus When the Doves Disappeared – ach tar éis an tsaoil níl stair na Fionlainne agus stair na hEastóine éagosúil lena chéile.

Tá dhá rud i gcoitinne ag na leabhair seo ar fad: is deacair iad a leagan uait, agus chuirfeadh siad fonn ar dhuine athchuairt a thabhairt ar thírdhreach litríochta na Fionlainne amach anseo.

Fág freagra ar 'Camchuairt litríochta trí shneachta na Fionlainne'

  • Puililiú

    Tá sé le tuiscint as an alt seo gur i mBéarla a scríobhadh litríocht na Fionlainne? Dáiríre?!

  • Pól Ó Codlata

    Más féidir leat an Fhionlainnais a léamh, maith thú – tá gaol ag an teanga leis an Ungárais is an Éastóinis!