Caithimis súil orainn féin sula dtosaíonn muid ag gáire faoi na Sasanaigh

Tá polaitíocht Shasana i bhfad níos casta ná mar a léirítear anseo í go hiondúil

Caithimis súil orainn féin sula dtosaíonn muid ag gáire faoi na Sasanaigh

Is cosúil gur ábhar gliondair do roinnt mhaith dínn in Éirinn na deacrachtaí atá acu i Sasana faoi láthair agus é á lua ag díograiseoirí na hEorpa mar chruthúnas gur drochbheart é an Breatimeacht.

Is gá do Shasana 70,000 tiománaí leoraí breise a fháil toisc – deirtear – nach bhfuil daoine ón bPolainn sásta dul sa seans le víosaí sealadacha: sin tiománaí amháin do gach míle duine sa tír sin.

Sula bpléascfaimid amach ag gáire áfach, is fiú dúinn smaoineamh ar fhíric eile: deir lucht iompair in Éirinn go bhfuil muide anseo ó dheas 4,000 tiománaí gann, sé sin tiománaí amháin do gach 1250 duine.  Níl an oiread sin sa difear, nó an é go bhfuil an dílseacht don Aontas Eorpach ar aon dul leis an naimhdeas atá dó i Sasana?

Is cosúil chomh maith go rachaidh fadhbanna fuinnimh in olcas agus an baol ann go mbeidh briseadh cumhachta go rialta ann an geimhreadh seo agus geimhreadh na bliana seo chugainn.

Nach ait é mar sin féin go maítear gurb é an Breatimeacht is cúis le deacrachtaí den chineál sin i Sasana, ach go gcreidtear nach bhfuil aon bhaint ag polasaithe an Aontais Eorpaigh lena leithéid abhus.

Agus an fhaid is a bhíonn muid ag gáire faoi dhrochthionchar an Bhreatimeachta ar Shasana – dar le lucht cosanta an Aontais Eorpaigh – tá gníomhaithe sa tionscal iascaireachta ag tabhairt foláirimh go bhfuil duine as gach cúigear atá ag obair sa tionscal faoi bhrú éirí as ar fad toisc go bhfuil sé rialaithe ag an Aontas Eorpach gur le báid ón gcoigríoch 85% de gabháil éisc uiscí na hÉireann!

Ach níl tada le rá ag na hEoradhíograiseoirí faoi sin.

Go bunúsach tá míthuiscint fhorleathan faoi pholaitíocht Shasana: míthuiscint atá bunaithe ar an gcreideamh go bhfuil lucht an Bhreatimeachta mícheart is frithghníomhach agus lucht na hEorpa ina gcosantóirí ar an daonlathas.

Cabhraíonn an léamh simplí ar an scéal leo siúd nach dteastaíonn uathu go mbeadh aon díospóireacht ann faoin Aontas, ná faoi na pleananna atá ann le hArm Eorpach a bhunú agus saighdiúirí na Éireann a chur faoi smacht na hEorpa le leas a bhaint astu chun cogaí a fhearadh ar thíortha nach ngéillfidh do réimeas na hEorpa.

Is peaca marfach go hiondúil é aon cheist cháinteach a chur faoin Aontas, agus, mar an gcéanna, is peaca marfach é gan dímheas a léiriú ar lucht an Bhreatimeachta.

Ar bhealach is cuma liomsa faoi pholaitíocht Shasana, agus ceapaim go dtugann muid i bhfad an iomarca airde uirthi sa tír seo. Ach mar sin féin is léir go bhfuil Keir Starmer, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, i bhfad níos faide amach ar thaobh na heite deise ná mar atá Boris Johnson.

Seans maith gur bréagadóir é Johnson, ach bíonn sé ag labhairt faoi chánacha a ardú agus airgead a chaitheamh le beocht eacnamaíochta a chothú athuair i dTuaisceart Shasana, ceantar a buaileadh go trom ag polasaithe Thatcher.

Cuireann an chaint seo alltacht ar lucht an airgid i gcathair Londan, na daoine saibhre a bhí ag iarraidh Sasana a choinneáil san Aontas Eorpach ar mhaithe lena gcuid infheistíochtaí a chosaint.

Ar an taobh eile, tá Starmer ag dul in adharca Johnson faoi cé acu is mó atá ar son na Ríochta Aontaithe, agus é ag maíomh go seasfadh sé go diongbháilte i gcoinne neamhspleáchas na hAlban nó athaontú na hÉireann, is gurbh fhearr leis Sasana a thabhairt ar ais faoi rialacha an Aontais, rialacha a chuirfeadh cosc ar an athbheochan eacnamaíochta a mbíonn Johnson ag labhairt fúithi.

Más bréagadóir é Johnson, tá Starmer ionraic faoina dhílseacht do lucht an rachmais is do nua-liobrálachas an AE.  Níl sé ag iarraidh freastal beag ná mór ar riachtanais an lucht oibre i Sasana.

Is é sin le rá go bhfuil polaitíocht Shasana i bhfad níos casta ná mar a léirítear anseo í go hiondúil.  Agus más rogha idir Johnson agus Starmer atá i gceist, tá sé éasca a thuiscint cén fáth go roghnódh lucht an ‘Bhalla Dheirg’ i dTuaisceart Shasana Johnson thar an Tóraí Bándearg atá ag iarraidh na sóisialaigh ar fad a dhíbirt as Páirtí an Lucht Oibre.

Níl rian ar bith den sóisialachas ag baint le Johnson ar ndóigh, ach níl rian ar bith de ach an oiread ag baint le Starmer.

Sé an ceacht atá le foghlaim as seo ar fad ná nach leor sracfhéachaint ar an dromchla.  Is riachtanach breathnú níos doimhne sa scéal agus gan glacadh scun scan leis an gceartchreidmheachas.

Na fíricí a mheas de réir ár dtaithí is ár dtuiscintí féin, sin a theastaíonn.

Fág freagra ar 'Caithimis súil orainn féin sula dtosaíonn muid ag gáire faoi na Sasanaigh'