Más tús maith i mBabhta 1 den URC a bhí le fógairt agam an tseachtain seo caite, is cúlú náireach i gcás na Muimhneach agus aiséirí dochreidte i gcás na gConnachtach atá le tuairisciú agam inniu faoi Bhabhta 2.
Den chéad uair ariamh sa gcomórtas seo, fuair Zebre, an fhoireann is laige leis na blianta sa gcomórtas seo, an ceann is fearr ar Chúige Mumhan (42 – 33). San agallamh tar éis an chluiche dúirt Graham Rowntree, traenálaí an chúige, go mbeadh an lá caite dá dtosódh sé ag áireamh liosta na ndeacrachtaí a bhí ag a fhoireann. Níl an spás sin agamsa ach oiread! Is leor a rá go bhfuil chuile imreoir a d’imir do na Muimhnigh náirithe agus gur fada an lá go ndéanfaidh domhan an rugbaí dearmad ar an lá ar theip ar iarchuraidh an chomórtais seo, agus chomórtas na gCuradh freisin, an ceann is fearr a fháil ar Zebre.
Níor thóg sé ach trí nóiméad ar na Connachtaigh úd a aimsiú ar an mBóthar Beag i nGaillimh agus ina dhiaidh sin cheil siad cead isteach ina limistéar 22 méadar ar an bhfreasúra, na Sharks, ar feadh fiche nóiméad. Ach go tobann, lig na Connachtaigh na maidí le sruth, stop an tréan-iarracht chomh maith leis an imirt sciobtha agus bhagrach. Níos measa ná sin, tháinig iarrachtaí fíorlaga ar ghreamú sa lár páirce chun solais agus in achar gearr ocht nóiméad déag bhí trí úd agus seacht bpointe fichead cláraithe ag na cuairteoirí, gan freagra ar bith ó fhoireann an bhaile. Síleadh go raibh a rás rite ag foireann na Gaillimhe.
Ach dhúisigh an t-iarthar agus d’aimsigh siad ceithre úd sa dara leath agus naoi bpointe fichead i gceathracha nóiméad le bua le pointe bónais a chinntiú (36 – 30). Tabhair aiséirí air sin!
Ach níl muid ach chomh fada le Babhta 3 fós. Caithfidh na cúigí é a dhéanamh arís an deireadh seachtaine seo.
Beidh na Connachtaigh sa mBreatain Bheag anocht agus iad ag tabhairt dúshlán na Scarlets, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Chaill siad i mBabhta 2 agus chríochnaigh siad ar comhscór sa gcéad chluiche. Go teoiriciúil, ba cheart go mbeadh na Connachtaigh in ann na pointí a thabhairt leo, sin má imríonn siad mar a rinne siad sa dara leath i mBabhta 2. Ach mura ndéanann ní bheidh na Scarlets gan seans.
Níl mé ag tabhairt mórán de sheans do na hUltaigh agus iad i gcoinne na mBulls san Afraic Theas. Níl Cúige Uladh ach pointe amháin agus áit amháin chun cinn ar an bhfreasúra ainneoin go bhfuil dhá chluiche imeartha acu i gcomparáid leis an aon chluiche amháin atá imeartha ag na Bulls.
As baile i Treviso a bheas Cúige Laighean amárach agus iad i gcoinne Benetton, foireann eile atá ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Ábhar mór iontais a bheas ann má theipeann ar Chúige Laighean, foireann atá ar iomlán pointí tar éis dhá chluiche, an ceann seo a thabhairt leo.
I gCorcaigh a bheas na Muimhnigh, foireann a bhfuil sé phointe acu agus iad in aghaidh na nOspreys, foireann a bhfuil sé phointe acu féin freisin. Tá cluiche amháin caillte agus ceann buaite ag an dá fhoireann go dtí seo. Ach de bharr go raibh na Muimhnigh chomh lag agus chomh náireach i mBabhta 2 agus de bhrí gur sa mbaile a bheas siad, táim ag ceapadh go n-éireoidh leo.
Tá siad faoi bhrú. Caithfidh siad iompú agus ionsaí.
Fág freagra ar 'Caithfidh na Connachtaigh tógáil ar aiséirí dochreidte an deireadh seachtaine seo caite'