Deir Nicholas Carolan linn gur deirfiúr le sin-seanathair Choilm Uí Chaoidheáin, as Carna, an ‘Bríd’ atá i gceist san amhrán ‘Bríd Thomáis Mhurcha’.
Is iomaí bean atá i ngrá leis an bhfear, más fíor dó féin, ach is í Bríd a rogha.
Faightear léargas suimiúil san amhrán seo ar nathanna nach dtagann baileach leis an ngramadach scríofa, ach atá bailí agus cruinn mar leaganacha canúnacha mar sin féin.
Mar shampla, nuair a dhéanann an fear óg maíomh as an éileamh atá air féin, mar dhea, deir sé: ‘Is a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéal’. Sa líne roimhe, deir sé: ‘Is má bhí mise folamh, dar m’fhocal, ba mhór an scéal’, áit a bhfuil na focail ‘an scéal’ ar aon fhuaim le ‘mo bhéal’, agus vice-versa.
Éilíonn idir bheocht na cainte agus mheadaracht an amhráin, más ea, go bhfágtar roinnt mionphointí gramadaí, ar údar aighnis uaireanta iad, go leataobh.
Bíodh sin mar atá, is i dtaobh le saibhreas Ghaeilge na Gaeltachta atáthar sna hamhráin, agus is fiú aird a dhíriú ar ord na bhfocal ag an bhfear óg sa véarsa deireanach den amhrán céanna:
Is a Aonmhac Mhuire a chuir an cuileann tríd an bhféar ag fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá,
Má tá sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Bíodh tusa i do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.
Castar comhréir den chineál céanna orainn san amhrán ‘Ceaite an Chúil Chraobhaigh’, áit a ndéantar muintir na mná a mhallachtú toisc gurb iad ‘a cheil cead pósta’ (Ciarán Ó Con Cheanainn) ar an mbeirt atá i gceist ann:
Tabhair do mhallacht do do mháithrín is go deo deo do t’athair,
Is a maireann beo in Éirinn de do ghaolta dhá seasann,
Nár thug cead dhúinn a chéile a phósadh sul má tarraingíodh i gcaint muid,
Ní bheadh bainis do phósta ar do thórramh dhá caitheamh.
Fear a bhfuil tóir na mban air atá i gceist san amhrán ‘Séimí Eoghainín Dhuibh’:
Dá mbeifeá i lár an aonaigh againn, a Shéimí Eoghainín Duibh,
Agus concán geal den síoda ort, a Shéimí Eoghainín Duibh,
Bheadh cailíní na tíre i riocht a chéile a chíoradh,
Cé acu sin a luífeadh leat, a Shéimí Eoghainín Duibh.
Má tá do dhóthain de chúrsaí grá agat faoi seo, deir Mairéad Mhic Dhonncha, agus an t-amhrán faicseanaíochta ‘Upsaí Rá na nGearaltach’ á chíoradh aici, gur dóigh ‘gur ranna iad seo a cheapadar [na buíonta éagsúla] ó am go ham chun iad a mholadh nó chun a chéile a mhaslú, agus chun misneach a chothú i gcoitinne’.
An té atá géarshúileach agus nach maireann sa Ghaeltacht, seans go bhfaca sé corrchomhartha Gaeilge amach roimhe, áit a rabhthas ag cur fainic ar an bpobal ‘a chéile a chosaint’.
Dála na samplaí atá sna hamhráin thuas, tá an leagan ‘Ní mór dúinn a chéile a chosaint’ ag teacht le comhréir dhúchasach na Gaeilge.
An foghlaimeoir a mbeadh taithí aige ar leaganacha mar ‘Bímis go deas lena chéile’ nó ‘B’fhearr dúinn gan a bheith ag sárú ar a chéile’, seans go mbeadh fonn air an fhoclaíocht thuas a athrú thart agus
‘Ní mór dúinn cosaint a chéile’ a rá.
Bheadh breall air, áfach, dá ndéanfadh sé amhlaidh, agus is ag cuimhneamh ar leaganacha ina bhfuil réamhfhocal simplí a bheadh sé, fearacht an dá leagan thuas.
Éilíonn an réamhfhocal simplí – focal mar ‘le’ nó ‘ar’, etc – gur ag an deireadh a chuirtear na focail ‘a chéile’ i leaganacha den chineál sin, ach mura mbíonn aon réamhfhocal simplí ann, is é an t-ord traidisiúnta a chuirtear i bhfeidhm: ‘Ní mór dúinn a chéile a chosaint’.
Thairis sin, an té a mbeadh fonn air ‘Ní mór dúinn cosaint a chéile’ a rá, bheadh botún á dhéanamh aige atá ar aon dul le leithéid ‘Ba mhaith liom ceannach(t) milseáin’ nó ‘Caithfidh mé fáil mo chóta’ san áit a n-éilíonn idir ghramadach scríofa agus chaint bheo na Gaeltachta na leaganacha seanbhunaithe ‘Ba mhaith liom milseáin a cheannach(t)’ agus ‘Caithfidh mé mo chóta a fháil’.
Fág freagra ar '‘Caithfidh mé fáil mo chóta’ – fan inti, bíonn cuidiú le fáil sna hamhráin ó thaobh na gramadaí de'