Caithfear ‘an fhaill bheag ghairid’ atá againn a thapú chun an domhan a shábháil

Caithfear na héiceachórais a scriosadh a athchóiriú agus idir 30-50% de ghnáthóga mara agus talún an domhain a chaomhnú le go stórálfar an carbón iontu  

Caithfear ‘an fhaill bheag ghairid’ atá againn a thapú chun an domhan a shábháil

Tá achoimre i dtuarascáil nua ó Phainéal Idirnáisiúnta Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe ar an eolas is déanaí ó lucht na heolaíochta faoi iarmhairtí an athraithe aeráide. Tá eolas sa tuarascáil nua faoin dainséar ina gcuirfear an domhan má ardaíonn teas an domhain 1.5 céim eile as seo go ceann 20 bliain.

Rinneadh an tuarascáil seo chun treoir a chur ar fáil do cheannairí an domhain agus iad ag iarraidh an t-athrú aeráide a mhaolú.

Muidne ar an domhan seo anois, níl romhainn ach teas is tinte marfacha, tuilte, agus triomach rialta má ardaíonn téamh an domhain níos mó ná cúpla deichiú cuid de chéim amháin, de réir na tuarascála seo.

Deirtear sa tuarascáil nach féidir an fhianaise eolaíochta faoin athrú aeráide “a shéanadh” feasta. Maítear go bhfuil an t-athrú aeráide seo ag cur “folláine an duine agus sláinte an phláinéid” i mbaol.

Páistí an lae inniu a mhairfidh go dtí an bhliain 2100, feicfidh siad a ceithre oiread tubaistí aeráide thar mar a bhíonn againne sa lá inniu má ardaíonn an teocht fiú cúpla deichiú cuid de chéim eile.

Dar leis na heolaithe idirnáisiúnta seo, má ardaíonn an teocht 2 chéim Celsius eile, beidh ar na páistí sin déileáil lena chúig oiread tuilte, stoirmeacha, triomach, agus tonnta teasa.

Cuirtear fainic orainn sa tuarascáil má chuirtear ar an méar fhada laghdú an n-astaíochtaí carbóin go gcaillfimid “an fhaill bheag ghairid” atá againn le “todhchaí inmharthana shábháilte” a sholáthar do chách.

Cé go gcuirfidh an t-athrú aeráide isteach ar gach cuid den domhan ní hionann an bhagairt in aon réigiún. Coscairt an oighir agus ardú leibhéal na farraige a chuirfeas as do réigiúin áirithe ach falscaithe agus teas céadach a scriosfas réigiúin eile.

An teas marfach an chontúirt i gcuid mhór den Afraic thrópaiceach mar go gcuirfeadh ardú 1.5 céim Celsius d’ardú teasa 15 duine breise as gach 100,000 duine den saol chuile bhliain. Faoin mbliain 2060 bheadh 200 milliún Afracach cois cósta i mbaol ó ardú leibhéal na farraige.

Chomh maith leis an mbaol ó thuilte nuair a leáfaidh sneachta na Himiléithe, dhéanfadh galair a scaipfeadh na muiscítí a bhláthódh sa teas scrios ar na pobail i gceantair fhothrópaiceacha na hÁise.

Thug teaspach shamhradh 2019 éachtaint bheag do mhuintir na hEorpa ar a bhfuil i ndán don mhór-roinn seo má théann an domhan 3 chéim eile – daoine á marú ag an teas, uisce á chiondáil, barraí dóite nó ag loiceadh, córais sláinte faoi bhrú, agus pobail chósta faoi léigear ag tuilte na farraige.

Ní hí an Veinéis amháin a bheidh báite faoi dheireadh an chéid seo má leanann an t-athrú aeráide air mar atá, an rabhadh a thugtar sa tuarascáil.

Cé go bhfuil fainic curtha ag Painéal Idirnáisiúnta Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe go bhfuil an domhan i mbaol má ardaíonn teas an domhain 1.5 céim Celsius eile, deirtear go bhfuil an t-athrú aeráide ag cur as do shaol na mbilliún duine ar fud an domhain cheana féin.

Más linn beatha, bithéagsúlacht agus infreastruchtúr a shábháil, caithfear gníomh a dhéanamh lom láithreach agus astaíochtaí gásanna ceaptha teasa a laghdú go mór, a deirtear.

Is teoranta ar féidir a dhéanamh má ligtear den téamh ardú 1.5 céim eile agus beidh sé rómhall do réigiúin go leor má sháraíonn an t-ardú teochta dhá chéim Celsius.

Dar leis na heolaithe ní féidir ligean den teas ardú fiú 0.5 céim féin, caithfear na héiceachórais a scriosadh a athchóiriú agus idir 30-50% de ghnáthóga mara agus talún an domhain a chaomhnú le go stórálfar an carbón iontu.

Deirtear go gcaithfidh polaiteoirí maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil más leo an chontúirt dhomhanda a mhaolú agus caithfidh an pobal, an earnáil phríobháideach agus na rialtais comhoibriú ar mhaithe leis an gceartas, an comhshaol agus todhchaí na cruinne.

Fág freagra ar 'Caithfear ‘an fhaill bheag ghairid’ atá againn a thapú chun an domhan a shábháil'

  • Dónal Ó Béarra

    Alt maith