Caithfear dul i ngleic leis an meon ‘an rud tábhachtach, deirtear i mBéarla é’

Deir leas-Cheann Comhairle na Dála Catherine Connolly go bhfuil aird tarraingthe ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar ‘chroílár na faidhbe’ maidir le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Caithfear dul i ngleic leis an meon ‘an rud tábhachtach, deirtear i mBéarla é’

Deir leas-Cheann Comhairle na Dála Catherine Connolly gur gá aghaidh a thabhairt ar an meon gur i mBéarla a chaitear rud éigin a rá má shíltear tábhacht a bheith leis.

Bhí an Teachta Dála neamhspleách ag trácht ar an gconspóid faoi chinneadh Ard-Stiúrthóir TG4 Béarla amháin a labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais an tseachtain seo caite, fiú nuair a cheistigh Seanadóir i nGaeilge é.

“I’ll reply in English…[it’s] better for the record,” a dúirt Esslemont ag an gcruinniú.

 Ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu chosain Alan Esslemont arís an cinneadh sin agus dúirt sé nach bhféadfadh sé é a fhágáil faoi aistritheoir a theachtaireacht a chur in iúl i mbliain a bhí “an-tábhachtach” do TG4.

 

Dúirt Esslemont go raibh sé ag iarraidh “cás TG4 a chur ar aghaidh chomh láidir agus is féidir agus ní dhéanfadh aistriúchán é sin”.

“Thuig daoine gur bliain an-tábhachtach í do TG4 agus go gcaithfear cás a dhéanamh do TG4 agus é sin a dhéanamh go neamhbhalbh.

“Agus mise i mo shuí ansin balbh, agus aistritheoir ag cur ar aghaidh cás TG4 ar bhealach nach mbeadh aon smacht agam air, níl aon bhealach go bhféadfainn glacadh leis sin,” a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4.

Dúirt Esslemont nach raibh “na rialacha leagtha amach” ag an gcruinniú maidir le conas a bheadh sé in ann déileáil le ceist i nGaeilge agus gur fágadh “trína chéile” é nuair a d’iarr an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Malcolm Byrne ceist i nGaeilge air ag an gcruinniú.

Dá gcuirfí ceist i nGaeilge air i dTithe an Oireachtais amach anseo, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 go dtabharfadh sé freagra i nGaeilge “dá mbeadh sé ceadaithe”.

Ag labhairt di ar Nuacht a hAon ar RnaG, dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go raibh “gar” déanta ag ceannasaí TG4 do dhaoine fiú dá mba “trí thimpiste é”.

“Ceapaim go bhfuil gar déanta ag Alan Esslemont dúinne breathnú isteach ar an ábhar seo. Má tá rud tábhachtach le rá, ceapann polaiteoirí, agus anois ceapann an tUasal Esslemont,  go bhfuil sé tábhachtach é a rá i mBéarla. Agus sin croílár na ceiste agus na faidhbe an meon sin a athrú,” arsa Catherine Connolly.

Dúirt an leasCheann Comhairle go raibh sé deacair do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge i dTithe an Oireachtais agus nach raibh muinín aici as córas aistriúcháin Thithe an Oireachtais agus go raibh sé “i bhfad níos éasca Béarla a úsáid iontu”.

Dúirt sí go raibh “an-mheas” aici ar Alan Esslemont agus go raibh “a chroí agus a anam sa teanga”.

“Sin ráite, tá frustrachas orm féin le fada an lá leis an teachtaireacht i gcónaí, ‘má tá rud tábhachtach le rá, ní mór dúinn é a rá i mBéarla’. Agus tá sé i bhfad níos éasca agamsa é a rá i mBéarla freisin agus tá an deacracht sin ann i gcónaí, agus tá sé ráite go mion minic agam, mar shampla ceisteanna don Taoiseach – bíonn siad ar siúl ar an Máirt, Céadaoin agus Déardaoin – ní bhíonn siad i nGaeilge riamh,” arsa Catherine Connolly.

Cháin an t-iarfheisire Eorpach Liadh Ní Riada, a labhair Gaeilge amháin le linn a tréimhse i bParlaimint na hEorpa, cur chuige teanga Alan Esslemont ag cruinniú na seachtaine seo caite.

Ag labhairt di ar Tús Áite ar RnaG tráthnóna dúirt sí go raibh sé “náireach agus an-ait” go labhródh ceannasaí TG4 Béarla amháin ag coiste Oireachtais agus go dtugann a leithéid le tuiscint nach bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie gurb amhlaidh go láidríonn sé an cás do sheirbhísí níos fearr as Gaeilge i dTithe an Oireachtais nuair a bhaintear úsáid as na seirbhísí atá ar fáil cheana féin.

“Nuair a bhaintear úsáid as seirbhísí ateangaireachta an Oireachtais láidríonn sé an cás, mar shampla, go bhfoilseofaí reachtaíocht i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna,” a dúirt sé.

“Cuireann úsáid rialta na Gaeilge le normalú na teanga i gcomhthéacsanna poiblí agus oifigiúla chomh maith. Bheimis ag súil go mbainfeadh ceannairí na n-eagraíochtaí Gaeilge, agus daoine eile le Gaeilge, úsáid as an nGaeilge i dTithe an Oireachtais chomh minic agus gur féidir le tacú leis an éileamh sin ach, dar ndóigh, is cinneadh dóibh féin é sin,” a dúirt Julian de Spáinn.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go n-éiríonn leis “a theachtaireacht” a chur in iúl i nGaeilge trí chóras ateangaireachta Thithe an Oireachtais nuair a bhíonn sé ag caint ag cruinnithe coistí.

Ní raibh sé féin “buartha” riamh faoi chaighdeán an chórais sin, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Caithfear dul i ngleic leis an meon ‘an rud tábhachtach, deirtear i mBéarla é’'

  • Seán ÓM

    “… nach bhféadfadh sé é a fhágáil faoi aistritheoir“ “ níl aon bhealach go bhféadfainn glacadh leis sin”

    An bhfuil na seirbhísí ateangaireachta chomh dona mar sin I dTeach Laighin? Is leir go bhfuil. Mar sin – caithfimid na haistritheoirí gan tairbhe sin a chaitheamh faoin mbus….. is leir.

  • Pól Ó Braoin

    Bhuel is míniú breá soiléir é sin ar cé chomh bocht agus atá scéal ár dteanga. Bíodh béarla agat nó bíodh an diabhal agat! Labhair in bhur measc féin í ach ná labhair linne í!
    Ach tá sé diabhalta deacair a dhéanamh amach an féidir aon cheo a dhéanamh faoi, leis an fhírinne a rá…