Caithfear Bale a stopadh más faoi Thuaisceart Éireann teacht slán

Is é fear Real Madrid laoch na Breataine Bige agus caithfidh Michael O’Neill plean ar leith a bheith aige má tá Tuaisceart Éireann chun teacht slán ón gcluiche dara babhta de EURO 2016 tráthnóna

Garath Bale

An BB vs TE

Nuair a cuireadh tús leis na cluichí cáilithe do EURO 2016 thiar i mí Mheán Fómhair 2014, is beag duine a cheap go mbainfeadh Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Bheag áit amach sa Fhrainc, gan caint ar áit sa dara babhta. Agus éacht déanta acu an comórtas a bhaint amach, lean siad orthu ag tabhairt taispeántais mhaithe uathu le cúpla seachtain anuas.

Is é seo an chéad chraobhchomórtas sacair riamh ar ghlac an Bhreatain Bheag páirt ann agus is cinnte nár bhuail uamhan iad. Chríochnaigh foireann Chris Coleman ar bharr Ghrúpa B tar éis dóibh an Rúis agus an tSlóvaic a shárú.

Níl aon amhras ach gurb é Gareth Bale an laoch atá acu. Scóráil fear Real Madrid cúl sa trí chluiche sa ghrúpa agus is é an t-imreoir is mó a chaithfidh Tuaisceart Éireann súil a choinneáil air.

Go hiondúil, is í an imirt chrua, fhisiciúil an bealach is éasca chun imreoir cosúil le Bale a stopadh ach tá dhá chic saor scóráilte aige sa chomórtas go dtí seo agus, mar sin, caithfidh imreoirí Thuaisceart Éireann a bheith ciallmhar agus iad ag iarraidh é a stop.

gur chaill foireann Michael O’Neill a gcluiche deireanach sa ghrúpa in aghaidh na Gearmáine, tabharfaidh a dtaispeántas beagáinín misnigh dóibh. Bhí a gcúl báire, Michael McGovern, go háirithe, ar fheabhas agus más féidir leis na cosantóirí an comhoibriú céanna a dhéanamh arís, beidh deis acu.

Ina dhiaidh sin féin, caithfidh siad cruthú níos fearr agus iad ar an ionsaí. Sa chluiche in aghaidh na hÚcráine amháin a scóráil siad agus is iad ba lú a chruthaigh deiseanna in EURO 2016 go dtí seo. Mura n-éiríonn leo é sin a dhéanamh, beidh sé deacair acu Bale agus a chomhghleacaithe a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: An Bhreatain Bheag

Fág freagra ar 'Caithfear Bale a stopadh más faoi Thuaisceart Éireann teacht slán'