Caithfear an Ghaeilge agus an Bhreatnais a chosaint ón Bilingualish’ agus an ‘dátheangachas nua’

Tá gníomhaí teanga agus léachtóir ón mBreatain Bheag, an Dr Simon Brooks, ag moladh go dteastaíonn tearmainn teanga ó lucht labhartha na dteangacha Ceilteacha má táthar leis na teangacha sin a thabhairt slán

welsh flag

cáineadh déanta ag an Dr Simon Brooks, gníomhaí teanga agus scoláire ón mBreatain Bheag, ar an gcur chuige dátheangach atá tagtha chun cinn i measc na mionteangacha Ceilteacha le 30 bliain anuas.

“Ní le dátheangachas a bhainfear cearta pobail mionteanga amach. Ina áit sin, tá an dátheangachas ag brú lucht na mionteangacha níos faide i dtreo ‘nósmhaireacht’ shaol an Bhéarla,” a scríobh an Dr Brooks in aiste a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Ina aiste, cháin Brooks moladh a rinne iar-Phríomfheidhmeannach S4C, Tweli Griffiths, go gcuirfí fotheidil loiscthe ar na cláir uile a chraoltar ar an stáisiún Breatnaise.

Dúirt an Dr Brooks le déanaí nár cheart glacadh leis an moladh go dtarraingeodh an stáisiún Breatnaise S4C chuige féin múnla na bhfotheideal Béarla atá in úsáid ag TG4.

Deir Brooks go raibh an cur chuige teanga a bhí ag S4C i 1981, bliain a bhunaithe, ag teacht le hídé-eolaíocht an dátheangachais a bhí sa treis an t-am sin.

Ba é a thuigtí le cur chuige dátheangach an uair sin, dar leis, ná go ndéanfaí rudaí áirithe i mBéarla, agus go ndéanfaí rudaí eile i mBreatnais – “chaitheadh Béarla a bheith ag gach duine, ach bhí áiteanna sóisialta agus institiúidí ann a caomhnaíodh mar ‘thearmainn’ na mionteanga”.

Deir Brooks, go bhfuil an dátheangachas fós i réim sa lá atá inniu ann, ach go bhfuil athrú tagtha ar bhrí an fhocail.

Deir sé go bhfuil ‘bás aisteach’ á fháil ag an mBreatnais de dheasca an cur chuige nua seo a bheith ann i dtaobh an dátheangachais. Dar leis gur chuir an ‘dátheangachas nua’ seo an ruaig ar an mBreatnais agus go bhfuil teanga nua, ‘Bilingualish’, tagtha ina háit. Ní labhraítear ach an Béarla agus an ‘Bilingualish’ seo sa Bhreatain Bheag inniu, a mhaíonn Brooks.

Dr Simon Brooks
An Dr Simon Brooks

“Ní tír níos mó í an Bhreatain Bheag ‘dhátheangach’ seo inar féidir le gach duine a rogha teanga a úsáid. Ina áit sin, is tír í an Bhreatain Bheag nach bhfuil iallach ar éinne an Bhreatnais a fhoghlaim, ach ina bhfuil cead ag cách páirt a ghlacadh i ngach ní atá ag tarlú.

“Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go gcaitear imeachtaí Breatnaise ‘a aistriú’ go Béarla agus gur minic nach mbíonn i gceist leis na himeachtaí seo ach ‘aistriúcháin’ orthu féin. Gan amhras, níl a mhacasamhail de riachtanas i gceist le himeachtaí Béarla, nach gá dóibh a bheith dátheangach toisc go bhfuil Béarla ag gach duine.”

Deir Brooks go mbíodh cead ag comhairlí pobail sa 20ú aois gníomhú i mBéarla nó i mBreatnais, ag brath ar theanga an phobail, ach nach bhfuil an cead sin ann níos mó.

Deir Brooks faoin Eisteddfod – macasamhail Oireachtas na Samhna – go gcáintear go minic í mar gheall ar a pholasaí aonteangach fad is go bhfuil féilte eile ann ar nós an ‘Hay Festival’ nach mbíonn aon fhocal Breatnaise acu. Deir Brooks nach ann d’fhéilte ceoil Breatnaise níos mó ach gur féilte Béarla nó féilte ‘Bilingualish’ atá i gceist.

“Caithfear sainmhíniú as an nua a dhéanamh ar an ‘dátheangachas’ sna tíortha Ceilteacha ar mhaithe le ceiliúradh ceart a dhéanamh ar an éagsúlacht chultúrtha seachas a bheith ag caitheamh airgead mór ar an gcur i gcéill.”

Molann Brooks gur chóir do lucht na dteangacha Ceilteacha filleadh ar an gciall a bhí leis an ‘dátheangachas’.

“Má tá an Bhreatnais, an Gháidhlig agus an Ghaeilge le teacht slán, caithfidh áiteanna a bheith ann ar féidir le daoine an Bhreatnais, an Gháidhlig agus an Ghaeilge a úsáid agus sult a bhaint astu gan aon chur isteach ón mBéarla.”

Léachtóir i Scoil na Breatnaise in Ollscoil Caerdydd agus gníomhaí teanga aitheanta is ea Brooks. Bhí ina eagarthóir ar an iris Bhreatnaise Barn ar feadh deich mbliana agus ina chomheagarthóir ar an iris Tu Chwith roimhe sin. Bhí ar dhuine de lucht bunaithe Cymuned, grúpa a bhíonn i mbun feachtais ar son phobal na Breatnaise agus phobal na tuaithe sa Bhreatain Bheag.

Fág freagra ar 'Caithfear an Ghaeilge agus an Bhreatnais a chosaint ón Bilingualish’ agus an ‘dátheangachas nua’'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Áit mhaith le tosú is ea go mbeadh an pharlaimint bhaile á riaradh i dteanga na tíre faoi mar atá sa Chatalóin. Sin ceannaireacht.

  • Breathnóir

    Is dócha go bhfuil an ceart aige. Ach cén rialtas a thabharfadh faoina leithéid in Éirinn?

  • Manus

    Tá brú á cur ag lucht na cumhachta anois go mbeidh deireadh le Gaeilge chun freastal ar an ollscoil. Bhí Laidin riachtanach go tús na 70daí. Anois is cúpla chéad a dhéanann staidéar ar an Laidin don Ardteist agus bhí na mílte á dhéanamnh go 1970.
    “Heritage appendage”” an todhchaí atá in ann di gan riachtanas dá laghad ag éinne í a labhairt ag an obair – meánmhúinteoirí i roinnt scoileanna sa nGaeltacht fiú.
    Ní ann níos mó don Aidhm náisiúnta agus na FFers is mó is cúis leis sin ós iad a bhí i gcumhacht.
    Bilamericanish á labhairt in Amsterdam, i mBerlin agus ag fás sa Fhrainc fiú. Teastaíonn réabhlóid cultúrtha arfudnahEorpa in aghaidh brú ón Bhéarlas .

  • Manus

    An chéad céim eile ná deireadh le Gaeilge mar riachtanas chun freastal arr an ollscoil.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl iomrá ar bith ar an ‘dátheangachas’ ar fud na tíre seo fiú.

    Tá an dátheangachas á bhrú go leanúnach ar na ceantracha Gaeltachta nuair ba cheart na ceantracha sin bheith ina dtearmainn don Ghaedhlig agus an dátheangachas bheith á spreagadh iontu siúd uilig atá taobh amuigh den Ghaeltacht.

    Sa dóigh sin, thig le muintir na Gaeltachta an Ghaedhlig a úsáid áit ar bith sa tír agus gan feidhm daofa tiompú ar an Bhéarla nuair a fhágann siad an Ghaeltacht.