Caitheamh ina dhiaidh ag Whitey Bulger faoin ‘gcosán mícheart’

Deir an coirpeach aitheanta gur chuir sé a shaol amú agus gur tharraing sé náire ar a mhuintir

 

Tá caitheamh ina dhiaidh ag ‘Whitey Bulger’ gur leis an gcoiriúlacht agus leis an ainriail a chuaigh sé – agus é seo scríofa síos aige.

471px-Whitey_Bulger_US_Marshals_Service_Mug1

 

Ní le póilíní ná le dlíodóirí ná le nuachtáin a roinn an coirpeach as South Boston an scéal seo; ag freagairt litir a fuair sé ó thriúr cailíní meánscoile a bhí ‘Whitey’. Bhí na cailíní seo, atá in Ardscoil Réigiúnach Apponequet i Massachusetts, i mbun tionscnaimh staire a bhain le Lá Náisiúnta na Staire i Meiricea. Is é ‘Whitey’ a roghnaigh siad mar ábhar.

Scríobh siad chuig ‘Whitey’ ach is beag dóchas a bhí acu go dtiocfadh freagra uaidh. Ach chuaigh an coirpeach atá ciontaithe as aon cheann déag dúnhmharaithe chun pinn.

Dúirt ‘Whitey’ gur chuir sé a shaol amú agus gur tharraing sé náire agus fulaingt ar a thuismitheoirí agus ar a theaghlach. ‘Is gearr anois go dtiocfaidh deireadh le mo shaol – saol a chaith mé ar bhealach amaideach,’ a scríobh Whitey.

Gabhadh ‘Whitey’, atá 85 anois, i Santa Monica i gCalifornia i 2011 tar éis dó a bheith ar a theitheadh ón dlí le 16 bliain roimhe sin. Cuirfidh sé achomharc in aghaidh a chiontaithe os comhair Cúirte aríst ar an 27 Iúil.

‘Ná cuirigí bhur gcuid ama amú ar mo leithéidse – is muide an dream is suaraí sa saol agus b’fhearr muid a ligean i ndearmad. Ní fiú a bheith ag iarraidh tuairimí uainn,’ a scríobh Bulger.

Dúirt ‘Whitey’ leis na cailíní gur thréig sé a chuid scolaíochta agus go ndeachaigh sé ar an gcosán mícheart ina óige. Ba mhór idir é, a deir sé, agus a dheartháir William a d’oibrigh go crua agus a tháinig i gceannas ar an Seanad i Massachusetts. Bhí naonúr clainne ag William, a deir ‘Whitey’ agus bhaineadar uilig céimeanna Ollscoile amach agus tá ceathrar acu ina ndlíodóirí, a deir sé.

Dúirt ‘Whitey’ go bhfuil finscéal déanta ag na meáin chumarsáide de féin ar mhaithe le hairgead a shaothrú. Bhí na meáin ag iarraidh dochar a dhéanamh do dhuine muintireach dó féin, a deir ‘Whitey’, mar go raibh olc acu don té sin ach chuir an duine sin in aghaidh an leagain amach a bhí ag na meáin.

Ceaptar go mbaineann an chaint sin lena dheartháir, William Bulger, a bhí ina Uachtarán ar an Seanad i Massachusetts agus ina Uachtarán ar an University of Massachusetts.

Tá aithne mhaith ar William Bulger in iarthar Chonamara agus bhí sé sa taobh sin tíre go deireanach sa bhfómhar seo caite. Is í Mary Foley (Folan) a bhean agus ba as Carna a hathair agus a máthair.

Céimí onórach d’Ollscoil na hÉireann i nGaillimh é William Bulger freisin. Cé nár tugadh aon deimhniú poiblí ariamh air sin, tá scéalta ann go raibh ‘Whitey’ Bulger é féin i gConamara uair amháin, ar a laghad.

Bhíodh eolas maith ag muintir Chonamara i mBoston ar theaghlach Bhulger.

Ina fhreagra ar na cailíní scoile, dúirt ‘Whitey’ nach bhfuil aon chostas ar chomhairle. “Cuirtear ceisteanna orm faoin gcoiriúlacht,” arsa “Whitey” Bulger agus níl mé in ann ach rud amháin a rá faoi go cinnte: má tá duine ag iarraidh buachtáil a bheith aige ar an gcoiriúlacht – téadh sé chuig an gColáiste agus déanadh sé staidéar ar an dlí.

Tuairiscíodh ar an Boston Globe inné nach bhfuil daoine a bhí thíos le gníomaíocht “Whitey” Bulger ag glacadh leis go bhfuil sé ag taispeáint aiféala sa litir seo. “Níl sé ach ag caint ar a shaol féin agus ar a theaghlach,” a deir Patricia Donahue. “Níl sé ag tagairt dóibh siúd a mharaigh sé agus a ghortaigh sé ar bhealaí go leor”, a deir sí.

Tá ‘Whitey’ Bulger ciontaithe as dúnmharú fear Patricia Donahue, Michael, i 1982.