Caisleán na dTuath le hoscailt don phobal anocht

Beidh turais treoraithe den chaisleán ar fáil den chéad uair riamh nuair a osclófar an caisleán ársa stairiúil san anocht

Doe Castle

Osclófar Caisleán na dTuath i gContae Dhún na nGall don phobal amárach an 10 Iúil. Is é an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, a osclóidh go hoifigiúil é ag 7.30 tráthnóna amárach.

Bhí drochbhail ar taobh istigh den chaisleán le roinnt mhaith blianta agus ní raibh cead isteach ag an bpobal ann i gcaitheamh an ama sin.

Tá obair athchóirithe déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus an grúpa Moving Mevagh Forward, grúpa pobail áitiúil, ar an gcaisleán le blianta beaga anuas.

Anois agus an díon agus na staighrí laistigh cóirithe, beidh fáilte roimh an bpobal isteach sa chaisleán ársa. Den chéad uair riamh, cuirfear turais treoraithe timpeall an chaisleáin ar fáil do thurasóirí.

Roghnaíodh Caisleán na dTuath mar cheann de na ‘pointí eolais aitheanta’ ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Meastar go gcuirfidh an t-athchóiriú agus na turais nua treoraithe go mór le tionscal na turasóireachta sa cheantar thart timpeall Chaisleán na dTuath.

Níltear cinnte cén uair a tógadh an caisleán go baileach. Luaitear an 15ú haois leis go minic ach dúirt Caoimhín Mac an Bhaird, staraí áitiúil sa cheantar, le Tuairisc.ie go bhfuil taifid dheimhnithe de ann ón 16ú haois.

‘Ba le clann Uí Dhomhnaill, a bhí i gceannas i nDún na nGall an t-am sin, an caisleán agus bhronn siad ar Chlann Mhic Shuibhne é, a tháinig anall as Albain sa 13ú haois.

‘Tá go leor staire ag baint leis an gcaisleán, chuaigh Aodh Rua Ó Domhnaill ar altramas ann, ba ann a tugadh tearmann agus dídean do na daoine a tháinig slán ón Armada agus ba chuig Caisleán na dTuath a chuaigh Eoghan Rua Ó Néill nuair a tháinig sé abhaile ón Spáinn,’ a dúirt Mac an Bhaird le Tuairisc.ie.

Bhí an caisleán ina theach cónaithe ag muintir Harte go dtí gur tréigeadh é sa bhliain 1906. Bhí sé ina bhallóg ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí gur thosaigh Oifig na nOibreacha Poiblí ar an obair athchóirithe thart ar fhiche bliain ó shin.

Táthar ag súil go mbeifear in ann taispeántais agus féilte a chur ar siúl sa chaisleán athchóirithe agus sna tailte timpeall air.

 

Fág freagra ar 'Caisleán na dTuath le hoscailt don phobal anocht'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Is breá é an suiomh seo. Tá mé ag baint mor thaithneamh as!

  • Seán Ó Briain

    Beannacht Dé ar anam Dhiarmaid Mhic an Adhastair.
    Seán Ó Briain