CÁIPÉISÍ 1986: Líomhaintí faoi Josef Mengele a bheith ag cur faoi in Éirinn

Líomhaintí maidir le hiar-Naitsithe a bheith ag cur fúthu in Éirinn faoi chaibidil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha 30 bliain ó shin

CÁIPÉISÍ 1986: Líomhaintí faoi Josef Mengele a bheith ag cur faoi in Éirinn

Bhí líomhaintí maidir le hiar-Naitsithe a bheith ag cur fúthu in Éirinn faoi chaibidil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha 30 bliain ó shin de réir cáipéisí stáit atá ar fáil anois don phobal.

Ar an 27 Meitheamh, 1985, scríobh Rabbi Abraham Cooper ón Simon Weisenthal Center (an eagraíocht a bhí sa tóir ar iar-Naitsithe a bhí ar a seachnadh) chuig Ambasadóir na hÉireann i Meiriceá, Tadhg O’Sullivan, ag cur in iúl dó go raibh tuairiscí faighte go raibh tréimhse ama caite ag an Dr. Josef Mengele in Éirinn tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Bhíothas sa tóir ar Mengele de bharr na tréimhse a chaith sé mar mháinlia i gcampa géibhinn Auschwitz agus é i gceannas ar thurgnaimh eolaíochta a dhéanamh ar na príosúnaigh.

Thug Rabbi Cooper liosta de dheich n-ainm bréige a d’úsáid Mengele agus é ar a sheachnadh agus d’iarr sé ar údaráis na hÉireann an scéal a fhiosrú. Is beag sásamh a fuair Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar an cheist ó Rúnaí na Roinne Dlí is Cirt, áfach: “…he told me that he had no intentions of making any enquiries for ‘these people’. He went on to say that Dept of Justice do not disclose information about individual aliens.”

Mheas an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur ‘freagra míshásúil’ a bhí anseo: “Mengele can hardly be considered a common or garden variety of alien.”

Scríobh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar ais chuig Rúnaí na Roinne Dlí is Cirt, áfach, ag moladh dóibh nach mbeadh sé “desirable to appear unhelpful by refusing to confirm or deny whether or not there was any information on the subject.”

Moladh scríobh chuig an Ambasáid chun a rá nach raibh aon taifead aimsithe acu a léireodh gur chaith Mengele tréimhse in Éirinn.

Tá go leor tagairtí déanta sna cáipéisí stáit do chás iarchoirpeach Naitsíoch eile, Pieter Menten, a raibh baint aige le marú Giúdaigh i Lviv agus i ngoid a gcuid maoine. Theip ar an chúisimh formhór na líomhaintí ina éadan a chruthú le linn a thrialach i 1949, áfach, agus chuaigh sé chun cónaithe i dteach mór i Léim Uí Bhriain, Co Phort Láirge. Bhain sé cáil agus saibhreas amach ansin mar fhear gnó agus mar bhailitheoir ealaíne ach athosclaíodh an cás ina éadan sna seachtóidí agus chuaigh sé ar a thriail arís san Ísiltír. Gearradh 10 mbliana príosúin air agus dódh a theach i bPort Láirge le linn na trialach.

Nuair a scaoileadh saor é i 1985, dhiúltaigh Taoiseach an ama, Garret Fitzgerald, cead a thabhairt dó filleadh ar Éirinn. Léiríonn meamram rúnda de chuid na Roinne Dlí is Cirt ón am nach raibh mórán bunús dlí leis an chinneadh seo agus gur dócha go mbuafadh Menten cás cúirte dá ndéanfadh sé achomharc in éadan an chinnidh. Mar sin féin, chomhairligh an Roinn don rialtas nár cheart é a ligean ar ais ar mhaithe le ‘híomhá an stáit agus dea-thoil na Meiriceánach.’ Ar an 21 Márta, 1985, shínigh Michael Noonan, an tAire Dlí is Cirt, ordú ag diúltú cead isteach chun na tíre dó.

I measc an chomhfhreagrais atá i gcomhad na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar an ábhar, tá litir ó Edward Weinstein, dlíodóir as Las Vegas, chuig Ambasadóir na hÉireann i Washington ag gabháil buíochas le pobal na hÉireann as an chinneadh a glacadh: “I consider this action a personal gift…These individuals will never be able to wash the blood from their hands, and nothing should be done to make them feel in any way exonerated for their actions.”

Bronnadh £41,000 ar Pieter Menten as an damáiste a deineadh do Commeragh House i gCo Phort Láirge fad is a bhí sé ar a thriail. Fuair sé bás i dteach altramais san Ísiltír. Bádh Mengele i 1979 fad is a bhí sé ag snámh sa Bhrasaíl. Níor cuireadh ar a thriail ariamh é.

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ 1986: Líomhaintí faoi Josef Mengele a bheith ag cur faoi in Éirinn'

  • Eoghan Ó Brolcháin

    Tá roinnt naitsithe fós thart agus iad ag caint de thiar faoi mheath na gaeltachta

  • Fearn

    Tá le tuiscint anseo nár dhearbhaigh an Roinn Dlí agus Cirt na hainmneacha, ach go ndúradh go ndearnadh. An bhfuil sin fíor i gcás Mengele?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    A Eoghain chóir,
    Is gníomh leisciúil thar na bearta é naitsíoch a thabhairt ar an té nach n-aontaíonn leat.

  • Breandán Delap

    Tá an ceart agat a Fheairn. Níl aon fhianaise Ann gur chaith Mengele tréimhse dá shaol anseo ach is cinnte nár chuir na húdaráis morán stró orthu fhéin á fhiosrú